Ag déanamh cairdis nua nuair atá foghlaim chumaisc i mbun sa Choláiste

Molann Yu Hua Chaomhánach conas cairdis nua a spreagadh nuair atá formhór na múinteoireachta á dhéanamh ar líne

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom).

Cé hiad ár slánaitheoirí agus muid in am an ghátair, ag streachailt leis an mbrú nó ag mothú uaighnigh i lár na dianghlasála? Ó m’eispéireas féin, is iad ár gcairde atá ann, ag tabhairt tacaíochta síoraí dúinn. Níl lá dá dtéann thart nach bhfuil mé i dteagmháil le mo chairde, ach go háirithe le linn na n-amanna gan fasach seo. Táimid ar fad faoi dhraíocht an choróinvíris agus chuaigh gach éinne i ngleic leis i mbealaí difriúla. Ach, go pearsanta, ní fhéadfainn mo shaol a shamhlú gan mo chairde taobh liom, nuair a bhíonn an crú ar an tairne, bíonn siad ann dom. 

É sin ráite, is iomaí mac léinn a bhíonn ag streachailt cairdis nua a spreagadh, ach go háirithe nuair nach bhfuiltear ag tabhairt faoi léachtanna aghaidh ar aghaidh. Ní hámháin do mhic léinn céad bhliana, ach do mhic léinn atá ag teacht ar ais tar éis saoire ó léachtaí chomh maith. Moltar do dhaoine páirt a ghlacadh i ngach saghas cumainn, fiú agus iad ar súil ar líne trí Zoom agus araile, agus iarracht a dhéanamh bogadh as a gcriosanna compoird. Déanaigí iarracht freastal ar na hócáidí fíorúla a chuirtear ar siúl do Sheachtain na bhFreisear, amhlail is gur gnáth-bhliain a bhí ann. Tuigim nach bhfuil spéis ag gach duine sa dhíospóireacht ach cuireann an ‘Philosophical Society’ agus an ‘Historical Society’ comórtas díospóireachta ar súil gach bliain do mhic léinn céad bhliana dárbh ainm ‘Maidens.’ Is slí iontach í seo cairde a dhéanamh ar feadh an tsaoil. Ní bheidh taithí díospóireachta ag gach éinne sa chomórtas. Dar leis an ‘Hist’ is comórtas é “do dhíospóirí coláiste céaduaire” agus gur babhtaí díospóireachta “réchúiseach” atá i gceist, leis an mbéim “ar an gceird a fhoghlaim” in atmaisféar “compórdach” le “spraoi” a spreagadh. Mar sin, is bealach iontach é bualadh le daoine nua atá sa chor céanna leat féin agus rud éigin nua a eispéiriú le chéile.

Is tamaill fada í ceithre nó cúig bhliain nuair nach bhfuil aithne agat ar do phiaraí. Ná bíodh eagla ort grúpa Facebook nó Whatsapp a chruthú don bhliain agus aithne a chur ar a chéile. Beidh an-fonn ar gach éinne cairde a dhéanamh agus luí isteach leis an mbliain. Bheadh gach duine buíoch as agus bheadh sibh in ann cabhair a thabhairt dá chéile má thagann aon fhadhbanna chun cinn le linn na bliana. Mura bhfuil tú compórdach é sin a dhéanamh, déan teagmháil leis an ionadaí ranga agus d’fhéadfadh sé/sí cúpla gníomhaíocht a phleanáil daoibh. Nuair a éiríonn tú compórdach le daoine sa bhliain is féidir bualadh leo do chaifé le hachar sóisialta eataraibh. Anuas air sin, beidh ‘DU Food and Drink’ ag eagrú go leor gníomhaíochtaí trí Zoom le linn na bliana agus is deis iontach í seo idirghníomhaigh le daoine nach bhfuil sa chúrsa céanna leatsa agus taitneamh a bhaint as réimse leathan ócáidí.

Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach glacadh leis go mbeidh ort aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus go mbeidh eagla ort uaireanta roimh chairde a dhéanamh. Is féidir dul i ngleic leis an imní trí do chuid ionchais a laghdú beagáinín. Ní gá a bheith cairde le gach uile duine, má éiríonn leat fiú cúpla cara a dhéanamh, is rath é sin. Beidh sé míchompordach ar dtús ach, de réir a chéile, éireoidh sé níos éasca. Nuair atá tú sa mheon go mbeidh sé dúshlánach anois is arís, beidh an lámh in uachtar agat roimh réidh.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé tabhachtach a bheith foighneach. Ní bheidh cairde agat thar oíche. Ná cailligí dóchas mura n-éiríonn leat grúpa a aimsiú láithreach bonn. Tá gach duine sa suíomh céanna, ag iarraidh cairde nua a dhéanamh. Lean oraibh ag déanamh iarrachta agus i gceann cúpla mí beidh dul chun cinn iontach déanta agaibh. 

Gluais (glossary)

In am an ghátair – in time of need 

I lár na dianghlasála – in the middle of lockdown

Síoraí – eternal 

Níl lá dá dtéann thart – not a day goes by

Le linn na n-amanna gan fasach seo – during these unprecedented times 

Nuair a bhíonn an crú sa tairne – when push comes to shove 

Saoire ó léachtaí – off-books

Agus araile – et cetera

Criosanna compoird – comfort zones

Ócáidí fíorúil – virtual events 

Seachtain na bhFreisear – Fresher’s Week

An cheird a fhoghlaim – learn the ropes 

Sa chor céanna – in the same boat 

Piaraí – peers

Luí isteach le – fit in 

Ionadaí ranga – Class representative

Achar sóisialta – social distance 

Glacadh – accept 

Dul i ngleic – tackle 

Ionchais – expectation

Is rath é sin – that’s a success

An lámh in uachtar – the upperhand 

Mar fhocal scoir – to conclude

Láithreach bonn – instantly