Ainm agus anam an duine

Frances Mulraney

Staff Writer

Tá cumhacht ar leith ag baint le hainm an duine. Is leor ainm cáiliúil nó ainm míchlúiteach a lua le cur síos a dhéanamh ar eachtra, ar thréimhse staire, ar mhothúchán, ar dhearcadh saoil nó ar dhearcadh creidimh. Is leor Hitler, Gandhi, Cromwell nó fiú ainm ficseanúil cosúil le Voldemort a lua le go dtuigfidh daoine ar an bpointe boise cén rud a bhfuil tú ag labhairt faoi.

Is minic a chuireann muid tábhacht ar leith lenár n-ainmneacha féin sa tslí chéanna. Tugtar stádas ar leith d’ainmneacha a cheapann daoine a bheith cumhachtach agus tá sé tar éis éirí níos coitianta anois do mhná a gcuid sloinnte réamhphósta a choimeád i ndiaidh a bpósta ar an ábhar go bhfuil gairm bheatha agus saol proifisiúnta bainte amach acu faoin sloinne sin. Is fada siar a théann an nós le daoine atá ag iarraidh saol proifisiúnta a bhaint amach i ngnó na siamsaíochta go n-athróidís a n-ainmneacha ionas go mbeadh siad “níos suimiúla” nó le go mbeidh sé níos fusa ar an bpobal cuimheamh air.

I measc na gcultúr éagsúla, feictear iliomad bealaí le páistí óga a ainmniú ó lucht na leabhar ainmneacha agus an bhaistidh i gcreideamh áirithe go dtí na cultúir ina mbíonn rialacha diana agus córas leagtha amach le duine nua a ainmniú i ndiaidh a shinsearachta nó de réir eachtraí a tharlaíonn le linn toircheas na máthar nó go luath i ndiaidh bhreith an pháiste.

Is é an tábhacht seo a thugann muid d’ainm an duine atá mar phríomhchúis leis an imní agus an eagla nuair a dhéanann duine iarracht (nó nuair a éiríonn leis) ár n-ainmeacha féin a ghoid agus iad a úsáid ar mhaithe lena leas féin. Cé nach fíor an scéal é do chuile duine, is minic a mhothaíonn muid gur linne ár n-ainmneacha agus go dtugann siad aitheantas éigin dúinn. Mar sin, sa chás is go ngoidtear aitheantas duine, is mearbhall agus anbhá a mhothaítear de ghnáth. Is maith is cuimhin liom an scéal níos mó ná bliain ó shin gur éirigh le duine anaithnid mo chuid sonraí bainc a aimsiú agus cé chomh neirbhíseach agus a mhothaigh mé go raibh duine eile, strainséir, áit éigin i gceantar iargúlta ar an taobh eile den domhain nó fiú comharsan liom a gcasainn leis gach uile lá ag teacht i dtír ar m’ainm (agus ar mo chuid airgid dár ndóigh).

Ar deireadh fuair mé an t-airgead ar fad ar ais ach is iomaí duine a bhfágtar fiachais ollmhóra air mar thoradh ar ghoid aitheantais nó go dtuigtear don bhanc go raibh an duine ag caitheamh a chuid airgid go místuama mar gheall ar na heachtraí seo agus fágtar é le droch-chlú. Is féidir leis tarlú do dhuine ar bith, comhbunaitheoir Microsoft (agus billiúnaí) Paul Allen, mar shampla, ar goideadh a aitheantas dhá bhliain ó shin.

Is annamh nach gcuirimid locht éigin ar fhorbairtí teicneolaíochta ach is léir i gcásanna mar seo go bhfuil an teicneolaíocht ag cur go mór leis an bhfadhb. De réir taighde a rinne Rannóg na gCeartas Coiriúil in Ollscoileanna sna Stát Aontaithe, tá seans 50 faoin gcéad níos mó go ngoidfí aitheantas duine a bhíonn ag siopadóireacht ar líne, ag plé le baincéireacht ar líne ar líne nó a bhaineann úsáid as an ríomhphost go minic ná duine nach mbaineann úsáid as na rudaí sin uile ar chor ar bith.

Dar leis an suíomh idirlín teicneolaíochta The New Republic, ní thuigeann  muintir na hÉireann an chontúirt ina bhfuil muid agus rochtain idirlín gan sreang (Wi-Fi) nach bhfuil cosaint ar bith uirthi in úsáid againn in áiteanna poiblí. De réir taighde de chuid Smarttech.ie, tá sé contúirteach a bheith ag baint úsáide as an gcóras idirlín seo. Rinneadh an taighde seo i ndeich n-óstán éagsúla ar fud chathair Bhaile Átha Cliath agus ba é an toradh a bhí air ná go raibh haiceálaí ar bheagán taithí in ann na gréasáin seo a haiceáil agus sonraí tábhachtacha idir phasfhocail chuntais ríomhphoist agus uimhreacha chártaí creidmheasa a ghoid. Glactar leis anois go mbeidh Wi-Fi ar fáil i nach mór gach aon áit a théann muid, ach cá bhfios céard a bheidh le feiceáil ag na daoine eile ina suí san fhorhalla leat. Is féidir leis na hóstáin seo Prótacal Idirlín slán a chruthú ar bhealaigh éagsúla ach go mbíonn orthu eochair rochtana a thabhairt dá gcuid custaiméirí, rud dar leo nach bhfuil ar a gcumas acu a chur i gcrích ó thaobh acmhainní ama agus daonna de.

Níl na meáin shóisialta pioc níos fearr ó thaobh chúrsaí slándála de. Tá meáin nua ann anois le teacht ar eolas faoi dhaoine go héasca agus tá go leor againn ag cabhrú leo. Bíonn dáta breithe, áit bhreithe, áit chónaithe agus uimhir theileafóin le fáil ar na gréasáin shóisialta seo chomh maith le go leor eolais eile faoi do shaol laethúil. Is féidir le chuile duine cartlann a chuntais Facebook féin a íoslódáil de réir bheartais phríobháideachais Facebook agus na sonraí ar fad atá ar taifead ag an suíomh a fheiceáil. Tá sonraí ann faoi gach aon uair agus áit ar logáil tú isteach, ach níl ansin ach tús an scéil. Tharla sé le déanaí gur déanadh haiceáil ar shonraí Snapchat, meán sóisialta eile, agus gur goideadh sonraí na n-úsáideoirí. Dá dtarlódh a leithéid le Facebook bheadh sonraí pearsanta le fáil ag na haiceálaithe seo a chabhróidh leo mí-úsáid a bhaint as d’ainm féin.

Le blianta beaga anuas, tá fógraithe ag Eagraíocht na hÉireann um Sheirbhísí Íocaíochta go raibh laghdú 21 faoin gcéad ar luach na gcaillteanas calaoise sa tír seo. Ar an drochuair, áfach, is é an fhadhb is mó a bhíonn ann fós ná na cásanna siúd nuair nach mbíonn an cárta i láthair, mar shampla, siopadóireacht ar líne nó ar an bhfón. Baineann 79 faoin gcéad de chásanna calaoise leis an mí-úsáid sonraí sin.

Cé gur goid airgid atá i gceist leis an gcuid is mó de na cásanna ghoid aitheantais sa tír seo dar le Comhlachas Tomhaltóirí na hÉireann, tá saghsanna eile ann chomh maith. Is féidir le daoine d’aitheantas a ghoid agus coir déanta nó á dhéanamh acu nó d’aitheantas a úsáid le cóir leighis a fháil freisin, rud a chiallaíonn nach mbeadh cur síos ceart ar do stair liachta agus tú ag dul go dtí an ospidéal nó go dtí an dochtúir.

Léiríonn an taighde atá déanta ar ghoid aitheantais go mbíonn tionchar leanúnach aici ar na híospartaigh ach go háirithe mura bhfaigheann siad amach cé atá taobh thiar di. Fágann sé a lorg orthu i bhfoirm siomptóim shíceolaíocha mí-oiriúnaitheacha i ndiaidh na heachtra agus bíonn na siomptóim seo i bhfad níos láidre i gcás na mban ná mar a bhíonn nuair is fear atá i gceist. Chomh maith leis sin, is mó i bhfad a dhírítear ar mhná agus an saghas seo coire i gceist ná mar a dhírítear ar fhir.

Sa bhliain 2009, rinneadh suirbhé don iris chuntasaíochta a thaispeáin go mbíodh tionchar i bhfad níos measa ag an ngoid aitheantais ar mhná agus go mbíonn drogall orthu dul chuig na póilíní faoin bhfadhb. Anuas ar sin, fanann roinnt mhaith dóibh as póca níos minice ná fir mar gheall ar an drogall seo. Dúradh go stopann 7 faoin gcéad de mhná ag déanamh siopadóireachta ar líne ina dhiaidh na coire agus dúirt ceithre uair ar mhéad d’fhigiúr na bhfear go gcoimeádann siad gach rud i dtaisceadáin ina dhiaidh na coire.

Go ginearálta, feictear go mbíonn an-tionchar ar na híospartaigh mar gheall ar choireanna mar seo. Go luath ina dhiaidh, is iad na mothúcháin is coitianta ná fearg, frustrachas agus eagla ach éiríonn na mothúcháin níos measa fós le himeacht ama. Sé seachtainí is scór i ndiaidh dóibh fáil amach faoin ngoid, deir an chuid is mó de na híospartaigh ar cuireadh ceist orthu mar chuid den suirbhé gur mhothaigh siad cráite agus éadóchasach faoi. Téann an imní seo i bhfeidhm ar a shláinte na ndaoine seo, agus d’admhaigh an tromlach go raibh fadhbanna codlata acu, gur mhothaigh siad neirbhíseach i gcónaí, nach mbíodh fonn ithe orthu, go raibh athrú meáchain acu nó go mbíodh siad ag fulaingt le tinnis cinn. Cé go laghdaíonn na fadhbanna maidir le heaspa codlata i ndiaidh na sé seachtaine is fiche, ardaíonn na mothúcháin imní. Molann safecard.ie, suíomh idirlín a bhunaigh Eagraíocht na hÉireann um Sheirbhísí Íocaíochta, gur chóir dúinn ar fad ar bheith ag faire amach i gcónaí dár gcuntais bhainc le muid féin a chosaint ar an gcontúirt seo, agus a bheith ar an airdeall ach go háirithe faoi íocaíochtaí beaga a bheith ag teacht amach as cuntas, rud a bheidh níos deacra a aithint amach anseo agus muid anois in ann costais bheaga a íoc gan uimhir aitheantais phearsanta, fiú.

I saol seo an lae inniu, agus iad ag súil le leanbh, bíonn tuismitheoirí ag caitheamh seachtain i ndiaidh seachtaine ag breathnú trí leabhair ainmneacha leis an ainm “foirfe” a roghnú. Ní chabhróidh ainm “foirfe” leat áfach má éiríonn le strainséir do chuid sonraí agus d’aitheantas a ghoid. Is bocht an scéal é go gcaithfidh muid a bheith chomh hairdeallach céanna faoin a ndéanaimid, go háirithe agus sonraí pearsanta i gceist, ach is cinnte gurbh fhearr liom é sin a dhéanamh na Frances Mulraney eile ag bheith ag siúl thart.