An Ghaeilge i measc paindéim

Conas is féidir leat do Ghaeilge a choinneáil suas le Instagram

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

Fáilte romhaibh chuig an aonad Gaeilge nua ag Trinity News! Is aonad é seo leis an aidhm chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste, ar fud an Choláiste. Tá an t-aonad seo d’éinne a bhfuil suim ar bith acu sa Ghaeilge, bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge

Chomh maith leis an alt seo ag cur tús leis an aonad Gaeilge ag Trinity News, táimid ag cur tús le sraith ailt freisin. Is sraith í a léiríonn pócaí éagsúla de chultúr agus teanga na Gaeilge. Beimid ag plé ghnóthaí Ghaeilge, rudaí le léamh, achmainní éagsúla agus aon rud eile a chuireann an Ghaeilge chun cinn. An bhfuil tú buartha faoi do Ghaeilge faoi láthair? An mothaíonn tú dícheangailte ó ghnáthchúrsaí an lae, nó ó shaol an choláiste mar gheall ar an bpaindéim? Ar thaitin an Ghaeilge leat don Ardteist, ach ní raibh tú in ann í a choimeád suas? B’fhéidir go gcabhróidh an tsraith agus an aonad nua seo leat.

Chun tús a chur leis an sraith, táimid ag tosú leis na meáin shóisialta. Cé go bhfuilim ag scríobh faoi Instagram don chuid is mó den alt seo, táim cinnte go bhfuil formhór na gcuntas ar Facebook agus ar Twitter chomh maith.

Bíonn na cuntais Ghaeilge ar Instagram lán le deiseanna foghlama. Bím i gcónaí ag piocadh suas nathanna nua, focail nua, agus moltaí nua ó thaobh na Gaeilge de. Tá pobal na Gaeilge ar Instagram lán le háiseanna– má tá tú ag iarraidh snas a chur ar do scileanna Ardteiste, nó ag iarraidh leathanaigh nóis maireachtála a leanúint, tá póca ann duit. 

Ar an gcéad dul síos, chun gáire, molaim duit @fadapage agus @memes_as_gaeilge a leanúint. Le méimeanna ábhartha as Gaeilge, ní féidir leat dul ar strae. Lean @gaeilge_vibes le haghaidh meascáin de mhéimeanna agus nathanna eagsúla as Gaeilge.

Maidir leis na tionchairí, bainim an-taitneamh as na hábhair ilchineálacha a bhíonn ar fáil acu. Níos minice ná a mhalairt, sílim go mbíonn an stór focal atá acu an-phraiticiúil agus an-oiriúnach, agus is féidir é a usáid go laethúil. Molaim duit go háirithe @muinteoirmeg, @gaylgeoiri agus @chrisisainmdom a leanúint ó thaobh na dtionchairí de.

Tá roinnt molta agam nach bhfuil oiriúnach do chatagóir amháin. Ní féidir @cumanngaelachtcd a fhagáil amach, chun a bheith suas chun dáta le himeachtaí an chlub i rith na bliana. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do @tg.lurgan chomh maith; dá n-amhráin as Gaeilge. Bíonn stór focal a bhaineann le cúram craicinn ag @craiceann.skincare má tá suim agat in áilleacht, agus bíonn ealaín as Gaeilge ag @gaelgalore le fotheidil faoi chúrsaí Gaeilge. 

Anuas ar sin, is breá liom @gaeltachtx, eispéireas Gaeilge nua ar líne an samhradh seo ag Conradh na Gaeilge. Cruthaíodh an cúrsa seo do dhaoine óga chun “blaiseadh na gcoláistí samhraidh a thabhairt” do scoláirí mar gheall ar chealú na gcúrsaí Gaeltachta. Leathanach le rudaí nua gach lá, le réimse leathan ábhar i gcónaí á phlé acu. Obair iontach á dhéanamh acu. 

Ní féidir liom @anGhaeltokt a fhagáil amach. Níl leathanach acu ar Instagram, ach tá Tik Tok acu. Tá sé soiléir ón gcuntas seo go bhfuil grá mór ag na cruthaitheoirí don Ghaeilge. Cuntas eile le beocht, a chruthaíonn inneachar ilchineálach, atá iontach maidir leis an stór focal.

Molaim duit súil a chaitheamh fiú ar cheann amháin de na leathanaigh thuas. Má tá tú ag iarraidh an Ghaeilge a instealladh go réchúiseach sa saol ó lá go lá, nó ag iarraidh do Ghaeilge a choinneáil ar son d’oibre nó do chúrsa, tá súil agam go mbainfaidh tú leas as an meascán anseo.

Gluais (Glossary)

A chur chun cinn    To promote
Bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge    Be they fluent or have a little Irish
Pócaí    Pockets
Gnáthchúrsaí    Daily routine
Moltaí    Recommendations
Snas a chur ar X    
To brush up on X
Nós maireachtála    
Lifestyle
Méimeanna ábhartha    
Topical/relevant memes
Cúram craicinn    
Skincare
Áilleacht    
Beauty
Fotheidil    
Captions
Eispéireas    
Experience
Cealú    
Cancellation
Réimse leathan    
Wide range
Beocht    
Life/energy
Inneachar    
Content (of a website)
A instealladh    
To inject
Go réchúiseach    
Casually
Leas a bhaint as X    
To benefit from X

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.