Comharthaí mílitrithe ar an gcampas: Easpa measa ar Ghaeilgeoirí

Tá meancóga litrithe agus gramadaí i nGaeilge le feiceáil ar fud an champais. Cad chuige seo agus an dtarlódh a leithéid i dtaobh an Bhéarla?

Má shiúlann tú timpeall champas Choláiste na Tríonóide, b’fhéidir go sílfeá go bhfuil an-obair á déanamh ag an gcoláiste maidir le comharthaíocht dhátheangach, shílinnse é ar aon nós. Ar a laghad, shíl mé é go dtí go raibh mé ag siúl amach ó Bhloc na nEalaíon chuig Sráid Dásain lá amháin agus chonaic mé comhartha beag ar an urlár a chuir in iúl go raibh mé go deimhin ar an mbealach amach. Thug mé faoi deara agus mé ag amharc air, ámh, go raibh rud éigin contráilte leis an gcomhartha seo: bhí litriú míghramadúil air. Scríobhadh “AN SLÍ AMACH” go ceannasach air amhail is mura mbeadh aon imní ar an té a rinne é go mbeadh earráid ann. Mar is eol dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu, tá an focal “slí” baininscneach, agus dá bhrí seo, cuirtear “t” ag tús an fhocail i ndiaidh an ailt uatha. Mar sin de, ba cheart go scríobhfaí “AN tSLÍ AMACH” ar an gcomartha seo. Chuir sé seo isteach orm agus mé ag smaoineamh ar an easpa aire a léirigh sé. Bhí súil agam gurbh eisceacht é seo agus nach raibh meancóga bunúsacha eile le feiceáil ar chomharthaíocht ar fud an champais. Bhí dul amú orm, faraor.

Uaidh sin amach, léinn na comharthaí go léir agus mé ag dul ó fhoirgneamh go foirgneamh, ar na cosáin agus sa leabharlann. Ba luath a fuair mé amach nach raibh an comhartha míghramadúil sin ina aonair. Tá comharthaí mílitrithe míghramadúla ar fud fad na háite: ag Leabhar Cheannanais, ar an mbealach isteach ó Shráid Dásain, sna seomraí ranga i mBloc na nEalaíon agus araile. Tá comhartha amháin a chonaic mé i seomra ranga a bhfuil raiméis ghlan scríofa air faoi threalamh taifeadta (le feiceáil thíos). An t-aon fháth a raibh mé ábalta a thuiscint cad a bhí i gceist ná go raibh an Béarla ann. Um an dtaca seo, bhí mé ar buile. D’éirigh sé go han-soiléir dom nach raibh meas ag an gcoláiste orm mar Ghaeilgeoir. Sin ráite, caithfear a rá gur féidir an sórt meancóige céanna a fheiceáil ar fud na tíre ar chomharthaí bóithre a mhílitríonn logainmneacha amhail is dá scríobhfadh páiste beag iad.

“Ní féidir le teanga ar bith sa lá atá inniu ann dul ó neart go neart má tá drochthuiscint ag a cuid cainteoirí ar a rialacha scríofa.”

Cé chomh náireach agus atá an amaidí seo? Mar sin féin, ar ais i gColáiste na Tríonóide, an ghné ba bhrónaí faoin scéal ná nach raibh ionadh mór orm. Is ollmhór an trua a admháil gur iomaí a chuireann institiúidí mar an coláiste i gcéill go bhfuil meas acu ar chéad teanga na hÉireann, gur mhaith leo í a fheiceáil i mbarr na sláinte agus gach rath uirthi, chun, mar a deir siad, “ár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint.” Ach má smaoiníonn tú i gceart air, ní thig léi maireachtáil, fiú, muna gcruthaítear atmaisféar ina n-úsáidtear mar theanga an phobail í. Ina theannta sin, déanann mílitriú mar seo in áiteanna oifigiúla dochar don lucht foghlama chomh maith. Ní féidir le teanga ar bith sa lá atá inniu ann dul ó neart go neart má tá drochthuiscint ag a cuid cainteoirí ar a rialacha scríofa. Muna gcreideann tú cad atá á rá agam, cuir ceist ort féin an dtarlódh an cineál ruda seo riamh maidir leis an mBéarla. An freagra simplí ná nach dtarlódh. Riamh. Agus cad chuige nach dtarlódh sé? Mar tá caighdeán litrithe agus gramadaí ag an mBéarla a fhoghlaimítear ag achan duine ag aois óg toisc gurb é sin an tslí a n-oibríonn teanga i gcomhthéacs sochaíoch.

Tá sé saghas ait gur gá an cáineadh seo a dhéanamh ar Choláiste na Tríonóide, ámh, ó tá Oifigeach na Gaeilge againn. Tá sí i gceannas ar an Scéim Cónaithe agus cuireann sí an teanga chun cinn ar neart bealaí sa choláiste trí eolas faoi acmhainní a chur in iúl agus ceangail a dhéanamh le heagraíochtaí Gaeilge taobh amuigh den choláiste. Áine Ní Shúilleabháin is ainm di, agus bheadh sise sásta a chinntiú nach dtarlaíonn na meancóga seo a chuireann náire orainn go léir mar ollscoil. An t-aon fhadhb ná, bhuel, is dóigh nach dtugtar na rudaí seo di le profáil. Deir sí mar a leanas ar ábhar na comharthaíochta:

“Is cúis díomá é na botúin atá sna comharthaí ar tarraingíodh m’aird orthu a fheiceáil. Cuireann an oifig seo tacaíocht ar fáil don ollscoil chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh trí aistriúcháin saor in aisce agus treoir maidir le reachtaíocht teanga a chur ar fáil i measc seirbhísí eile. Tacaíonn formhór d’fhoireann agus de mhic léinn Choláiste na Tríonóide le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus tá díomá orm go gcuirfí comharthaíocht mar seo in airde ar ár gcampas. Molaim do phobal na hollscoile teagmháil a dhéanamh liom le haghaidh cúnaimh nuair atá comharthaíocht á hullmhú ionas gur féidir tacaíocht a chur ar fáil chun toradh níos fearr a bhaint amach.”

Tá Oifigeach na Gaeilge ag an gcoláiste chun áit agus sábháilteacht na Gaeilge a dheimhniú, agus is dócha go ndéarfadh an lucht riaracháin go bhfuil a dhóthain á dhéanamh aige mar gheall air seo amháin, ach an fhírinne ná nach dóthain é sin in aon chor. Tá na Gaeil thar a bheith dulta i dtaithí le béalghrá gan ghníomh uathu siúd a bhfuil cumhacht acu, agus seo sampla foirfe den amaidí a sheasann cainteoirí Gaeilge ó lá go lá. Sa chás seo, tá na botúin seo chomh bunúsach go bhféadfadh Google Aistrigh cuid mhaith díobh a cheartú. Agus má tharraingítear aird an choláiste ar an gceist áirithe seo, tá seans maith go ndéarfaidh an lucht riaracháin go mbeidh orainn fanacht go dtí go mbeidh comharthaí nua ag teastáil, rud éigin eile nach dtarlódh riamh dá mbeadh earráid d’aon chineál déanta i mBéarla. Mar Ghael, nuair a fheicim an fhuarchúis seo, feictear dom gur cuma mé féin agus m’fhéiniúlacht.

Tá na mílte duine ó cheann ceann an oileáin a mhúsclaíonn gach lá le dóchas agus le huaillmhian ar son na Gaeilge, ach éiríonn sé deacair an misneach sin a choinneáil agus muid ag streachailt le húdaráis nach ndéanann beart de réir a mbriathair.