An ról atá ag Kneecap i réabhlóid na Gaeilge

Bhí an slua faoi gheasa ag an ghrúpa Kneecap ag a cheolchoirm san Olympia an tseachtain seo caite

Mura bhfuil aithne agat ar an tríréad hip-hop as Iarthar Bhéal Feirste, crúthaíonn siad ceol scríofa idir Ghaeilge agus Bhéarla, dírithe ar dhaoine óga. Baineann an triúr úsáid as ainmneacha cleite; bíonn Móglaí Bap agus Mo Chara ag rapáil, le DJ Próvaí ag stiúradh an cheoil. 

Labhraíonn Kneecap faoi shaol an duine óg fiáin sa lá atá inniu ann. Is dócha gur chuala sibh an chéad shingil a bhí acu, C.E.A.R.T.A, a eisíodh i 2017. Bhí an t-amhrán mar fhreagra ar Acht na Gaeilge sa Tuaisceart, agus tá sé lán de thagairtí gnéis, foiréigin agus drugaí. Is cuimhin liom an lá a thaispeánadh an físeán dom, nuair a bhí mé ar an mheánscoil. Bhí iontas orm ar dtús. Níor chuala mé a léithid riamh. Ceol le liricí dána, buille a mhair i mo chloigeann, agus scríofa i nGaeilge? Ba dheas an t-athrú é. 

Grúpa conspóideach atá iontu gan dabht.  Rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta cinsireacht orthu i 2017 de bharr na topaicí achrannach a luann siad. Níl aon amhras faoi mhíniú an liric “Ná f***in éist le RTÉ” san amhrán Incognito nuair atá sé sin ar eolas agat. Tá loinnir na dánachta i súile na mbuachaillí i gcónaí, agus is cuma leo faoi na cáintí.

“Ceol atá ann nár chóir dúinn canadh os comhair ár dtuismitheoirí, ach ceol atá ann a chruthaíonn féiniúlacht náisiúnta agus bród dár dteanga ionainn.”

Má tá muid chun an teanga gharbh atá in úsáid ag Kneecap a chur i leataobh, tá an grúpa ag déanamh an-mhaitheas d’athbheochan na Gaeilge i measc daoine óga. Cha raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga don chuid is mó dúinn. D’fhoghlaim muid an teanga ar scoil, agus bhí an t-eolas sin ina dheilín againn san Ardteist. Tá muid cleachtaithe le haistriúcháin TG Lurgan, agus an t-albam CEOL a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge gach bhliain. Cé go rinne na grúpaí seo sár-iarracht leis an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach a rachadh i bhfeidhm ar dhéagóirí, d’athraigh Kneecap an dóigh inár úsáideann muid an ceol trí Ghaeilge sa domhan nua-aimseartha. Ceol atá ann nár chóir dúinn canadh os comhair ár dtuismitheoirí, ach ceol atá ann a chruthaíonn féiniúlacht náisiúnta agus bród dár dteanga ionainn. Tá meon difriúil againn ar an Ghaeilge anois, is féidir leis a bheith cúláilte, dalba agus nua-aoiseach.

Scríobhann Kneecap a chuid ceoil i gcáiniúint Uladh, dár ndóigh. Bhí sé suimiúil slua na ceolchoirme a chloisteáil ag scáirteadh liricí leis an bhlas céanna. Glac an liric ‘tá na baggies ar an talamh,’ mar shampla. Bhí an focal ‘talamh’ ráite agus athráite le fuaim ‘u’ ag an deireadh, rud a líon mo chroí le háthas mar ghaeilgeoir as Dún na nGall. Ba chóir go mbeadh muid ag caomhnú na cainiúintí difriúla ar fud na tíre, agus tá sé deas blas láidir Béal Feirste a chloisteáil i gceol Kneecap.

B’fhéidir nár chóir duit éisteacht le ceol Kneecap le do mhamó i láthair, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil a triúr ag cur le hathbheochan na Gaeilge i measc an dream óg. Níor shíl me go mbeinn i seomra líonta le daoine ag screadadh liricí Gaelach in aoncheol riamh, ach sin mar a bhí san Olympia an Mháirt seo caite.  A léithid d’atmaisféar níor airigh mé riamh le mo bheo. Cé go mbíonn léithid RTÉ agus an BBC á cáineadh níos minicí ná a mhalairt, tá a lucht leanúna faoi dhraíocht acu ar aon nós. Tá sé soiléir go bhfuil Kneecap ag déanamh éacht ar an bhealach ina úsáideann muid an Ghaeilge sa lá atá inniu ann.