Tábhacht na folláine do mhic léinn

Labhraíonn mac léinn Folláine Aclaíochta agus Sláinte in Ollscoil Luimnigh faoi bhuntáistí aclaíochta agus cothú cothrom do mhic léinn

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom

D’fhéadfadh, dar liomsa, go mbeadh deacrachtaí ag formhór na mac léinn chun a bheith spreagtha staidéar a dhéanamh an t-am ar fad. Bíonn deacrachtaí agam go minic le spreagadh agus tagann frustrachas orm nuair nach féidir liom díriú ar mo chuid oibre. Cinnte go bhfuil aithne mhaith ag daoine ar na buntáistí a bhaineann le haclaíocht don folláine ghinearálta, ach, caitear labhairt faoin gcabhair a bhaineann leis maidir le spreagadh d’obair choláiste chomh maith. Chuir mé Mollie faoi agallamh, mac léinn Folláine Aclaíocht agus Sláinte, chun cúpla nod a fháil faoi aclaíocht agus cothú, agus labhraíonn sí faoi conas is féidir leo cuidiú le mic léinn faoi bhrú.

Tá sé an-tábhachtach aire a thabhairt duit féin le linn na bliana acadúla. Bíonn go leor mic léinn faoi bhrú le spriocdhátaí agus scrúdaithe éagsúla, go háirithe um Nollaig, agus deireann Mollie go, “[gcabhraíonn] aclaíocht liom go mór agus mé ag staidéar sa choláiste. Bím níos dírithe ar m’obair tar éis sos a thógáil agus píosa aclaíochta a dhéanamh.” Bíonn go leor struis ar mhic léinn sa choláiste mar bhíonn freagracht na hoibre ar fad orainn féin amháin. “Ba chóir aclaíocht a dhéanamh go rialta mar chabhraíonn sé le do chuimhne”, a dheireann Mollie, “Fiú muna bhfuil traenáil i gcomhair trí-atlan ar siúl agam, déanaim aclaíocht ar aon nós ionas nach n-imíonn m’intinn ar strae agus mé ag staidéar”. 

Níor smaoinigh mé mórán faoin nasc idir réim chothrom bia agus staidéar fiúntach. Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil aiste bia cothrom riachtanach i gcomhair sláinte ghinearálta an duine ach, ní dóigh liom go dtuigeann gach duine go gcabhraíonn cothú maith le mic léinn agus iad ag staidéar. “Má tá aiste bia sláintiúil agat, cinntíonn sé go mbeidh tú lán le fuinneamh i rith an lae”. Bíonn sé deacair tú féin a choinneáil spreagtha nuair atá tuirseach ort agus na léachtaí ar fad ar líne, ach molann Mollie “aiste bia cothrom [a ithe] chun cuidiú leis an bhfadhb seo.” Freisin, i gcaitheamh an gheimhridh, éiríonn daoine tinn go minic ach deireann Mollie go “neartaíonn cothú maith do chóras imdhíonachta, rud a laghdaíonn an seans go mbeidh tinneas ort agus nach mbeidh tú in ann freastal ar an gcoláiste”. Is léir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an aiste bia atá agat ar do shláinte chun lántairbhe a bhaint as do staidéar mar mhac léinn. In ainneoin sin, deireann Mollie nár chóir go mbeidh “aiste bia ró-dhian agat ach an oiread”. Leanann sí ar aghaidh á rá, “is léir na buntáistí a bhaineann le cothú maith, ach, ná bí ró-chrua ort féin – tá sé deacair a bheith sláintiúil 24/7”. 

“Má ghlacann tú le mo chomhairle”, a dheireann Mollie, “ba chóir duit plean a leagan amach agus liosta a scríobh le do chuid spriocanna ar fad air.” Nuair atá tú eagraithe, tá sé níos éasca do chuid cuspóirí ar fad a bhaint amach. Is rud fíorthábhachtach é a bheith eagraithe agus tú ag staidéar sa choláiste mar is féidir leis an ualach oibre a bheith iomarcach do dhaoine. “Chroch mé póstaeirí éagsúla timpeall mo sheomra le mo chuid spriocanna ar fad orthu, agus uaireanta éistim le hóráidí spreagúla chun mé féin a choinneáil dearfach”.

Anuas ar sin, ná bíodh aon drogall ort cúnamh a lorg má tá tú ag streachailt. Tá go leor scrúdaithe agus spriocdhátaí ag teacht suas do mhic léinn ar fud na tíre, agus tá sé go hiomlán normálta a bheith ag mothú trína chéile. Ná déan dearmad go bhfuil tacaíocht ar fáil timpeall ort i gcónaí. 

Tar éis an agallaimh seo a dhéanamh, tá dearcadh go hiomlán difriúil agam i leith na folláine. Léiríonn Mollie dúinn an rud is tábhachtaí ar chóir dúinn smaoineamh faoi i gcónaí: cothromaíocht. Cinnte, tá aiste bia agus an aclaíocht tábhachtach do mhic léinn mar cabhraíonn siad linn díriú ar ár gcuid oibre, ach, caithfimid sult a bhaint as an t-am atá againn sa choláiste chomh maith. Ba chóir go mbeidh cothromaíocht agus comhsheasmhacht á lorg againn, ní foirfeacht. “Is é an rud is deacra ná ag seasamh suas agus é a dhéanamh, ach nuair atá sé déanta, beidh tú chomh sásta leat féin”.

Gluais (Glossary)

Cothú- nutrition 

Aithne fhorleathan- well-known

Folláine ghinearálta- general fitness

Freagracht- responsibility

Trí-atlan- triathlon

Fiúntach- productive

Córas imdhíonachta- immune system

Ról ríthábhachtach- vital role

Ualach oibre- workload

Iomarcach- excessive

Cothromaíocht- balance

Comhsheasmhacht- consistency

Foirfeacht- perfection