Do shiamsaíocht agus do riachtanais, ach trí Ghaeilge

Molann Gráinne Nic Cathmhaoil áiseanna agus earraí ar fáil as Gaeilge.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Fáilte romhat ar ais, nó den chéad uair, chuig an aonad Gaeilge! Ar an gcéad dul síos, ba mhaith linn anseo sa nuachtán buíochas a ghabháil le duine ar bith a thug tacú dúinn dár gcéad fhoilsiú sa roinn seo. Tá sceitimíní an domhain orainn tús a chur leis an gcaibidil nua seo sa nuachtán.

Gan a thuilleadh moille, tá an dara eagrán dár sraith anseo! Muna bhfuil an chéad eagrán léite agat, is sraith í seo a léiríonn pócaí éagsúla de chultúr agus teanga na Gaeilge. Bhíomar ag iarraidh cuidiú a thabhairt d’éinne a bhí ag streachailt leis an dianghlasáil, nó a bhí ag iarraidh níos mó Gaeilge a instealladh isteach ina saol. Thosaigh muid leis na meáin shóisialta, agus go háirithe Instagram. Mhol mé na leathanaigh is fearr a leanúint ar Instagram chun snas a chur ar do chuid Gaeilge le linn an dianghlasáil. Tá an t-alt sin ar fáil anseo má tá suim ar bith agat i bpobal na Gaeilge ar Instagram.

An tseachtain seo, táimid ag plé gnóthaí agus eagraíochtaí a chuireann seirbhísí agus earraí as Gaeilge ar fáil. Ní liosta iomlán é seo, ach is tús é dóibh siúd atá ag iarraidh tacaíochta a thabhairt do ghnóthaí Gaeilge beaga le linn na laethanta seo, nó d’éinne atá ag lorg Gaeilge a chur san áireamh ina gcuid meáin le podchraoltaí agus araile. Caithfidh mé a lua chomh maith go bhfuil leathanaigh shóisialta ag an gcuid is mó de na gnóthaí nó eagraíochtaí seo; bealach iontach chun a bheith suas chun dáta le haon rud ag baint leo, nó fiú chun Gaeilge a chur ar d’amlíne.

Chun tús a chur leis an liosta seo, caithfidh mé focal buíochais a thabhairt do na stáisiúin raidió. Idir Raidió Rí-Rá, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Na Life, le podchraoltaí chomh maith le raidió, cuireann siad rogha iontach, saor in aisce ar fáil dúinn. Molaim féin ‘The Nobody Zone’ le RTÉ maidir le cúrsaí choireachta, ach tá réimse leathan ar fáil acu ar fad i dtaobh ábhar cosúil le nuacht, cultúr pobail agus cúrsaí nós maireachtála. Is féidir leat éisteacht leo beo ar líne, agus tá na podchraoltaí ar fáil ar líne, ar Apple Podcasts nó ar Spotify.

Maidir le leabhair as Gaeilge, ní féidir leat dul ar strae leis An Siopa Leabhar. Ó mo thaithí féin, bíonn siad an-ghasta ag comhlíonadh na n-orduithe, agus tá neart catagóirí acu, idir leabhair pháistí agus téascleabhair na n-ollscoileanna.

Tá cúpla leathanach shuimiúil ar Instagram nach bhfuilim in ann fagáil amach. Ar dtús, tá @nine.arrow, @doodlesbyum agus @threelittlebirdsillustration. Is maisitheoirí iad a chuireann stáiseanóireacht, t-léintí, priontaí agus cartaí ar díol, agus is dócha go bhfuilim ag déanamh dearmaid ar rudaí sa liosta sin. Má tá tú ag lorg leabhar nótaí galánta, nó ag iarraidh breithlá sona a ghuí ar an nGaeilgeoir i do shaol, iadsan na leathanaigh duitse.

An bhfuil tú ag iarraidh do chuid féiniúlachta a chur in iúl le d’éadaí? Lean @gaeilgheansai ar Instagram chun éadaí le nathanna éagsúla trí Ghaeilge a cheannach, cosúil le ‘Tá Gaeilge Agam’ agus ‘Bí Brodúil’ do Mhí an Bhróid.

Faoi dheireadh, cruthaíonn @bloc_tg4 inneachar as Gaeilge do dhaoine atá thar sé bliana déag d’aois. Le déanaí, chuir siad sraith amach faoi gheandáil i gcoraintín. Scríobh Hazel Ní Bhroin, ár leas-eagarthóir anseo sa rannóg Ghaeilge, léirmheas faoin gcéad eipeasóid anseo

Gluais (Glossary)

Gan a thuilleadh moille           Without further delay

Eagrán                            Installment

Instealladh                  To inject

Snas a chur ar               To brush up on something

Earraí                        Goods/Products

Ní liosta iomlán é seo              This is not an exhaustive list

Iad siúd                         Those (of you)

Meáin                   Media

Agus araile           Etc/ Etcetera

Focal buíochais          Shoutout

Cúrsaí choireachta      Crime- related things

Cultúr pobail               Pop Culture

Cúrsaí nós maireachtála           Lifestyle- related things

Comhlíonadh               Fulfilling

Maisitheoirí               Illustrators

Priontaí               Prints

Galánta           Snazzy

Mí an Bhróid      Pride Month

Inneachar             Content (for a website)

Geandáil             Dating

Rannóg             Section

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.