Siamsaíocht oíche an mhac léinn – Eachtraí trí Ghaeilge

Luann Chloe Ní Ghríofa na háiteanna is fearr do Ghaeilge a cleachtadh mar mhac léinn timpeall na cathrach agus fíorúla freisin

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom).

B’fhéidir go bhfuil tú tar éis snas a chur ar do chuid scileanna gaeilge le linn an dianghlásala agus ba mhaith leat é a choimeád suas? Bhuel, tá tú san áit ceart. 

Inniu, beimid ag plé na heachtraí trí ghaeilge atá ar fáil do mhic léinn agus conas is féidir leat teacht orthu. 

Sa lá atá inniu ann, tá an chuid is mó de na bialainne agus na tí tabhairne is cáilúla trí mheáin an bhéarla, ach, tá roinnt áiteanna de réir caighdéan trí mheáin na gaeilge freisin. Is féidir leat oíche iontach, spraoiúil a chaitheamh le do chairde dílse agus le píosa chultúr caite isteach ann. 

Tá  bialainne agus tí tabharine le freastalaí ag obair iontu atá in ann píosa gaeilge a labhairt. Molaim daoibh triail a bhaint as do phionta a ordú trí ghaeilge sa, ‘Bar rua’ ar Sráid Clarendon, ‘The Gingerman’ ar Sráid Fenian, ‘The Duke’ ar Sráid an Diúic, ‘The Cobblestone’ ar Margadh na Feirme  agus san ‘Amharchlann Halla na Saoirse’ ar Sráid na Mainistreach . Tá gaeilge ag cuid de lucht na hoibre sna háiteanna a luaigh mé thuas. Is sárfhaill é seo an teanga a bhreacadh i do ghnáthshaol gan dabht.

Ní gá dom a rá,  is cinnte go mbeidh oíche den chéad scoth agat i ‘gClub Chonradh na Gaeilge’ ar Shráid Fhearcair. Is teach tabhairne é agus ní mór duit gaeilge amháin a labhairt ann. Is deis iontach é do chuid gaeilge labhartha a chleachtadh. Eagraíonn an Cumann Gaelach TCD imeachtaí ann i rith na bliana freisin agus is féidir leat bualadh le daoine eile atá suim acu sa ghaeilge . 

Le sin ráite is smaoineamh maith é do shúile a choimead ar na mheáin soisialta atá ag na háiteanna seo maidir le srianta COVID-19. 

Bíonn ‘Pop up Gaeltacht’ ar siúl freisin sna tí tabhairne timpeall na tíre agus is féidir leat an eolas ar fad a fháil amach ar an leathanach – ‘Pop up Gaeltacht’ ar Facebook, Twitter agus Instagram. Faraor, cuirtear stop leo faoi láthair na huaire go dtí gur féidir leo bualadh le chéile arís. Mar sin féin, is smaoineamh do-chreidte iad siúd mar tugann siad deis do dhaoine gaeilge a chleachtadh agus cruthaíonn siad pobal daoine ina bhfuil leas coiteann acu freisin.

Bíodh gurb ea, tá seans nach mbraitheann tú compordach dul amach i sluaite faoi láthair agus mar sin, tá an-chuid roghanna fíorúla ann. Má dhéanann tú cuardach ar ‘Pop up Gaeltacht’ ar facebook tá rogha leathan imeachtaí le feiceáil. Ta leathanach ar Facebook dárbh ainm ‘Pop up Gaeltacht La Jolla agus contae San Diego’. Tá Pop up Gaeltacht ar Zoom á reachtáil acu go rialta le linn an phaindéim. B’fhéidir go bhféadfá féin agus do chairde oíche a eagrú le bheith páirteach ó chompord do bhaile féin. 

Ina theannta sin, b’fhéidir gur mhaith leat cóisir a bheith agat le do chairde agus gach duine a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt ann. Lig an duo ceoil ‘KNEECAP’ a sheinm ar an ‘aux’ agus is cinnte go mbeidh oíche sár-mhaith agat. Tá cúpla cluichí boird as gaeilge ar fáil sa ‘Siopa Leabhar’ cosúil le Monopoly agus Scrabble ina measc. Is bealach iontach é cluiche boird as gaeilge a imirt agus cúpla cannaí a bheith agat leis na leaids chun do chuid gaeilge a chleachtadh.

Sa deireadh thiar, is léir go bhfuil roinnt deiseanna ar fáil duit chun do chuid gaeilge labhartha a chleachtadh trí mheáin spraoiúila. Más rud é go bhfuil tú tar éis an teanga a phiocadh suas le déanaí nó fiú, má tá tú líofa, tá siamsaíocht oíche ann a oireann do riachtanais. 

Gluais / Glossary 

snas a chur ar – to polish up on something

dianghlásala – lockdown 

sa lá atá inniu ann – presently / nowadays 

trí mheáin na ghaeilge – through the medium of Irish

cairde dílse – best friends 

lucht na hoibre – workers 

sárfhaill – golden opportunity 

a bhreacadh – to sprinkle 

is deis iontach é – it is a great opportunity 

gaeilge labhartha – spoken irish 

le sin ráite  – with that said 

faraor – unfortunately 

bíodh gurb ea – that being so 

fíorúla – virtual 

duine a spreagadh – to encourage/incentivise people

sa deireadh thiar – at last 

líofa – fluent 

A oireann do riachtanais – to suit your needs