Na deacrachtaí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge sa Choláiste

Pléann Jason Ó Leanacháin leis na constaicí a chastar ar mhic léinn agus iad ag foghlaim Gaeilge sa Choláiste

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

Is teanga í an Ghaeilge a bhfuil neart deachrachtaí ag sroicheadh léi. Ach gach seans go raibh sé sin ar eolas agat cheana féin. Nó muna raibh, seans gur ar theanga eile a bhí tú ag smaoineamh. Is cuma má tá teangeolaí díograiseach nó foghlaimeoir drogallach i gceist, bíonn constaicí áirithe le sárú i gcónaí ag gach duine maidir leis an nGaeilge. Ar deireadh thiar thall, is teanga iltaobhach í an Ghaeilge agus ciallaíonn na taobhanna seo go gcasfar roinnt fadhbanna ort agus tú i mbun na teanga. Cibé ar bith, don chuid is mó againn, ní raibh an dara suí sa bhuaile ann agus muid óg ar bunscoil. Ach dá mba shuim leat tabhairt faoi as an nua sa Choláiste? Go toilteanach agus go coinsiasach an babhta seo! Mar aon leis an dochar a bhaineann le próiseas foghlama na Gaeilge don Ardteist a chur ina cheart? Tig leat tosú sa choláiste in ainneoin na ndeachrachtaí uilig.

Nuair a bhímid ag plé le teanga ársa ar nós Gaeilge, caithfear an comhthéacs cultúrtha a chur san áireamh. I mo thuairim, seo gné a dhéanann foghlaim na Gaeilge níos casta ná teangacha eile. Toisc gur teanga mhionlaigh í, tá i bhfad níos mó ag baint leis ná an teangeolaíocht amháin. Ta nós ann a thugann le tuiscint go bhfuil todhchaí na teanga go hiomlán ag brath ar na foghlaimeoirí. Is fíorscéal é go deimhin go mbíonn freagracht éigin orainn an teanga a chur chun cinn, ach téitear ar fóir leis an teachtaireacht seo in áiteanna i mo thuairim. Scanraíonn sé daoine atá ag iarraidh tabhairt faoin teanga den chéad uair. Ina theannta sin, cuirtear an-chuid brú ar dhaoine cúlra agus stair na teanga a fhiosrú sula bhfoghlaimíonn siad an teanga, go háirithe i dtimpeallacht scoile nó acadúil.  Dar liomsa, is féidir leis an mbrú seo drogall nó eagla a chur ar dhuine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Ceapaim féin go mbeadh sé chomh maith dúinn ligean do dhaoine a gcuspóir agus a n-aidhmeanna a chruthú dóibh féin. Ní i gcónaí a bhíonn cúis na teanga mar spreagadh chun foghlama. 

Ba chóir machnamh a dhéanamh ar conas is féidir an teanga a chur in oiriúnt do gach saghas cainteora.” 

Ar scor ar bith, is léir go mbíonn sé deacair amanna teacht ar chúis sách maith le Gaeilge a thosú. Cén mhaith an Ghaeilge a úsáid sa Choláiste an cheist a thagann suas go minic. Tá dua á chaitheamh ag an Coláiste chuige seo. Tá níos mó fógraí trí Ghaeilge le feiceáil thart agus tá an deis ann riarachán a dhéanamh trí Ghaeilge chomh maith. Ach, ar an taobh eile, deir cuid mhaith daoine go bhfuil sé deacair casadh ar dhaoine a labhraíonn an teanga sa Choláiste. Ba chóir machnamh a dhéanamh ar conas is féidir an teanga a chur in oiriúnt do gach saghas cainteora Gaeilge sa Choláiste. Ceard faoin ngnáthdhuine, mar shampla, a bhfuil suim aige sa teanga ach gan a chroí a bheith istigh ann? Ní dóigh liom go ndéantar freastal ar an ngrúpa seo ar bhealach cuimsitheach go fóill. Ach tá forbairtí á ndéanamh- ní gá ach smaoineamh ar na ranganna Gaeilge ar fáil saor in aisce sa Choláiste. Baineann idir fhoireann agus mhic léinn an Choláiste tairbhe as seo. Dar le cara liom as an tSín, chuaigh na ranganna seo go mór i gcion air agus chuidigh siad le tuiscint níos doimhne a bhaint amach ar chultúr na hÉireann.

Ní hamháin gur teanga dheacair í i gcomhthéacs cultúrtha, tá an Ghaeilge breac le deacrachtaí ó thaobh na gramadaí de. Cothaíonn gramadach na Gaeilge a cuid fadhbanna don fhoghlaimeoir. Níl aon dul as. Tá cuma dheacair ar an nGaeilge. Ó am go chéile cheapfá go bhfuil focail sa Ghaeilge níos giorra ná i dteangacha eile ach tá rialacha casta fós le foghlaim. Táthar ann a mhaíonn nach bhfuil na rialacha bunaithe ar aon bhunús loighiciúil. Cuireann an t-urú le deacracht na teanga freisin. Ní coincheap é a thagann go nádúrtha ar chor ar bith. Uaireanta bíonn ceangal doiléir idir an litriú agus an fuaimniú. Gan trácht ar na hathruithe móra a thagann ar an bhfuaminiú mar gheall ar athrú beag sa litriú- doras, dorais -cuirim i gcás. Dar le mo chara Síneach, ba mhó an difríocht idir an litriú agus aibítir sa Sínis agus sa Bhéarla ná an difríocht idir Béarla agus Gaeilge. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar an Tuiseal Ginideach ach oiread. Teastaíonn tuiscint ar leith ón gcainteoir Gaeilge ar fheidhm na bhfocal in aon abairt amháin. Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an ghaeilgeora na leaganacha difriúla d’aon fhocal amháin a úsáid sa chomhthéacs ceart. Níl rud éasca i gceist ansin ar chor ar bith.

Mura dtugtar tús áite don Ghaeilge sa tsochaí féin conas is féidir é sin a dhéanamh i do shaol pearsanta?” 

Fiú má bhaintear ardchaighdeán amach sa Ghaeilge, ní thagann stop leis na deacrachtaí sa choláiste. Níl teacht go héasca ar ábhar liteartha, scannánaíochta agus a leithéid. Ní hionann na hachmainní atá ann don Fhraincis is atá don Ghaeilge. Agus ar ndóigh má chuirtear na seirbhísí cuí ar fáil is go drogallach a dhéantar é. Mura dtugtar tús áite don Ghaeilge sa tsochaí féin conas is féidir é sin a dhéanamh i do shaol pearsanta? Caithfear an dearcadh seo a athrú mar níl éinne chun an Ghaeilge a fhoghlaim má cheapann siad go mbeidh orthu na rudaí is bunúsaí a éileamh an t-am ar fad. Mar gheall ar an nganntanas ábhair seo, d’fhéadfaí a rá nach bhfuil go leor foinsí éagsúla le Gaeilge a fhoghlaim. Thiocfadh leis an easnamh seo bac a chur ar thiomantas pearsanta na mac léinn le foghlaim.  

Tríd is tríd, is fúinne atá sé ár ndushlán a thabhairt ar an teanga spleodrach dhúshlánach seo. Braitheann chuile rud ar dhearcadh agus ar spriocanna an fhoghlaimeora. Pé scéal é, cuireann iarrachtaí pearsanta na bhfoghlaimeoirí ar mo shúile dom go bhfuil fonn agus suim ann i leith na Gaeilge. Agus ní beag sin.

Gluais (Glossary): 

Teangeolaí                      linguist

Drogallach                      Reluctant

Ar Deireadh thiar thall    Afterall 

Iltaobhach                      Multilateral

An dara suí sa bhuaile   Ní raibh an dara rogha againn/We had no other choice

Babhta                           Time

Mar aon le                     As well as

Teanga ársa                  Ancient language

Teanga mhionlaigh       Minority language

Ina theannta sin           Alongside that 

Riarachán                    Administration

Cuimsitheach              Comprehensive

Breac le                      Full of

Cuí                             Appropriate

Tús áite                     Priority

Tiomantas                 Personal drive

Spleodrach                Exciting

Spriocanna                Goals

Ní beag sin              That’s already something.