Spreagann ráiteas an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin ceist thábhachtach ar an dóigh a chaitear le lucht na Gaeilge in Éirinn

D’iarr Conradh na Gaeilge air a raiteas “maslach” a tharraingt siar, ach ina agallamh le Nuacht TG4 faoina chuid foclai­ochta, duirt se nach raibh aifeala air faoi a raibh raite aige, ach b’fheidir go n-usaidfeadh se “tearmai­ocht difriuil” an chead uair eile go mbeidh an Ghaeilge a phle

Credit: Neil Ward

COMMENT

Déardaoin seo a chuaigh thart labhair an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin os comhair an Seanaid mar chuid de plé ar theanga na Gaeilge. Labhair sé ar líofacht na tíre sa Ghaeilge, teagasc na teanga sa chóras oideachais, agus an dóigh ina réitíonn na Gaeil leis an chuid eile de dhaonra na tíre seo.

.

Is é go díreach, an cuir síos sin a rinne sé ar na nGaeil, an fáth a tarraingíodh an oiread airde ar a ráiteas. Dúirt sé go bhfuil lucht na Gaeilge “chomh ardnósach sin”, a thuairimí bunaithe ar theachtaireachtaí a fuair sé ó dhaoine a deir sé, agus go bhfuil “fáth ann a ghlaoitear an Taliban orthu”.

Níor ghlac lucht na Gaeilge go bog lena ráiteas. D’iarr Conradh na Gaeilge air a ráiteas “maslach” a tharraingt siar, ach ina agallamh le Nuacht TG4 faoina chuid foclaíochta, dúirt sé nach raibh aiféala air faoi a raibh ráite aige, ach b’fhéidir go n-úsáidfidh sé “tearmaíocht difriúil” an chéad uair eile go mbeidh an Ghaeilge á phlé.

Bhí cásanna ann inar glaodh “an Taliban” ar lucht na Gaeilge roimhe seo chomh maith. Roinnt blianta ó shin scríobhadh alt san Irish Independent leis an teideal “Pupil’s father battles the ‘Gaeilge Taliban'”, ina rinneadh cuir síos ar athair Rúiseach, a bhí ag gearán nach dtiocfadh leis a ghirseach oideachas lán-Bhéarla a bheith aici i nGaeltacht an Daingean.

Arís eile, scríobh Victoria White san Irish Examiner i 2015 go bhfuil iad siúd a chosnaíonn an teanga “like the Taliban” ina halt, a d’úsáid sí le rá gur “idiocy” a bhí ann iarracht a dhéanamh athbheochan na Ghaeilge a bhaint amach trí Acht Parlaiminte.

Dúirt an tÚdarás Craolacháin in Aibreán 2015 go raibh cás ag gearánach a dúirt gur maslach ionsaitheach a bhí i gclár “Phoneshow” Chris Barry ar FM104, inar dhúirt siad “[Irish-speakers] piss people off”, ag ghlaoch “nutters” agus “fanatical” ar lucht na Gaeilge.

Tá na Gaeil breá cleachtaithe leis na cinéal maslaigh seo. Idir Ghaeltacht agus Galltacht, déantar amach go bhfuil na Gaeil go díreach stobarnta nuair a dhéanann siad an Ghaeilge a úsáid go hoscailte ina saoil laethúil.

Mar a dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ina fhreagair chuig Ó Ríordáin Déardaoin, “dá mbainfeadh duine ar bith eile úsáid as a leithead de théarma cosúil le ‘Taliban’, le cuir síos [a dhéanamh] ar pobal áirithe, bheadh an Seanadóir céanna istigh anseo ag bualadh a dhruma is ag tabhairt a bharúil ar an idirlíon ag seasamh suas ina éadán”.

Déanann seo cur síos maith ar an dóigh atá. Tá cuma ar an scéal in Éirinn go bhfuil sé ceart go leor a bheith ag sprochadh as lucht na Gaeilge gan aon iarmháirtí, leatrom a dhéanamh orthu nach bhfaighfeá ar shiúl le a dhéanamh ar dhreamanna eile.

D’éirigh le Ó Ríordáin cuid mhór trácht a tharraingt air féin i mí na Samhna le óráid ghonta, bhríomhar ag gearán faoi thoghadh Donald Trump. Thug sé “monster” agus “fascist” ar an dTrumpach, agus sheasaigh sé go láidir in éadan a chuid polasaithe, a dhearcadh ar mhná is inimircí, agus gach rud a bhí ráite aige le linn a chomhrac toghcháin. “I don’t use the word fascist lightly” a dúirt sé, ach is sin go díreach a ghlaoigh sé ar an dTrumpach, agus tá cuma are an scéal go bhfuil lucht mór daoine den tuairim céanna leis.

Tuigim a chás. Tuigim go bhfuil sé féin agus cuid mhaith de dhaonra na tíre seo go hiomlán in éadan na rudaí atá ráite ag Ó Ríordáin faoi mhná, faoi Mhoslamaigh, is mionlaigh eile. An rud nach bhfuil tuigmheálach nó an dóigh a bhfuil na daoine céanna – é féin ina measc – ábalta an reitric céanna a mbíonn siad ag tabhairt amach faoi, a úsáid agus iad ag déanamh tagairt ar na nGaeil.

Ní ionann lucht na Gaeilge is an Taliban. Ní ionann dream ar mhaith leo a saoil a chaitheamh trína dteanga féin is sceimhlitheoirí míleatacha. Níl sé ceart ná cóir go mbeadh daoine ag déanamh an oiread de mhaslú orthu siúd a bhfuil ag iarraidh teanga na hÉireann a choinneáil beo. Is iomaí an triail ar an nGaeilgeoir i measc na mBéarlóirí, ach níor cheart a bheith ag caitheamh anuas air ar a shlí.