Cumha sa Choláiste

Molann Hazel Ní Bhroin conas is féidir leat déileáil leis an gcumha

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom).

Is rud nórmálta é a bheith cumhach agus tú sa choláiste, ach, níor chóir go mbeidh tú 

Bhí taighde déanta ag Cuideachta Tithíochta na Mac Léinn agus meastar go mbíonn cumha ar ¾ de mhic léinn na hÉireann ag pointe éigin gach bliain sa choláiste. Bíonn tionchar diúltach ag cumha ar fhormhór na ndaltaí ar champus an Choláiste. Mar sin, ba chóir go mbeidh eolas ag gach duine conas is féidir leat déileáil leis an gcumha, nó, conas is féidir leat cúnamh a thabhairt do dhaoine timpeall ort atá ag streachailt leis an gcumha.

Bígí cinnte cleachtadh a fháil ar bhur dtimpeallachtaí nua agus na háiseanna ar fad atá ar fáil ar champus an Choláiste chomh maith. Bainaigí leas iomlán as an rogha leathan gníomhaíochtaí atá ar siúl sa Choláiste chun tú féin a choinneáil ar do chiall. Cuireann na cumainn ar fad imeachtaí ar siúl i rith na bliana. Cabhraigh na himeachtaí seo go mór liom mar bhí mé i gcónaí ag bualadh le daoine difriúla agus ag dul áiteanna nua timpeall na cathrach. Coinnigí súil ar na meáin shóisialta atá acu chun an t-eolas ar fad a fháil faoi na himeachtaí. Is féidir féilire a fháil ag an nasc seo, a thaispéanann na himeachtaí éagsúla atá ar siúl gach seachtain. Déanaigí taighde ar na rudaí ar fad atá ar fáil sa Choláiste chun an leas iomlán a bhaint astu ar fad. Tá go leor eolais ar fáil faoi na háiseanna ar fad ar shuíomh gréasáin an Choláiste.

B’fhiú duit a bheith i dteagmháil le do chlann agus do chairde sa bhaile go rialta chun an cumha a laghdú. Deirtear go mbeadh sé fóinteach duit cothromaíocht a aimsiú idir na caidrimh nua atá cruthaithe agat sa choláiste agus na dlúthchaidrimh atá agat sa bhaile. Chun an chothromaíocht seo a bhaint amach, beidh sé thar a bheith tábhachtach duit na laethanta ar fad a líonadh le himeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla, mar shampla, ag dul go dtí an ionad aclaíochta nó a bheith ag freastal ar na himeachtaí sóisialta atá ar siúl. Ba chóir duit gnáthamh nua a chruthú chun tú féin a choinneáil gnóthach ó lá go lá. Nuair atá tú gnóthach, ní bheidh an t-am agat a bheith cumhach.

Ba cheart go dtugann tú am duit féin chun dul i dtaithí ar an gcultúr, timpeallacht agus uaireanta teanga go hiomlán difriúl. Déantar gach rud níos deacra muna bhfuil tú compordach i measc do thimpeallachta nua. Ba stuama an mhaise d’aon mhic léinn a bheith ar an eolas faoi leagan amach an Choláiste agus na cathrach, Baile Átha Cliath é féin. Tugann sé seo píosa sóláis agus faoisimh do mhic léinn atá i bhfad ón mbaile.

Tá raon seirbhísí ar fáil sa Choláiste d’éinne atá ag lorg comhairle faoin gcumha nó má tá tacaíocht ar bith uathu. Tá clár darbh ainm S2S (Mac Léinn 2 Mac Léinn) d’éinne atá ag streachailt. Faigheann gach fochéimí meantóir go huathoibríoch agus is féidir leat labhairt leo nuair atá fadhb nó ceist éigin agat i rith na bliana. Tá comhairleoireacht ar fáil do mhic léinn sa Choláiste chomh maith. Is féidir coinne a shocrú anseo , nó do ghrúpa ceardlanna a chlárú anseo. Seirbhís saor in aisce atá i gceist anseo, a thugann tacaíocht d’éinne atá á lorg, mar shampla, má tá deacrachtaí ag mic léinn leis an gcumha. Is féidir coinne éigeandála a shocrú nó freastal a dhéanamh ar ghrúpaí ceardlann. Tá clár tacaíochta meabharshláinte ar líne ar a bhfuil go leor achmainní éagsúla ar fáil d’éinne atá ag mothú trína chéile agus comhairle á lorg acu freisin anseo.

Ná déanaigí dearmad go bhfuil sé go hiomlán normálta a bheith cumhach agus tú ag freastal ar an gcoláiste. Faraor, níl aon tobréiteach ar an gcumha faoi láthair ach tá súil agam go gcabhraíonn an cúpla nod a luaigh mé thuas chun é a laghdú, agus chun deimhniú go mbaineann tú tairbhe as an gcoláiste a oiread agus is féidir leat.

Gluais (Glossary)

Meastar – It is estimated that

Formhór- Majority

Cleachtadh a fháil ar rud – familiarise yourself with something

Áiseanna – Facilities

Coinneáil ar do chiall – Keep you sane

Leas iomlán a bhaint as rud – Take full advantage of something

B’fhiú – You’d be advised to

Fóinteach – Beneficial

Dlúthchaidrimh – Close relationships

Gnáthamh – Routine

Léanmhar – Sadly

Dul i dtaithí ar rud – Adapt to something

Ba stuama an mhaise – You’d be well advised to

Clár – Programme

Fochéimí- Undergraduate

Go huathoibríoch – Automatically

Comhairleoireacht – Counselling

Coinne – Appointment

Meantóir- Mentor

Tobréiteach – Quick fix