Buaigh an téarma seo

Téigh ar ais chuig na bunrudaí agus ná bí ag deifriú, a deir Gráinne Nic Cathmhaoil

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Ní cheapaim go raibh mé i m’aonar ag tnúth le bheith ar ais sa choláiste don dara téarma, fiú i gcomhair lá amháin i rith na seachtaine. Le cinnteacht nach mbeidh an chuid is mó againn ar ais, agus go leanfaidh coláiste ar líne, ba cheart dúinn leas a bhaint as an am seo a oiread agus is féidir. Seo alt ar conas is féidir leat lántairbhe a bhaint as an téarma seo, mar níl aon rud is fearr ná nuair a mhothaíonn tú go bhfuil cúrsaí ollscoile ag éirí go maith agat. Fiú gur thosaigh an tearma cheana féin, níl sé ródhéanach guaim a chur ort féin.

An chéad leid atá agam ná liosta a scríobh le do mhodúil agus na liostaí leitheoireachta a bhaineann leo. Leid shimplí í seo, ach is bealach í chun cuntas a choinneáil ar gach rud, agus cabhróidh sé leat chun a bheith eagraithe agus suas chun dáta le do ranganna teagaisc agus do léachta. Anuas air sin, molaim duit roinnt léamha a phriontáil amach chun sos a thógáil ó na scáileáin ó am go chéile.

Má tá dúshraith lag ag teach, beidh an structhúr ar fad lag. Muna bhfuil tú ag codladh go maith nó go leor, muna bhfuil tú ag glacadh sosa ó na scáileáin, muna bhfuil tú ag ithe réim chothrom bia, beidh tionchar leis ar do fheidhmíocht, agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar do mheabhairshláinte chomh maith. Ceapaim nach mbaineann na nithe is tabhachtaí i do shaol mar mhac léinn leis an ollscoil ar chor ar bith, mar baineann siad go hiomlán leat féin. Tósóimid le codladh.

Feictear go gcoiméadaimid níos mó eolais foghlamtha i rith an lae má tá codladh sásúil againn an oíche roimh ré, agus ansin an oíche dár gcionn. Tá a fhios againn chomh maith go gcuireann solas gorm isteach ar choladh mar cuireann sé isteach ar tháirgeadh meileatoinin, an hormón chodladh. Ina theannta sin, feictear go nglanann codladh tocsainí amach ó d’inchinn a ardaíonn i rith an lae. Mar sin, dar leis na heolaithe, bíonn gnáthamh chodlata ag teastáil ó do chorp chun gach rud a choimeád chomh sláintiúil agus is féidir.

Agus mar a tharlaíonn sé, cabhraíonn gnáthamh aclaíochta le do chodladh. I do shuí os comhair scáileáin i rith an lae ar fad, beidh fuinneamh sa bhreis agat ag deireadh an lae mar is féidir le do cheann a bheith tuirseach, agus fuinneamh fós ag do chorp. Mar sin, ní bheidh codladh chomh maith agus is féidir agat an oíche sin. Chomh maith leis sin, cinnte dom féin, athraíonn mo ghiúmar nuair a théim ar shiúlóid san iarnóin. Caitheann gnáthamh aclaíochta an fuinneamh breise sin chun cinntiú go mbeidh codladh iontach agat agus chun do cheann a ullmhú don lá dár gcionn. 

Ina theannta sin, déan cairde le teorainneacha agus tú ag obair ón mbaile. Bí cinnte go ndéanann tú idirdhealú idir do chuid oibre agus do chaitheamh aimsire, agus is féidir é seo a bhaint amach ag bunú uaireanta oibre — uaireanta atá beartaithe agat roimh ré chun obair a dhéanamh. Ar an mbealach seo, structúr láidir agat, agus beidh níos mó oird ar do lá.

Faoi dheireadh, smaoinigh siar ar an gcéad téarma — cad a bhí cabhrach, is cad nach raibh ró-mhaith. Mar shampla- an raibh ort pulcadh do do scrúdaithe, ar chaith tú oícheanta ag gabháil do na leabhair? Mar sin, an bhfuil tú ag iarraidh aon rud a fheabhsú ón gcéad téarma? Tig leat liosta a scríobh leis na rudaí faoin gcéad téárma a thaitin leat agus na rudaí a bhfuil tú brodúil faoi, agus na rudaí nach raibh cabhrach. Ansin, molaim duit liosta eile a scríobh, ag rangú gach rud isteach i gcolúin atá faoi smacht agat, agus na rudaí nach bhfuil. Beidh tú in ann ansin diriú isteach ar na rudaí atá faoi smacht agat, agus glacadh leis na rudaí nach bhfuil aon chumas agat chun athrú. 

Mar bhuille scoir, molaim duit machnamh a dhéanamh ar chiall an fhocail ‘rath’. Bíonn ciall an fhocail difriúl do gach duine; tig leis a bheith ag baint céadonóracha amach i ngach modúil atá á dhéanamh agat, nó ag fáil pasanna i ngach rud. Baineann sé sin le do thosaíochta féin, agus níl aon duine eile in ann é sin a oibriú amach duit.

Cosúil le gach rud i do shaol, chun aon athrú a fheiceáil tá cleachtadh de dhíth. Ach má dhéanann tú iarracht chomhfhiosach, ar a laghad ar bith, beidh tú níos eagraithe, beidh tú ag codladh níos fearr agus ag déanamh níos mó aclaíochta ar son do shláinte. Tóg é go bog é, níor cheart athruithe a dhéanamh faoi dheifir, agus tóg é ó lá go lá.

Gluais (Glossary)

A oiread agus is féidir    As much as possible

Guaim a chur ort féin    To get yourself together

Cuntas a choinneáil     To keep track

Ranganna teagaisc      Tutorials

Léamha       Readings

Dúshraith    Foundations

Feidhmíocht     Performance/Ability

Meabhairshláinte     Mental Health

An oíche roimh ré     The previous night

Solas gorm     Blue light

Táirgeadh meileatoinin     Melatonin production

Hormón chodladh       Sleep hormone

Tocsainí        Toxins

Inchinn       Brain

Gnáthamh chodlata     Sleep routine

Gnáthamh aclaíochta     Exercise routine

Giúmar       Mood

Cinntigh    To make certain

Teorainneacha     Boundaries

Uaireanta oibre      Work hours

Roimh ré      Beforehand

Smaoinigh siar      Reflect on/Think back on

Pulcadh     To cram (for exams)

Rangaigh     To categorise

Colúin     Columns

Rath    Success

Céadonóracha    Firsts/First Class honours

Tosaíochta     Priorities

De dhíth     Needed

Iarracht chomhfhiosach    Conscious effort

Oíche a chaitheamh ag gabháil do na leabhair      To pull an all-nighter to study

Ar a laghad ar bith     At the very least

Ar son X     In the name of X

Tóg é ó lá go lá       Take it day by day

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.