Íoga, machnamh agus dialann a choinneáil- cén fáth a chleachtar iad?

Pléann Chloe Ní Ghríofa conas is féidir ióga, machnamh agus dialann a choimeád cabhrú le do shláinte intinne ar an aimsir seo.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Gan dabht, ní chreidimid an suíomh ina bhfuilimid i láthair na huaire. Cuireadh ár saolta bunoscionn agus mar sin tá sé i bhfad níos tábhachtaí ná riamh aire a thabhairt dár gcuid sláinte intinne. Buíochas le Dia, áfach, tá rudaí gur féidir linn a dhéanamh chun ár gciall a choinneáil faoi láthair. San alt seo, labhróidh mé faoi cúpla nod chun feabhas a chur ar do chuid sláinte mheabhrach. Is modhanna seanbhunaithe iad na nodanna seo – cloiseann tú futhú lá i ndiaidh lae ach b’fhéidir nach bhfuil a fhios agat cá dtosófá, nó an tábhacht a bhaineann leo. 

I dtosach, ní féidir a shéanadh go bhfuil an-tóir ar an machnamh le blianta beaga anuas. Is cleachtadh spioradálta é, nuair a thógann tú sos ó do chuid smaointe agus déanann tú iarracht a bheith i láthair. Chuala mé faoin machnamh go minic ar Instagram agus i leabhair ach níor chuir mé é i bhfeidhm. Tá neart buntáistí sláinte ag baint leis, agus mar sin, ní raibh aon rud le cailleadh agam chun é a thosú. Ní hamháin go gcuidíonn sé an strus a laghdú, agus smacht a chur ar imní, ach cabhraíonn sé le feidhm chognaíoch agus feabhsaíonn sé do chodladh chomh maith. Thosaigh mé ag déanamh machnaimh beagnach gach maidin ar feadh deich noiméad, agus caithfidh mé a rá gur mhór an bearrán é ag an tús nuair a thagann an iomarca smaointe isteach i d’intinn, ach tar éis cúpla seachtaine, éireoidh tú níos suaimhní. Táim chomh sásta gur thosaigh mé cúpla mí ó shin agus is nós laethúil é an machnamh i mo shaol anois. 

Uaireanta, is é an rud is deacra ná chun tosú agus ar ámharaí an tsaoil tá neart aipeanna ann atá sár-mhaith chun tús a chur ar d’aistear machnamhach. Ceapaim go bhfuil na haipeanna Calm, Headspace agus Unplug iontach ar fad. Tá a lán machnaimh faoi threoir le fáil go hiomlán saor in aisce, agus tá leibhéil difriúla ann ó thosaitheoirí go hardleibhéal. Tá an-chuid físeáin ar Youtube freisin agus tá siad an-chabhrach má éiríonn tú tuirseach as na guthanna céanna ar na haipeanna.

Mura mian leat íoc as síntiús ar na haipeanna seo, is féidir leat amadóir 10 nóiméad a chur ar siúl agus úsáid a bhaint as teicnící análaithe. Sílim go bhfuil “box breath” iontach ar fad agus tá go leor teicnicí eile má dhéanann tú cuardach ar líne. I gcomhair an “box breath”, tarraing anáil le haghaidh ceathair shoicind, coinnigh é istigh i gcomhair ceathair shoicind, agus ansin scaoil d’anáil amach i gcomhair ceathair shoicind agus coinnigh é amuigh i gcomhair ceathair shoicind. Déan an próiseas seo arís is arís i gcomhair cúig, deich, nó pé am is fearr leat. Mothóidh tú an-zen tar éis sin, geallaim duit. 

An chéad rud eile a chabhraíonn liom ná ióga. Nuair a smaoiním siar ar an gcéad agus an dara dianghlasáil, smaoiním ar ióga don chuid is mó (seachas an ghéarchéim dhomhanda). Is cleachtadh thar bharr é chun feabhas a chur ar do sholúbthacht agus do chothrom. Thosaigh mé féin agus mo Mham ag leanúint Yoga with Adrienne ar Youtube agus rinneamar an dúslán tríocha lá le chéile. Bhain mé an sult as dul amach sa ghairdín le mo Mham i rith an tsamhraidh chun ióga a chleachtadh leis na físeáin seo – cinnte gur deas an rud é nuair atá cara leat ag an tús. Bhí mé ag titim i ngach áit don chéad cúpla uair, ach d’éirigh mé i bhfad níos lúbaí ag deireadh na tríocha lá. Is dóigh liom, áfach, go gcaithfidh tú é a dhéanamh go rialta chun na buntáistí ar fad a bhaint amach. 

Tar éis an dúshláin sin, thosaigh mé ag cleachtadh an t-ióga i m’aonar agus d’úsáid mé an aip, Down Dog. Is aip den scoth é agus tá sé saor in aisce más mac léinn thú. Tá léibhéil difriúla ann freisin agus is féidir leat am ar leith a phiocadh nuair atá tú ag iarriadh an t-ióga a chleachtadh. Bíonn laethanta ann nuair atá mé ag iarraidh uair a chaitheamh air, agus laethanta eile nach ndéanaim ach cúig nó deich nóiméad. 

Athraím idir an aip, Down Dog, agus físeanna Shona Vertue ar Youtube. Mholfainn go láidir daoibh Shona Vertue a leanúint ar Youtube agus ar Instagram (@shona_vertue). Déanann sí físeanna soléire, aeistéitice agus eolasacha.  Anuas ar sin, ní féidir liom Rí Ióga na hÉireann a fhágáil amach – Ciarán Mac Fhearghusa ó Óga Yoga. Tá suíomh idirlíon, Youtube agus cuntas Instagram aige. An rud is fearr faoi ná go múineann sé a ranganna trí mheán na Gaeilge. Deis iontach é chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus suaimhneas anama a bhaint amach.

Faoi dheireadh, measaim go bhfuil dialann a choimeád, nó ‘‘journaling’’ as Béarla, cabhrach ar fad sa lá atá inniu ann. Choimeád mé dialann ó bhí mé trí bliana déag d’aois ach níor scríobh mé go rialta. Phioc mé suas arís é an bhliain seo caite, áfach, agus scríobh mé píosa beagnach gach lá. Tá sé iontach deas a bheith in ann léamh siar ar mo shaol ó am go ham. Anuas air sin, is minic a bhíonn do chuid buarthaí níos lú nuair atá siad scríofa síos ar pháipéar agus as do cheann. Is deis iontach é an cleachtadh seo chun breathnú thart ar do chuid mothúcháin. Cabhraíonn sé leat gnéithe duit féin a fháil amach nár thug tú faoi deara riamh. Is aoibhinn liom ag baint úsáide as “spreagthaí dialainne” ó Pinterest. Chomh maith leis sin, chuir an cuntas Instagram @leabhairpower liosta de spreagthaí dialanne suas, agus an rud is fearr arís ná go bhfuil siad ar fad as Gaeilge. 

Déanaim an t-ióga ar béal maidine agus déanaim an machnamh agus scríobhaim sa dialann díreach tar éis sin. Is nós laethúil iontach é agus cabhraíonn sé go mór liom le linn an dianghlasála seo. Gan amhras, tá sé deacair coinneáil leis ar dtús, cosúil le gach rud i ndairíre, ach is fiú a mheachán in ór é nuair a thugann tú aire do do chuid sláinte intinne is féidir leat a bheith cinnte faoi sin.

Gluais (Glossary)

Do chiall a choinneáil   to stay sane

Sláinte mheabhrach   mental health 

Modhanna seanbhunaithe     tried and tested methods 

Spioradálta  – spiritual 

Bheith i láthair – to be present

Machnamh     meditation 

Feidhm chognaíoch    cognitive function 

 Ar ámharaí an tsaoil – fortunately 

Aistear machnamhach    meditation journey

Machnamh faoi threoir    guided meditations

Síntiús     subscription 

Amadóir     timer 

Ióga    yoga 

Do solúbthacht agus do cothrom      your flexibility and balance 

Níos lúbaí     more flexible 

Aeistéitic    aesthetic 

Eolasach    informative 

Suaimhneas anama   inner peace 

Breathnaigh thart ar do chuid mothúcháin     explore your emotions

Spreagthaí dialainne     journal prompts

Ar béal maidin  first thing in the morning 

Is fiú a mheachán in ór é       it’s worth its weight in gold 

Sláinte intinne      mental health