Léirmheas ar Le Ceangal: Grá i gCoraintín

Tugann Hazel Ní Bhroin léirmheas ar an tsraith nua Le Ceangal ar Bloc TG4

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

An eireoidh an grá eatarthu níos láidre ná an ceangal WiFi?

Tá Eva-Jane Gaffney agus Eoin Ó Dubhghaill ina gcomhréaltaí sa sraith nua seo, a thugann léargas dúinn ar na constaicí agus deacrachtaí atá le sarú ag lánúineacha le linn an dianghlasáil. Seo léirmheas ar an gcéad eipeasóid den tsraith nua seo.

Casann Aoife (Eva-Jane Gaffney)  agus Declan (Eoin Ó Dubhghaill) le chéile don chéad uair ar Tinder. Bhí siad ag siúl amach le chéile ar feadh cúpla seachtaine go dtí go raibh orthu am a chaitheamh scartha ó chéile. Faraor, b’éigean dóibh triail a bhaint as caidreamh ó chian mar gheall ar an bpaindéim.

Braitheann siad ar Zoom dá bpríomh-chumarsáid. Labhraíonn siad faoi na rudaí ba mhian leo a dhéanamh i ndiaidh an dianghlasáil. Tá an trácht ábhartha seo an-mhealltach do go leor daoine óga mar is léir go mbeadh dáimh acu le Declan agus Aoife. Cinnte, tá ionadaíocht mhaith ar dhaoine óga atá ar bís don saol tar éis an dianghlasáil sa sraith nua seo. Tosaíonn an bheirt acu ag caint faoi Tinder. Insíonn Aoife do Declan go mbíonn sí fós á n-úsáid. Tagann taom sceimhle air agus déanann sé iarracht próifíl nua a chruthú go tapa. Tá frustrachas air agus feictear go mbuaileann buille leis. Bhain mé an-taitneamh as an gcomhrá míchompordach seo a bhí acu. Caithfidh comhrá lán le bearnaí ciotacha a bheith ag gach lánúin am éigin, go háirithe más caidreamh nua atá i gceist. Is rud an-choitianta é a bheith neirbhíseach i measc daoine óga agus bhí mé sásta go raibh gach gné de chaidreamh collaí san áireamh sa chlár seo. Tar éis machnamh a dhéanamh air, molann Aoife nár chóir dóibh Tinder a úsáid níos mó agus ba mhór an faoiseamh do Declan é sin a chloisteáil.

Labhraíonn Declan faoi na deacrachtaí a bhíonn aige leis an dteicneolaíocht. Mothaíonn sé nach féidir leis é a úsáid mar ba chóir agus b’fhearr leis labhair le daoine aghaidh ar aghaidh. In éadan a ndeirtear, bíonn go leor daoine óga ag streachailt leis an dteicneolaíocht agus cinnte, cuireann an clár seo san áireamh na daoine óga sin.  Tuigeann an bheirt acu go bhfuil siad ag iarraidh bualadh le chéile, ach, aontaíonn siad go léanmhar nár chóir dóibh i rith an phaindéim, toisc go bhfuil scléaróis iolrach ag athair Aoife. Déanann Aoife tagairt mhagúil don oíche a chaith siad le chéile roimh an dianghlasála. Go tobann, éiríonn an scáileán bháin agus ní bhíonn Declan le feiceáil níos mó. Ar ndóigh, fadhb teicniúl atá i gceist. Cuireann an fadhb teicniúila seo go mór leis an gclár mar tá comhbhá soiléir ag an lucht féachana leis na carachtair. Taispeánann sé dúinn go soiléir na fadhbanna praiticiúla a bhíonn le sárú ag lánúineacha agus éinne a bhíonn ag iarraidh a bheith i dteagmháil le daoine muinteartha le linn an dianghlasála. Léiríonn sé dúinn nach mbíonn críoch shona ar gach rud i gcónaí.

Aithníonn an chlár seo na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an dteicneolaíocht, go mór mór agus tú ag brath ar an t-idirlíon mar an t-aon mhodh cumarsáide eadraibh féin agus do pháirtí. 

Tá seit simplí in úsáid sa chlár seo; níl rud ar bith galánta ag teastáil. Bíonn Aoife agus Declan suite os comhair ríomhaire ina seomraí faoi seach, i gcathracha difriúla. Le seit ábartha nach athraíonn don chlár ar fad, cuirtear béim ar an script comhráiteach a bhíonn in úsáid ag na haisteoirí. Cheapfaí go mbeadh an chlár saghas leadránach mar ní athraíonn an tseit agus níl aon ghluaiseacht iontach i gceist ann, ach níl sin an cás ar chor ar bith. Tá an script agus an seit an-oiriúnach agus éifeachtach mar thuigfeadh go leor daoine óga chás an lánúin seo agus na deacrachtaí a bhaineann leis. 

Bhí scaradh shóisialta i gcónaí in úsaid idir na haisteoirí agus an fhoireann léiriúcháin agus iad i mbun scannánaíochta. Chomh maith leis sin, bhí cuid den scannánaíocht déanta ó chian, rud a dhéanann an próiséas scannánaíochta i bhfad níos deacra. Mar gheall ar na constaicí seo, chuir sé iontas ceart orm go raibh an clár seo ar chaighdeán chomh ard sin.

Tríd is tríd, bhí mé an-tógtha leis an gclár Le Ceangal agus táim ar bís ag fanacht don chéad eipeasóid eile.

Gluais (Glossary)

Comhréaltaí- co-stars

Constaicí- obstacles

Príomh-chumarsáid-main form of communication

Dianghlasála- lockdown

Taom sceimhle- wave of panic

Bearnaí ciotacha- awkward gaps

Gné- aspect

Faoiseamh- relief

In éadan a ndeirtear- contrary to popular belief

Léanmhar- sadly

Scléaróis iolrach- multiple sclerosis (MS)

Tagairt magúla- joking reference

Scáileáin bán- blank screen

Fabhb teicniúil- technical glitch

Aithníonn- awknowledges

Galánta- fancy

Faoi seach- respective

Ábartha- relevant

Comhráiteach- conversational

Tarraingteach- appealing/attractive

Scaradh shóisialta- social distance

Foireann léiriúcháin- production team

Scannánaíochta- filming

Ó chian- remotely

Iontas ceart- pleasantly surprised

B’éigean dóibh- they were forced to 

Caidreamh ó chian- long distance relationship