Dia daoibh, is mise Gearóid Ó Dochartaigh agus mar a thug sibh faoi deara ón teideal, beidh mé ag plé leis an Ghaeilge agus cad é mar is féidir libh í a úsáid mar theanga laethúil ar champas i gColáiste na Tríonóide.
Nuair a tháinig mé chuig Coláiste na Tríonóide trí bliana ó shin, thug mé díograis fhíochmhar don Ghaeilge liom. Ní raibh mé ag súil riamh go mbeifí drogallach leis an Ghaeilge a labhairt, rud a bhain siar asam ar dtús, ach chaith mé trí bliana as sin ar aghaidh, á cur chun cinn de réir mo nóis féin. Mar sin de, shíl mé gur mhithid mo leideanna agus mo thaithí féin a roinnt libh ar cad é mar a d’éirigh liom í a labhairt ar hampas mar ghnáth-theanga, agus cad é mar a bheidh sibhse in ann sin a dhéanamh fosta.
Hey there, how would you like to go on the greatest adventure in Ireland?
“In College, you can learn Irish for free with courses from the
Irish Language Office here on campus.”
Our non-Irish speaking friends, whether from Boston, Istanbul, Tokyo, or even as far as Howth, still have every chance to learn of the rich history and experience the diverse linguistic taste that Irish offers. In College, you can learn Irish for free with courses from the Irish Language Office here on campus. Furthermore, the Cumann Gaelach (the Irish Language society), hosts weekly events showcasing the best that the language has to offer and demonstrates that Irish is just as normal and as thriving as the person currently reading this article.
The Irish Language Officer of our Students’ Union, Muireann Nic Corcráin, stated in a recent interview that “[t]here are so many different events that anyone can help out with or even contribute their own ideas. If you have that little bit of grá and you want to get involved, get in touch with myself or the Cumann and we will help you out!” Be sure to do so, as she goes out of her way to make sure everyone’s experience of the Irish language bears ripe fruit and, more importantly, remains unforgettable.
Ag athghléasadh bhur ngléasanna
Molaim go hard le bhur saol teicneolaíochta a athrú ón bhunteanga atá agaibh go Gaeilge. Tá leagan amach Gaeilge ar fail ar Facebook agus Twitter agus tá feidhmhcláir eile ann de chuid Android agus Apple a bhfuil Gaeilge acu, ach d’fhoghlaim mé cleas i bhfad níos fearr níos éasca chun iad a thabhairt ar an saol Gael.
Má tá an rogha Gaeilge ann sna socruithe ríomhaire nó gutháin, roghnaigh í agus nuair atá sí á húsáid ar na gléasanna agaibh, athraíonn teanga de mhórchuid na bhfeidhmchlár (nó aipeanna) atá suiteáilte ann go Gaeilge. Cleas agus aicearra iontach atá ann nuair nach gcloíonn an feidhmchlár leis an fhonn oraibh chun oibriú trí Ghaeilge.
Bigí ag meascadh le bhur gcairde Gael
Píosa comhairle atá le meas agaibh ná má bhíonn sibh ag iarraidh saol sóisialta ar champas a chaitheamh trí Ghaeilge, is fearr chun freastal ar imeachtaí as Gaeilge atá á soláthar ann.
Buailtear le gach saghas cainteoir iontu agus le réimse leathan díobh ann, is dócha go mbuailfidh sibh le cuid mhaith de bhur gcuid cairde is fearr ann, mar ba léir do Mhuireann Nic Corcráin, Oifigeach Gaeilge an Aontais Mac Leinn: “Tá na cairde is fearr déanta agam agus mé ag freastal ar imeachtaí an Chumainn [Ghaelaigh], nó imeachtaí na Scéime [Chónaithe].”
I dteannta leis sin agus bhur ndlúthchairde nua déanta agaibh, cuirigí an chéad chéim eile chun tosaigh. Bígí ag crochadh amach le chéile, ag caint leis an oiread Gaeilge agus is féidir. Tabharfaidh sibh difear mór ionaibh faoi deara go luath ina dhiaidh sin.
Teanga í an Ghaeilge. Bain í lena n-oireann daoibh
“Is cuimhin liom an ceanndánacht a bhí agam gan focail Bhéarla a úsáid i mbun chomhrá”
Is cuimhin liom an ceanndánacht a bhí agam gan focail Bhéarla a úsáid i mbun chomhrá, ach go raibh daoine eile á n-úsáid toisc nach raibh na focail chuí ar eolas acu. Mar gheall ar an deacracht sin, mhol mé dóibh mar a mholaim daoibh anois, chun foclóirí ar-line a úsáid ar nós Teanglann (www.teanglann.ie), Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (www.focloir.ie), nó Pota Focal (www.potafocal.ie) chun na bearnaí cainte a líonadh.
Má tharlaíonn sé go bhfuil fadhb fós agaibh téarma deacair nó sofaisticiúil a aimsiú, tugaigí bhur súile cráite ar www.téarma.ie, suíomh is ea é a bhfuil fórmhór na dtéarmaí is téibí, is casta agus is sainiúla air ó gach cineál feasa ar fud an domhain. Is fearr sin a dhéanamh ionas go gcuireann sé le bhur saibhreas agus le bhur smacht ar an Ghaeilge, rud a shantaíonn mórchuid dínn go fóill.
Bígí i mbun Scéiméireachta leis an Ghaeilge
“Ba bheag nár phléasc mo cheann nuair a chuala mé sin don
chéad uair”
Go dtí seo, táim cinnte go bhfuil neart eolais agaibh chun saol na nGael a bheith agaibh ar champas, ach cad a shílfeadh sibh dá ndéarfainn go bhféadfadh sibh bheith i bhur gcónaí le Gaeilgeoirí eile ar champas? Ba bheag nár phléasc mo cheann nuair a chuala mé sin don chéad uair, mar ba cheart go bpléascfadh toisc gur deis an chéid atá sa Scéim Chónaithe i gColáiste na Tríonóide.
Maidir leis an Scéim, bíonn mic agus iníonacha léinn idir an 1ú-4ú bliain ina gcónaí le chéile, ag úsáid na Gaeilge mar theanga tí agus ag cur tograí spraíúla móra ar fáil do lucht an Choláiste trí mheán na Ghaeilge agus ag éirí mar ionadaithe na Gaeilge i bpobal an Choláiste. Mar achoimre, tá deis ann chun saol lán le Gaeilge a bheith agaibh.