“Speak Me I’m Irish”: oíche chultúir agus teanga i Seomra na Gaeilge

Aréir chuaigh Sinéad de Barra chug ócáid sár-speisialta leis an gCumann Gaelach, DUISS agus S2S

trinity-life

“Bhí iarrachtaí cróga uaisle ag teacht ón ngrúpa agus iad ag iarraidh ainmneacha ar nós “Tadhg” agus “Róisín” a rá. Gan amhras, bhí gach duine ag gáire tar éis tamaillín. “

Ag a seacht ó chlog Dé Máirt bhailigh slua ilchultúrtha le chéile i Seomra na Gaeilge agus iad ag tnúth le hoíche spraoiúil, éadroim agus breac le heolas. D’eagraigh an Cumann Gaelach leis an grúpa S2S agus DUISS (Dublin University International Students’ Association) an ócáid seo chun taispeáint ar dhaltaí idirnáisiúnta agus cinnte cuimhne a chur ar ár mhic léinn Éireannach comh maith roinnt de na bhuaicphointí ónár gcultúr saibhir Éireannach in atmaisféar neamhfhoirmiúil. Dúirt na heagarthóirí Míde Ní Ghríofa agus Benn Ó hÓgáin go raibh éileamh ard ón mhuintir idirnáisiúnta cúpla focail Ghaeilge a fhoghlaim.

Tar éis píosaí cáca milis áille ón mbácús “Queen of Tarts” agus gloine (nó dhó) de Bhaileys, thosaigh an oíche le ceisteanna fhoghraíochta a chuireadh ar an lucht féachana. Bhí iarrachtaí cróga uaisle ag teacht ón ngrúpa agus iad ag iarraidh ainmneacha ar nós “Tadhg” agus “Róisín” a rá. Gan amhras, bhí gach duine ag gáire tar éis tamaillín. Le duaiseanna dona chainteoirí is fearr ba léir go raibh gach éinne ag glacadh páirt.

Tar éis sin bhí seisiúin beag de ‘speed dating’. Piocadh daoine go randamach tar éis gach páirt agus cuireadh ceisteanna orthu faoina phairtnéir a raibh orthu a fhreagair go huile is go hiomlán as Gaeilge. Chuaigh na freagraí i gcion orm go mór agus iad ag labhairt Gaeilge don chéad uair riamh!

“Roinneadh gach éinne i mbeirteanna agus thosaigh is dócha an céilí is neamh-gnáthach a raibh riamh ar siúil in Éirinn. Ní raibh buntáiste ollmhór ag na Éireannaigh dúchasach ach chúitíodh misneach don thallann ar a laghad agus i gcúpla nóiméad bhí uile duine i lár Ionsaí na hInise.”

Thosaigh an fíor craic níos déanaí áfach nuair a tháinig an Trad Soc go dtí na foirne. Roinneadh gach éinne i mbeirteanna agus thosaigh is dócha an céilí is neamh-gnáthach a raibh riamh ar siúil in Éirinn. Ní raibh buntáiste ollmhór ag na Éireannaigh dúchasach ach chúitíodh misneach don thallann ar a laghad agus i gcúpla nóiméad bhí uile duine i lár Ionsaí na hInise.

img_0692

Nuair a chríochnaigh an polca don uair dheireanach chualathas bualadh bos mór dona gceoltóirí iontach agus bhí orainn go léir deis a fháil ar ár anáileachaí. Tugadh amach na duaiseanna deireanach dona rinceoirí is fearr agus bhí orainn slán a fhágaint ansin. Ba rath ollmhór é an ócáid agus chuaigh gach duine abhaile agus a bpócaí níos lán leis an teanga agus cultúr draíochtúil Éireannach.

Sinéad Barry

Sinéad Barry is a current Deputy Comment Editor of Trinity News. She is a Junior Sophister English Literature and Philosophy student, and a former staff writer.