An Coiste Gaeilge nua sa Choláiste

Bhunaigh Gretchen Ganley coiste nua chun Gaeilge a chur in ord tosaíochta san Aontas, agus labhraíonn sí linn faoina taithí leis go dtí seo

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

Le hathoscailt Sheomra na Gaeilge ar champas le déanaí, tháinig píosa gnáthshaoil ar ais leis chomh maith. Ach bhí mé fágtha ag smaoineamh faoi na cumainn, na clubanna agus na grupaí atá ag déanamh iarracht chun daoine a tharraingt chuig a n-eachtraí, gan spreagthaí cosúil le píosta nó oícheanta amach faoi láthair. Táim mar bhall den Choiste Gaeilge nua atá bunaithe ag TCDSU Oifigeach na Gaeilge Gretchen Ganley, agus mar sin, labhair mé léi faoina taithí ag bunú grúpa nua i rith na staideanna seo. 

Le gach rud atá ar siúl, bhí mé fiosrach faoi cad a spreag Gretchen chun coiste nua a chruthú. “I mbliana, tá TCDSU ag glacadh páirte i scéim atá Aontas Mac Léinn na hÉireann ag reáchtáil darbh ainm ‘Bonn na Gaeilge’.” Leanann Gretchen ar aghaidh, ag miniú gur “cineál Gaelbratach atá ann, agus ceann de na tascanna a bhaineann leis ná Coiste Gaeilge a bhunú agus a chur le chéile.” Cuireann sé i gcuimhne orm an Bhratach Ghlas nó an Bhratach Ómra agus mé mar mhac léinn meánscoile.

Dar leis na téarmaí tagartha leagtha amach ag Gretchen, beidh dhá chruinniú ag an gCoiste gach téarma, agus beidh roinnt dualgas ag an gCoiste, cosúil le polasaithe Ghaeilge an Aontais a phlé, aird a tharraingt ar na ceisteanna roimh dhuine ar leith faoi scáth an Aontais, agus tacaíocht a thabhairt d’ionadaíocht na Gaeilge san Aontas. 

Bhí me fiosrach faoin bpróiseas ag tosú rud éigin nua faoi láthair — an bhfuil sé níos deacra aird na ndaoine a tharraingt mar níl na spreagthaí thuasluaite ar fáil? Nó an bhfuil sé níos easca mar tá leadrán ar dhaoine, agus ba mhaith leo triail a bhaint as rudaí nua? “Cinnte, tá sé deacair daoine a mhealladh. Ag an am seo sa téarma, níl fonn ar dhaoine níos mó ama a chaitheamh ar Zoom, agus tuigim go hiomlán é sin – táimid go léir bréan de Zoom faoin bpointe seo.” 

Sílim go bhfuil sé ar fheabhas go mbíonn eachtraí fós ar siúl mar ceapaim go bhfuil cosúlacht normáltachta ag teastáil ó gach duine, agus sin cad a chuireann na heachtraí ar fáil go rialta. Bíonn Ciorcal Comhrá ag an gCoiste gach Aoine ag a haon a chlog darbh ainm “Le Chéile ar Líne”. Seans é chun teacht le chéile (ar ndóigh) muna bhfuil tú ar champas agus munar féidir leat dul chuig Seomra na Gaeilge nuair ba mhaith leat. Ní bhíonn brú ann Gaeilge fhoirfe a labhairt, agus cabhródh an Coiste le haon fhocal nó fhrása atá ag teastáil. Deis mhaith é píosa Gaeilge a fhoghlaim gach seachtain i rith do lóin, gan aon bhrú, i ngrúpa beag agus timpeallacht neamhfhoirmiúil chairdiúil. 

Ceapaim go luann Gretchen fadhb mhór na laethanta seo. Bíonn mic léinn ina suí os comhair an ríomhaire glúine ar feadh an lae ar fad, agus de ghnáth bíonn muid tuirseach den scáiléan faoi dheireadh an lae. Deireann Gretchen í féin é faoin Aontas, “In amanna normálta, b’fhéidir go mbeadh sé níos spraíúla. Bheadh deis againn aithne a chur ar a chéile agus píosa craic agus píosa spraoi a chur isteach sna cruinnithe.”

Go pearsanta, is breá liom daoine a fheiceáil atá fós ag coinneáil orthu trí na hamanna seo, agus atá fós ag leanúint ar aghaidh leis an gnáthshaol. Tá a fhios agam go bhfuil vacsaín ar an mbealach más fíor agus nach bhfuilimid faoi dhianghlasáil a thuilleadh, ach tá baol agus imní fós ann faoi gach rud a dhéanaimid, cosúil le pleananna a dhéanamh le do chairde faoi cheann seachtaine, agus ní féidir a bheith cinnte nach mbeidh muid faoi dhianghlasáil arís faoin am sin. Tá a lán le smaoineamh faoi faoi láthair, agus tá meas agam ar na daoine atá ag déanamh iarrachta tairbhe a bhaint as an saol trí gach rud.

Gluais

Spreagthaí      Incentives

Órma              Amber 

Iondaíocht      Representation

Thuasluaite     Aforementioned

Cosúlacht normáltachta      Semblance of normality

Ag coinneáil orthu       Persevering

Ag leanúint ar aghaidh     Carrying on

A thuilleadh     Anymore

Faoi cheann seachtaine       In a week’s time

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.