Oibrithe tosaigh agus an Pobal

Insíonn oibrithe tosaigh dúinn faoina dtaithí ag obair i rith paindéime

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

Más airgeadóir nó dochtúir an duine, d’athraigh freagrachtaí san ionad oibre an-tapa an bhliain seo. Ag cur i bhfeidhm caitheamh na mascanna, ag iarraidh ar dhaoine scaradh sóisialta a chleachtú, nó trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh an t-am ar fad, d’athraigh tírdhreach an áit oibre i gcúpla mí gan rabhadh. Labhair mé le cúpla mac léinn a d’oibrigh agus a oibríonn mar oibrithe tosaigh i rith na paindéime don alt seo. Nuair a labhair mé le hEmma agus Cúán, bhí mé ag lorg léargais ar na fírinní a bhaineann le hobair a fhreastalaíonn ar an bpobal i rith paindéime. Bhí mé fiosrach faoi fhreagrachtaí an phobail agus muid ag déanamh caidrimh le hoibrithe tosaigh, agus céard is féidir linn a dhéanamh níos fearr dóibh. Seo cad a dúirt siad.

Ar dtús, bhí mé an-fiosrach faoin difríocht idir an chéad dianghlasáil agus an dara ceann. An bhfuil daoine níos freagraí leis na srianta anois ná an chéad dianghlasáil? Nó an bhfuil daoine braon de gach rud? D’oibrigh Cúán in ionad siopadóireachta go dtí gur tháinig leibhéal a cúig i bhfeidhm cúpla seachtain ó shin, agus labhraíonn sé faoi na mascanna: “Is fíorbheagán daoine a bhí á gcaitheamh nuair nach raibh orthu iad a chaitheamh de réir an dlí. Tar éis gur tháinig an dlí isteach, déarfainn go raibh masc ar ~85% nó marsin de mo chuid custaiméirí.” 

Agus tá an tréimhse athraithe seo feicthe agam chomh maith. Déanaim an siopadóireacht do mo theaghlach gach seachtain, agus caithfidh mé a rá go bhfuil formhór na ndaoine ag caitheamh masc anois agus iad ag déanamh teachtaireachtaí. Cuimhním tréimhse nach raibh sin an cás le cúpla mí anuas.

Anuas ar sin, ní chaithfidh páistí maisc a chaitheamh, fiú is go bhfuil fáth an-chothrom agus reasúnta don choinníoll seo, conas a mhothaíonn na hoibrithe tosaigh? Deir Emma, mac léinn a oibríonn i siopa milseáin i Luimneach, go goilleann sé orm uaireanta.” Má oibríonn tú ar an mbearna bhaoil, is cúis imní é seo beag beann ar na fáthanna, mar tá baol ann duit ar scor ar bith.

“Tagann daoine isteach le haghaidh cúise ar bith, fiú nach bhfuil aon rud ag teastáil uathu,  chun a bheith taobh amuigh den teach.”

Maidir leis an atmaisféar ginearálta faoi láthair, deir Emma go bhfuil “an dianghlasáil seo i bhfad níos suaimhní agus i bhfhad níos coscraí do dhaoine ná an ceann eile.” Leanann Emma ar aghaidh, ag rá go dtagann “daoine isteach le haghaidh cúise ar bith, fiú nach bhfuil aon rud ag teastáil uathu, agus ceanaíonn siad aon rud chun a bheith taobh amuigh den teach.” Mhothaigh mé sin i m’anam. 

Seachas na mascanna, bíonn ar dhaoine scaradh sóisialta a chleachtú i dtólamh, agus ceapaim gur féidir le daoine a bheith go hiontach leis seo, mar tugaim é faoi deara go háirithe sna páirceanna agus mé amach ar siúlóid. Déanann daoine an-iarracht chun bogadh amach uaim i mo thaithí. Ach ar chúis éigin, ceapaim féin nach bhfuil siad chomh maith sna hollmhargaí. Is dócha go mbíonn rudaí eile ar a gcuid intinní, agus déanann siad dearmad faoin scaradh sóisialta go tapa agus iad ag rith isteach go Tesco chun bhainne nó rud éigin a cheannach. Táimse féin ciontach as seo.

“Bhí sé suntasach dom agus thug mé é faoi deara  nuair a rinne duine iarracht chun fánacht amach uaim mar ba cheart.”

Ar ndóigh, ní bhím sna siopaí ach i gcomhair leathuair an chloig nó níos lú agus mé ag déanamh siopadóireachta, ach cad faoi na hoibrithe a bhíonn ann gach lá, ar feadh ocht n-uair? Labhraíonn Cúán faoina thaithí le scaradh sóisialta san ionad oibre: “Is fíorbheagán daoine a d’fhán dhá mhéadar amach uaim. Bhí sé suntasach dom agus thug mé é faoi deara nuair a rinne duine iarracht chun fánacht amach uaim mar ba cheart.”

Ach níl an dualgas ar fad ar an bpobal. Is faoi na gnóthaí a gcuid oibrithe agus custaiméirí a chosaint chomh maith. Go pearsanta, mothaím i bhfad níos sábháilte nuair a fheicim oibrithe ag cur na rialacha i bhfeidhm, bíodh iad ag glanadh an scipéad nó oibrí ag iarraidh orm coiméad siar ó áit áirithe. Labhraíonn Emma faoin dualgas seo ag na gnóthaí: “Bíonn an siopa seo go maith maidir le rialacha Covid-19,” ach “uaireanta, bíonn roinnt baill foirne an-réchúiseach faoi na rialacha muna bhfuil aon chustaiméir timpeall, mar shampla ag baint a gcuid mascanna dóibh.” 

Leis an alt seo, bhí mé ag lorg rudaí atá an pobal in ann a dhéanamh níos fearr nuair atáimid ag déanamh caidrimh le hoibrithe tosaigh. I mo thuairim, is léir ó na hagallaimh seo go bhfuil daoine ag déanamh a ndícheall, ag déileáil le cúrsaí nach bhfuil éinne tagtha i dtaithí leis. Caith do mhasc, coinnigh d’achar, agus bí ag súil leis na laethanta nuair nach gcaithfimid smaoineamh ar ghalrú níos mó.

Gluais (Glossary)

Airgeadóir    Cashier

Ionad oibre      Workplace

Scaradh sóisalta      Social distancing

Trealamh cosanta pearsanta     Personal protective equipment/PPE

Trídhreach an áit oibre    The landscape of the workplace

Oibrithe tosaigh    Frontline workers

Ad déanamh caidrimh    Interacting

Tréimhse athraithe     Transition period

Ag déanamh teachtaireachtaí      Running errands

Coinníoll    Stipulation

Goilleann sé orm     It upsets me/It perturbs me

An bhearna bhaoil     The firing line

Cúis imní      Reason for worry

Coscrach     Nerve-wracking

I dtólamh    At all times

Suntasach    Noticeable/Remarkable

Scipéad    Till

Coiméad siar ó     To keep your distance from

Baill foirne     Staff members

Réchúiseach     Relaxed

Cúrsaí       Set of circumstances

Galrú         Infection

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.