Na nuashonrú ag teastáil ón gCóras Iompar Poiblí in Éirinn

Shoilsigh solas trí scoilteanna an chórais i rith na paindéime

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Is trua an scéil é cé chomh éiginnte is atá cúrsaí faoi láthair, agus an méid moilleanna inár gcuid saolta maidir leis an víreas. Ar chúisigh an víreas an éiginnteacht seo? Nó, ar thaispeán an víreas é dúinn?

Agus ní eisceacht é an córas iompar poiblí maidir le héiginnteacht agus moilleanna. Is féidir a rá, b’fhéidir, go bhfuil agus go mbeidh níos mó daoine ag brath ar sheirbhísí iompar poiblí an bhliain seo ná riamh. Le mic léinn ag comaitéireacht chuig an Choláiste, agus oibrithe glaoite ar ais go dtí na hoifigí uair nó dhó sa tseachtain, tá argóint ann le rá… , tá argóint ann le rá go mbeidh níos mó daoine ag baint úsáid as na seirbhísí náisiúnta agus áitiúla i gcomparáid lena n-úsáid roimh an víreas. Bhí seomraí ar cíos acu ansin agus bhí siad in ann siúl go dtí an Coláiste nó dul ar an rothar, nó fiú ní raibh ach bus amháin ag teastáil uathu. Anois, ag taisteal ó chontae go contae, tá strus breise ann — mic léinn buartha faoin víreas, buartha faoin gcailleadh amach mar ní féidir leo a bheith sa choláiste go fisiciúil an t-am ar fad, agus anois caithfidh siad a bheith imníoch faoi chomaitéireacht.

Le laghdú amanna ar Bhus Éireann, an seirbhís bus náisiúnta, agus laghdú líon na ndaoine atá ceadaithe ar na seirbhísí ag aon am amháin, soilsíonn solas trí na scoilteanna a bhí sa chóras le fada anois. Taistealaím go dtí mo chairde agus mo shaol i mBaile Átha Cliath nuair a ligeann na srianta dom, agus caithim a rá nach raibh athrú éasca i gceist ag Bus Éireann agus iad ag dul i dtaithí leis na srianta nua. Daoine casta thart ar an spota chun coinneáil leis na srianta nua a bhaineann le líon na ndaoine ar an mbus, agus iad chun eililt a fháil; daoine ag caitheamh na masc chun a bheith ceadaithe ar an tseirbhís agus ansin é a bhaint díobh nuair a shuíonn siad síos. Sin gan trácht ar an difríocht idir an córas iompar poiblí faoin tuath agus sa chathair.

Nílim ag easaontú leis na srianta, agus nílim ag cáineadh na n-oibrithe agus iad ag comhlíonadh orduithe ón a gceannasaithe, ach nuair atá tú ag íoc as seirbhís a mhaíonn na custaiméirí a chur in ord tosaíochta, bheifeá ag súil go réiteoidís lena luachanna féin.

Labhair mé le Shannon, mac léinn Litríocht Béarla agus Fealsúnacht, faoina taithí leis an gcóras iompar in Éirinn: “Cónaím go díreach ar an dteorainn idir Bhaile Átha Cliath agus an Mhí, i mbaile beag, agus níl ach bus amháin againn a théann gach uair an chloig dtí an staisiúin Luas i nDroichead Broome. Ansin, faighimid an Luas go dtí an chathair.” Tá dhá mhodh iompair de dhíth agus uair go leith cheana féin, chun turais a dhéanamh atá tríocha nóiméad sa charr. Seo ach sampla amháin a léiríonn conas a bhíonn daoine faoin tuath faoi mhíbhuntáiste maidir leis an gcóras iompar. 

Leanann Shannon ar aghaidh, ag rá gur “[fhán] mé ó a sé a chlog go dtí a naoi oíche amháin i nDroichead Broome mar ní dheachaigh an bus […] stopann an bus dhá chiliméadar ó mo theach, agus mar sin tá siúlóid le déanamh agam atá thart ar tríocha nóiméad chomh maith.” Leis an mhéid comaitéireachta a bheidh ar siúl an bhliain seo, táim fágtha ag smaoineamh ar cé mhéad mac léinn eile atá sa bhád céanna, ag deileáil le hamchláir neamhiontaofa agus seirbhísí b’fhéidir laghdaithe mar gheall ar an víreas. An mbeidh a gcuid oibre i bponc mar gheall ar na seirbhísí dona seo?

Is as Muineachán mé, agus smaoiním ar na mic léinn ag taisteal go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, ó Mhuineachán. Níl aon seirbhís idir tuaisceart na hÉireann agus an t-iarthar. Chun dul chun na Gaillimhe ó Mhuineachán, caithidh tú dul chuig Baile Átha Cliath (uair go leith), agus ansin an traein ó Heuston go Gaillimh a fháil (dhá uair daichead nóiméad). Agus anois smaoiním ar an am a chaitheann tú ag feitheamh, nó ag taisteal ó staisiúin go staisiúin chun modh iompair eile a fháil, ag rith faoi dheifir chun bus nó traein a fháil, nó fiú praghas na dticéad — agus caith víreas isteach i measc na rudaí sin. Tá trua agam dóibh. B’fhéidir go gcuireadh iallach ar roinnt mac léinn lóistín a cheannach cé go bhfuil uaireanta laghdaithe ag an gcuid is mó.

Bímid ag dul sa seans gach lá chun saol éigin a chruthú dúinn féin in éineacht leis an víreas. Leis an oiread éiginnteachta atá timpeall gach rogha a dhéanaimid sna laethanta seo, ba chóir go mbeadh muid in ann brath ar na seirbhísí a gheallann ár sábháilteacht, go háirithe na seirbhísí rialtais atá ag leanúint orduithe díreach ón dTaoiseach. 

Ní cheapaim go bhfuil ár gcóras chomh dona sin, ach go deimhin tá spás le haghaidh a fheabhsú. B’fhéidir go bhfuil níos mó seirbhísí de dhíth faoin tuath, nó fiú níos mó iontaofachta. B’fhéidir nach fadhb na seribhísí iompair í seo, ach fadhb an Choláiste, chun níos mó tacaíochta a thabhairt do scoláirí agus chun cothromaíocht a choinneáil idir na mic léinn. 

Gluais (Glossary)

Ag comaitéireacht      Commuting

Ag easaontú le         Disagreeing with

Ag cáineadh            Criticising

Ag comhlíonadh          Fulfilling

Ceannasaithe            Bosses

Maígh                        To boast

Litríocht Béarla agus Fealsúnacht                English Literature and Philosophy

Droichead Broome          Broombridge

Faoi mhíbhuntáiste           Disadvantaged

Neamhiontaofa               Unreliable

A bheith faoi dheifir        To be rushed           

Iallach a chur ar X          To force s.o to do sth.

Ag dul sa seans          To take a chance

Sábháilteacht             Safety

Feabhsú                 Improvement

Iontaofacht            Reliability

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.