(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)
Ní rachadh sé dian orainn uilig a rá go bhfuil bliain acadúil nach bhfacthas a comhionann riamh i ndán do mhic léinn amach anseo. Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil rud amháin nach dtiocfaidh aon athrú air i mbliana — na táillí. Gan amhras, bhí an-díomá ar mhic léinn nuair a d’fhógair lucht an Choláiste nach laghdófaí na táillí clárúcháin i mbliana. Cé gur mhaígh an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sé de cheart ag institiúidí tríú leibhéal gan na táillí a mhaolú, bhí mic léinn ag súil le cur chuige níos tuisceanaí ón gColáiste. Ceann de na cúiseanna le míshástacht na mac léinn ná an riar mhaith léachtaí Zoom. Is léir anois gur ar líne a bheas an chuid is mó de na ranganna de dheasca an Choróinvíris. Ar ndóigh, goilleann sé seo go mór ar roinnt daoine toisc go gceapann siad gur fearr an caighdeán ar champas ná ar líne; go háirithe cúrsaí ina mbíonn gné fhisiciúil de dhíth, mar shampla an Leigheas. Lena chois sin, tá eagla ar mhic léinn go dtiocfaidh na hathruithe teagaisc salach ar fhiúntas a gcéime is a ndeiseanna fostaíochta sa todhchaí.
“Céard is fiú na táillí tríú leibhéal is airde san Eoraip a íoc mura bhfuil an t-eispéaras céanna pearsanta le fáil?”
Mar sin, ní haon ionadh go mbeadh drogall de shaghas éigin ar mhic léinn roimh na táillí móra seo. B’fhéidir nach miste dom a mheabhrú ach oiread gur ardaigh na táillí ó €850 in 2008 go €3000 sa lá atá inniu ann. Amhail is go gcreideann an rialtas go bhfuil mic léinn ag éirí níos saibhre in aghaidh an lae. Is cuma cén tslí a dtugtar faoi, tagann an cheist chéanna aníos arís is arís eile — céard is fiú na táillí tríú leibhéal is airde san Eoraip a íoc mura bhfuil an t-eispéaras céanna pearsanta le fáil? Gan cuimhneamh ar na costais bhreise nach mbítear ag súil leo — na scrúduithe bliantúla a bhfuil €382 orthu dóibh siúd nach bhfuil cláraithe mar shampla. D’admhaigh an tAire Simon Harris go hoscailte go raibh na táillí sa tír seo ró-ard. Cibé ar bith, tréimhse eisceachtúil is ea í seo agus fágann sin go bhfuil beartais mhisniúla ag teastáil go géar. Rinne Sinn Féin suirbhé le déanaí lena fháil amach cén chaoi a raibh ag éirí le mic léinn cúrsaí airgid a smachtú ó thosaigh an dianghlasáil. Thug an suirbhé le fios go ndeachaigh an víreas i bhfeidhm ar ioncam 70% daoine ar mic léinn iad. Chaill cuid mhaith acu a bpostanna samhraidh mar gheall ar an víreas agus is beag aird atá á tabhairt ar a gcás faoi láthair. Díol trua is ea an easpa tuisceana a léirítear ina dtaobh. Ar go leor béalaí, is faoi na mic léinn amháin atá ualach ghéarchéim na gcoláistí a iompar.
Feictear don saol mór go bhfuil an córas tríú leibhéal deighilte amach ó réaltacht na mac léinn ó thaobh airgid de. Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil a chuid fadhbanna féin ag an gColáiste. Táthar ag tuar go gcaillfear suas le €250m in earnáil an oideachais de bharr na paindéime. Tá sé ráite ag Jurgen Barkhoff, an Leas-Phrophast, go raibh costas ollmhór ag baint le leasú na seirbhísí teicneolaíochta atá de dhíth chun foghlaim ar líne a chur ar fáil go cuí. Laghdú sách suntasach ar líon na mac léinn idirnáisiúnta ag clárú i mbliana is cúis leis an nganntanas airgid fosta. Ó tharla nach bhfuil a dhóthain infheistíochta curtha ar leataobh ag an rialtas le blianta, bíonn na coláistí trína chéile ag brath ar na táillí ollmhóra a íocann mic léinn idirnáisiúnta le teacht slán.
“B’fhearr go mór níos mó aitheantais a thabhairt do chruatan na mac léinn le linn na tréimshe dúshlánaí seo.”
Mar sin féin, níl na hollscoileanna ar an ngannchuid ach oiread. Tríd is tríd, tá níos mó tacaíochta ag institiúidí tríú leibhéal ná an duine aonair nó mac léinn. Rachainn chomh fada le rá go bhfuil tréaniarracht á déanamh ag institiúidí gan solas a chaitheamh ar cé chomh difriúil a bheas cúrsaí i mbliana — ar eagla go gcaillfear airgead agus daoine ag cur a mbliana ar ceal. B’fhearr go mór níos mó aitheantais a thabhairt do chruatan na mac léinn le linn na tréimshe dúshlánaí seo — aitheantas a bhainfear amach ar bhonn coincréiteach amháin le gníomhartha cruthanta. Tús maith a bheadh ann an brú airgid a mhaolú do mhic léinn. Cá bhfios dá laghdófaí táillí do mhic léinn idirnáisiúnta, seans go meallfadh sin níos mó mic léinn idirnáisiúnta le clárú i mbliana.
Tá an dá dhream — an Coláiste agus mic léinn — faoi réir ag a chéile. Cothaíonn siad a chéile agus ní hann do rud ar bith gan a chéile. Beifear ag iarraidh neart íobartha ar mhic léinn i mbliana — masc a chaitheamh, dea-iompar agus eile. An oiread céanna le húdaráis an Choláiste, beidh mic léinn ag brath ar an dea-thoil amach anseo. Dá bhrí sin, tuige nach mbeadh mic léinn ag súil leis an díograis chéanna ó na húdaráis ó thaobh airgid de? Tá daonnacht agus tuiscint níos iomlána ar chás na mac léinn de dhíth láithreach nó is gearr go gceapfaimid uilig nach bhfuil sna hinstitiúidí ar fad ach comhlachtaí móra oideachais.
Gluais (Glossary)
Nach bhfacthas a comhionann Unprecedented
I ndán do In store for
Riar mhaith A lot of
Tiocfaidh na hathruithe teagaisc salach ar The changes in teaching will devalue
Eisceachtúil Exceptional
Ualach ghéarchéim na gcoláistí The brunt of the crisis
Feictear don saol mór It is obvious to everyone
ag tuar Predicting
Leasú Improvement/reform
Teacht slán To survive
Ar an ngannchuid Destitute
Faoi réir ag a chéile Dependent/Subject to each other
Íobartha Sacrifices
An oiread céanna le Just like/Just as much as
Díograis Dilligence