Fostaíocht sa Ghaeilge

Pléann Trinity News deiseanna fostaíochta sa Ghaeilge faoi láthair agus sa todhchaí

FEATURES

Tá an Ghaeilge mar theanga oifigeach an tAontas Eorpach le linn naoi mbliana anuas ach, cé go bhfuil stádas oifigúla aici, ní teanga ‘oibreatha’ í. Sé sin ráite, níl ar an tAontas Eorpach, seirbhisí aistriúcháin nó seirbhísí teangacha a chur ar fáil cé go bhfuil siad curtha ar fáil do ná fiche trí theanga eile san Aontas. Tá aistriúcháin Gaelach éigeantach do dhoiciméid ach amháin sa chás ina bhfuil cinne le déanamh ag Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na hEorpa le chéile. Ach ó mí Eanair 2022 ar aghaidh, tá an Ghaeilge chun a bheith mar teanga ‘oibreatha’ san Aontas Eorpach. Ciallíonn sé sin go mbeidh ar chuile doiciméid a bheith aistruithe i nGaeilge as sin amach.

Stádas an Ghaeilge faoi láthair

“I 2012 dúirt 1.77 millúin duine go bhfuil sé ar a gcumas Ghaeilge a labhairt.”

Meastar go labhraíonn níos lú ná 1% de dhaonra na hÉireann an Ghaeilge mar phríomh theanga go leathúil agus iad sa bhaile nó i mbun oibre. I 2012, bhí breis is 400 bunscoil, meánscoil lán-Ghaelach agus scoileanna Gaeltachta ar fud na hÉireann. Níl na torthaí craolaithe don daonáirimh ba dheireanaí, ach i 2012 dúirt 1.77 millúin duine go bhfuil sé ar a gcumas Ghaeilge a labhairt. Ón 1.77 millúin sin, dúirt 77,185 go labhraíonn siad í go leathúil, lasmuigh den córas oideachais. Dúirt duine as gach ceathrar nach labhraíonn siad í ar chor ar bith. Seachas sin, is léir go bhfuil lucht labhartha, éisteachta agus féachana mór go leor sa tír faoi láthair.

Ní hamháin sin, ach is léir freisin go bhfuil fíor gá dúinn freastal ar gach léibhéal Gaeilge agus daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a neartú. Is gá dúinn an bhearna sin idir 1.77 millúin agus 77,185 daoine a laghdú mar ní fiú teanga a bheith agat, teanga dúchasach go háirithe, gan í a úsáid.  Mar a deireann an seanfhocal, “is fearr Gaeilge bhriste, ná Béarla cliste”.

Na hEalaíne

Ceaptar go minic go bhfuil an chuid is mó de na postanna atá le fáil trí mheán na Gaeilge i seirbhísí teangaireacht agus seirbhísí aistriúcháin. Níl sin fíor, áfach. Tá breis is 750 fostaithe i meáin na Ghaeilge; ar an teilifís, ar an raidió, sna nuachtáin agus sna meáin dhigiteacha. Bronntar duaiseanna náisiúnta sna meáin Gaeilge, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, gach bliain ar iriseoirí, ar aisteoirí, ar láithreoirí, agus ar go leor daoine eile a bhfuil baint acu leis an earnáil. Is léir go bhfuil an-bhéim curtha ar na healaíona sa Ghaeilge.

Tá sí ag dul ó neart go neart san earnáil sin. Tar éis fiche bliain, tá TG4 ag bhaint amach níos mó ná 500,000 breathnóirí. Tugann Ealaín na Gaeltachta, Forás na Gaeilge agus na Comhairlí Ealaíona tacaíocht d’ealaíontóirí agus do thionscadail trí mheán na Gaeilge. Bíonn go leor folúntas ann chomh maith i bpostanna a bhaineann le dramaíocht agus féilte, cosúil leis na grúpaí Fíbín, Aisling Ghéar agus Aisteoirí Bulfin. Osclaíodh an amharchlann Gaelach, An Taibhdhearc, arís i 2012 i gContae na Gallaimhe, le drámaíocht Gaelach a chur chun cinn. Tá i gconaí comhairle, deontas nó tacaíochta de shaghas éigin le fáil agat nuair a oibríonn thú tríd mheán na Gaeilge.

Tá rath mór ar an raidió freisin. Tá Raidió Rí-Rá, Raidió na Life agus dár ndóigh, Raidió na Gaeltachta ag dul ó neart go neart. Tá roinnt stáisiún a chraolann chuid mhaith dá scéalta as Gaeilge freisin, cosúil le BBC Tuaisceart Éireann. Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú ar fáil do chláir Ghaeilge ar an teilifís agus ar an raidió faoin darbh ainm, Sound and Vision. Dár ndóigh athníonn formhór an sobalchlár Ros na Rún, a bhíonn ar TG4 go rialta, agus an Nuacht TG4.

Is iomaí dráma, scéal, dán agus clár a bhfuil cruthaithe as Gaeilge. Go minic bíonn meoin ann le linn aistritheoirí gur gá dúinn na cláracha, scéalta agus dánta seo a aistriú go Bhéarla ionas go mbeadh lucht labhartha, éisteachta agus féachana níos mó acu mar is í an sainiúlacht a chuireann go mór leis na luchtanna sin ar fad. Is earnáil sabhair íad na hEalaíne.

An tAistriúcháin

Tá 180 post nua chun a bheith curtha ar fail d’aistritheoirí san Aontas Eorpach roimh 2022, nuair a bheidh an Ghaeilge mar theanga ‘oibreatha’. Dúirt an tAontas Eorpach go n-íocfadh siad don chostas a bhaineann leis an cinne seo, mar a dhéanann sí le gach teanga oifigeach, ach is gá do rialtas na hÉireann an oiliúint cheart a chur ar fáil ionas go bhfuil an lucht oibre ann. A bhuí don nuacht seo, tá borradh tagtha ar líon na ndaoine ina bhfuil suim acu san aistriúcháin agus sa teangaireacht. Má tá tú ag iarraidh a bheith i do bhall de Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann, ITIA, ní mór duit pas a fháil sa Scrúdú Oifigiúil Ballraíochta. Is gá idir dhá bhliain agus cúig bliana de thaithí a bheith agat chomh maith san aistriúchán agus/nó cáilíocht mar aistritheoir/teangaire.

Bíonn scrúdú bliantúil ag Forás na Gaeilge mar chuid dá chóras creidiúnaithe a ghlaotar ‘Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge’ agus, má éiríonn leis na ndaltaí, cuirtear a n-ainmneacha ar liosta aistritheoirí creidiúnaithe Forás na Gaeilge. Oibríonn an tAontas Eorpach an t-seirbhís aistriúcháin is mó ar an domhan agus caithfidh sé a bheith ar do chumas trí theanga Eorpacha a labhairt. Tá deiseanna ar fáil do riarthóirí, aistritheoirí agus do dhlítheangeolaithe. Má tá tú ag iarraidh post a bheith agat san Aontas Eorpach ní mór duit pas a fháil i gcomórtas oscailte a eagríonn siad chun obair san Aontas Eorpach.

Fresin, tá an borradh le féachaint sa TFC, teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, ag cur go mór le gach mionteanga. Anois tá go leor bogearraí, suíomh greasáin agus achmhainní ar fáil do dhaltaí ar mhaithe leo chur lena líofacht agus cruinneas. Le TFC, is féidir le a bhfad níos mó daoine thar lear teagmháil rialta a bheith acu leis an Ghaeilge, rud a cabhríonn le postanna aistriúchán a spreagadh amach anseo.

Is léir go bhfuil go leor deiseanna fostaíochta sa Ghaeilge, go háirithe le stádas na Ghaeilge ar tí athrú i súile na hEorpa. Tá go leor achmhainní curtha ar fáil freisin do Ghaelgóirí ó gach leibhéil. Ní fiú ach sraicfhéachaint siar ar an Ardteist agus cuimhniú ar an seanfhocal dúchas; “tír gan teanga, tír gan anam”.