Grá i gcoraintín

Labhraíonn Hazel Ní Bhroin faoi thionchar na paindéime ar an gcaidrimh atá againn le daoine éagsúla ar fud na tíre agus conas iad a choinneáil slán

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom).

Cibé duine atá grá agat dóibh; do thuismitheoirí, do pháirtí, nó do sheantuistí, tá sé míle uair níos tábhachtaí ná riamh a bheith i dteagmháil leo le linn na n-amanna gan fasach seo. Faraor, agus muid faoi dhianghlásáil eile, tá sé deacair ar dhaoine an uaigneas a sheachaint. Ní féidir linn taisteal níos mó na 5km faoi láthair, agus mar sin, b’fhéidir nach féidir leat do chara nó ball de do theaghlach a fheiceáil ar feadh tamaill. Bíonn éifeacht ollmhór ag an easpa cheangal daonna seo ar mheabhairshláinte an duine agus mar gheall air seo, tá sé go hiomlán normálta má tá tú ag mothú sáinnithe agus uaigneach. Bheartaigh mé léargas a fháil ar chonas is féidir leat caidrimh maithe a choineáil le daoine i rith géarchéime.

Táim i mo chónaí in árasán le mic léinn eile faoi láthair. I dtosach, bhí sceitimíní orm mo spás cónaithe féin a bheith agam agus cairde nua a dhéanamh. Ach mar thoradh ar an gcoróinvíreas, bhí sé deacair orm socraigh isteach. Bhí strus orm mar bhí a fhios agam nach mbeadh mé in ann mo chlann i nGaillimh a fheiceáil ar feadh tamaill fhada. Chun cabhrú leis seo, chruthaigh mé gnáthamh laethúil nua dom féin, leis mo chlann agus mo chairde i nGaillimh san áireamh. Gach lá, nuair a bhí an t-am agam, rinne mé iarracht glaoch a chur orthu. Níor mhair na glaonna gutháin ach thart ar 5 nóiméad uaireanta ach fós chabhraigh siad liom gan a bheith cumhach. Cinnte, molaim físghlao a dhéanamh más féidir mar is rud deas é do chlann nó do chara a fheiceáil agus a bheith ag caint leo, fiú muna bhfuil siad in aice leat go fisiciúil.

Anuas air sin, ceapaim gur smaoineamh iontach é litreacha no bearta a sheoladh chuig do chlann nó do chairde. Níl ann ach beart siombalach don ghrá atá agat dóibh ach beidh siad an-bhuíoch asat ar aon chaoi. Nuair a sheol mé bronntanas chuig mo thuistí agus mé i mBaile Átha Chliath, bhí siad chomh sásta leis agus mhothaigh mé gur laghdaigh sé an bhearna eadrainn píosa. Tá sé éasca a bheith dúghafa leis an teicneolaíocht sna laethanta seo, go háirithe mar tá go leor eachtraí curtha ar ceal agus ní féidir linn taisteal níos mó ná 5km. Mar sin, is rud iontach é píosa ama a chaitheamh ó na scáileáin chun litir a scríobh. Is mór an difear idir litir a fháil sa phost agus téacs a fháil ar do ghuthán.

Labhair mé le mo chara faoi na deacrachtaí a bhí aici i rith na paindéime. Conaíonn sí i mBaile Átha Chliath agus conaíonn a pháirtí i Luimneach. Dúirt sí go raibh ‘gach rud ceart go leor i rith an chéad dianghlasála mar cheapamar nach mbeidh muid in ann bualadh suas le chéile ar feadh cúpla seachtain ar a mhéad’. Lean sí ar aghaidh, ‘tar éis tamaill, tháinig frustrachas orainn agus cheap mé nach mbeadh muid in ann fanacht le chéile’. Goilleann sé orm go bhfuil an coróinvíreas ag scriosadh na gcaidrimh atá againn le daoine eile timpeall na tíre. Cheistigh mé conas a d’athraigh sí an dearcadh diúltach seo a bhí acu, ‘rinneamar iarracht an caidreamh láidir a choinneáil eadrainn [trí] smaoineamh ar rudaí eile le déanamh le chéile go fíorúil’. 

D’foghlaim mé go gcaithimid a bheith cruthaitheach agus dearfach fad is atá muid faoi dhianghlasáil. Níl dabht ar bith ann go bhfuil sé níos deacra caidreamh a choinneáil gan na daoine atá grá agat dóibh a fheiceáil go fisiciúl. Tugann mo chara cúpla nod dúinn: ‘Ba chóir daoibh coinne a eagrú le chéile gach cúpla seachtain, mar a bheadh déanta agaibh i ngnáth-amanna’, a dúirt sí. ‘Bí cinnte scéal mór a dhéanamh de’. Gheall sí go gcabhraíonn sé má tá sibh ‘gléasta suas, amhail is dá mbeadh sibh ag dul go dtí bialann ghalánta le chéile’. Smaoineamh eile a bhí aici ná nuair nach bhfuil tú in aontíos le do pháirtí  ‘scannán a fheiceáil le chéile. Is féidir libh an scannán céanna a chur ar siúl agus sibh ar físghlao’. Lean sí ar aghaidh: ‘I gcomhair lá comórtha ár gcaidrimh, dhear muid cártaí ghrá dá chéile — is rud an-speisialta é seo, mhothaigh muid nach mbeadh sé déanta againn gan an dianghlasáil’.

Gan aon agó, tá tionchar mór ag an gcoróinvíreas ar nascanna daoine éagsúla timpeall na tíre. Ach, léiríonn an t-alt seo go bhfuil sé indéanta na caidrimh atá agat a choinneáil nó fiú a neartú agus muid faoi dhianglasáil. Tuigim go bhfuil rudaí difriúil agus i bhfad níos deacra sna laethanta seo, ach caithimid a bheith dóchasach — níos mó anois ná riamh. Cinnte, tá bealaí ann chun an ghrá atá eadrainn go léir a choinneáil i gcoraintín ach is léir go bhfuil comhiarracht agus meon dearfach ag teastáil.

Gluais (Glossary)

Do pháirtí    your partner

Na n-amanna gan fasach seo   these unprecedented times

Ball de    member of

Easpa ceangal dhaonna     lack of human connection

Sáinnithe   trapped

Bheartaigh mé   I decided

Socraigh isteach   settle in

Gnáthamh laethúil   daily routine

Glaoch a chur   to ring/phone someone

Cumhach   homesick

Físghlao   video call

Bearta    parcels

Beart siombalach   token gesture

Bearna   gap

Dúghafa    obsessed

Is mór an difear idir   There’s a big difference between

Páirtí    partner

Ar a mhéad   at the most

Goileann sé orm    It pains me

Go fíorúil    virtually

Cruthaitheach    creative

Coinne    date

Scéal mór a dhéanamh de    to make a big deal out of it

Amhail is dá mbeadh sibh   as if you were

In aontíos   living together

Lá comórtha     anniversary

Dear    design

Gan aon agó    undoubtedly 

Indéanta    possible

Comhiarracht    joint effort