Tionchar na pandéime ar mhic léinn na céad bliana

Labhraíonn Hazel Ní Bhroin le mac léinn sa chéad bhliain faoi éifeachtaí na paindéime ar eispéireas an mhic léinn

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Is cuimhin liom a bheith sceitimíneach agus mé ag smaoineamh faoi shaol an mhac léinn sa choláiste. Bhí mé ag tnúth go mór le bualadh le daoine nua agus a bheith i dtimpeallacht foghlama úr, agus sin gan trácht ar an siamsaíocht oíche i measc mac léinn. Táim an-bhuíoch go raibh seans agam blaiseadh a fháil ar na rudaí sin agus eispéireas an mhac léinn ceart a bheith agam, fiú ar feadh cúpla mí. Faraor, bhí mí-ádh damanta ar mhic léinn na céad bliana 2020. Mar gheall ar an gcoróinvíreas tá léachtaí ar líne don chuid is mó agus mar thoradh air seo, níl an deis ag an gcéad bhliain na gnáthrudaí a dhéanamh lena a raibh siad ag súil mar mhac léinn ollscoile. Shocraigh mé ceisteanna a chur ar mo dheartháir Seán atá sa chéad bhliain sa choláiste faoi láthair i leith na ndeacrachtaí atá cruthaithe dó de bharr na paindéime. 

Ba chóir go mbeadh an chéad bhliain sa choláiste saor ó bhuairt an tsaoil. Níor chóir go mbeidh tú sáinnithe sa bhaile gan aon siamsaíocht oíche le dianghlasáil ina luí go trom ort. Deir mo dheartháir nach raibh sé “in ann [mé] féin a shamhlú ag déanamh cairde nua agus ag freastail ar na heachtraí go léir eagraithe ag na clubanna agus na cumainn”. Ar ndóigh deir sé “go raibh díomá [orm] nuair a dúradh linn go mbeidh na léachtaí don téarma ar fad ar líne.”

Níor féidir liom a chreidiúint nár bhuail an chuid is mó de mhic léinn sa chéad bhliain lena bpiaraí go fisiciúl. Nach mór an trua é gur bhuail formhór na mic léinn seo lena bpiaraí don chéad uair trí scáileáin ríomhaire. Is dócha go bhfuil sé fíor-dheacair cairde nua a dhéanamh gan a bheith ar champus an choláiste. Aontaíonn mo dheartháir go mór leis seo: “Cheap mé go mbeadh seans agam bualadh le go leor daoine nua ag na hócáidí agus cóisirí go léir, go háirithe i gcomhair Sheachtain na bhFreisear, ach mar gheall ar chúrsaí reatha, bhí na heachtraí seo ar fad ar líne”. Ní iontas ar bith go bhfuil iarracht de dhíomá ar mo dheartháir, agus an chuid is mó don chéad bhliain is dócha.

Goilleann sé orm go bhfuil mic léinn sa chéad bhliain ag cailleadh amach ar ghnáthrudaí agus ar eispéireas an choláiste. Tuigeann mé féin agus mo dheartháir go bhfuil na srianta ag teastáil sa tír chun daoine a chosaint, ach ní hé sin le rá nach bhfuil éifeachtaí diúltacha ag na srianta seo ar dhaoine chomh maith. Deir mo dheartháir nach raibh “an seans [agam] bualadh le daoine nua agus mar gheall air sin, níl aithne agam ar éinne sna léachtaí.” Lean sé ar aghaidh, ag rá go mothaíonn sé “an-scoite mar thoradh air sin’. Ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar mhothúcháin na céad bliana mar is léir go bhfuil mic léinn áirithe ag streachailt. “Tá sé deacair go leor a bheith ag éisteacht leis an nuacht le daoine ag tabhairt amach faoi mhic léinn agus cóisir ar bun ina dteach acu, gan trácht ar bith ar na mic léinn atá ag cloí leis na rialacha ar fad.”

Tá an-trua agam do na mic léinn bhochta seo. Tá an próiséas aistrithe ón scoil go dtí an choláiste deacair go leor, ach i rith na n-amanna gan fasacha seo, tá sé níos dushlánaí ná riamh. Ba scáfar an smaoineamh é go mbeidh an dara bliain ag tosú sa choláiste gan aon taithí le saol an mhac léinn i ndáiríre. Mar sin, bheartaigh mé cúpla nod a fháil ó mo dheartháir faoi conas is féidir leis fanacht dearfach: “Tuigim go bhfuil sé deacair ach déan iarracht ballraíocht a ghlacadh sna clubanna agus cumainn. Is bealach iontach é chun cairde nua a dhéanamh, fiú nuair atá gach rud ar líne.” Deir sé, “Chabhraigh na hócáidí fíorúlal a bhí eagraithe acu go mór leis an uaigneas, agus mothaím i bhfad níos sceitimíní agus muiníní faoin mbliain seo chugainn anois”. Ná déan dearmad nach ionann an cás ag gach duine faoi láthair ach má tá tú ag streachailt, tá go leor seirbhísí ar fáil ar líne don chéad bhliain anseo.

Táimid ag teacht chuig deireadh an téarma agus dár liomsa, tá moladh tuillte againn ar fad tar éis na bliana crua seo. Tuigim nach raibh an bhliain seo mar a bhí beartaithe againn ach tá saol níos fearr i ndán dúinn. Deir mo dheartháir gur chóir dúinn ar fad a bheith dearfach, go háirithe rang na céad bliana 2020. “Coinnigh leis, beidh saol na mac léinn ceart againn go luath.”

Gluais (Glossary)

Gan trácht    Not to mention 

Blaiseadh    Experience

Saor ó bhuairt an tsaoil    Carefree

Sáinnithe    Trapped

Ina luí go trom ort    Burdened by

an tír ar an ngannchuid    The country has fallen on hard times

Ní féidir liom a shéanadh    I can’t deny

Seachtain na Bhfreisear    Freshers week

Cúrsaí reatha    Current affairs

Ní iontas ar bith    It was only to be expected

Iarracht de dhíomá    Left slightly underwhelmed 

Goileann sé orm    It pains me

Srianta    Restrictions

An-scoite    Very isolated

Neamhaird a thabhairt    Disregard

Cósir ar bun ina dteach acu    Hosting a party

Próiseas aistrithe    Transition process

Níos dúshlánaí ná riamh    More challenging than ever

Ba scáfar an smaoineamh é    It’s a daunting prospect

Mar a bhí beartaithe    As planned

Tá saol níos fearr i ndán dúinn    There are brighter days ahead

Moladh    Praise