(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)
Uaireanta, bíonn sé deacair go leor tú féin a spreagadh chun aclaíochta a dhéanamh, agus d’fhéadfaí a rá go ndearna an dianghlasála cúrsaí aclaíochta i bhfad níos deacra le dúnadh na n-ionaid aclaíochta. Bíonn trealamh costasach de dhíth chun traenáil le meáchain sa bhaile agus mar sin, bhí sin dodhéanta don chuid is mó i rith an dianghlasáil. Bhí roinnt daoine spreagtha chun slíthe nua a fháil chun a gcuid folláine (agus a meoin) a choiméad, le físeáin ar Youtube agus scéalta beo ar Instagram. Go pearsanta, bhí an só agus an t-anró agam i rith an dianghlasáil maidir le haclaíocht. D’fhág an taithí seo mé fiosrach faoi mhic léinn eile agus conas a ndeachaigh siad i dtaithí leis na srianta sa tslí seo. Labhair mé le Jason, mac léinn Gaeilge, faoina thaithí le haclaíocht le linn an dianghasála.
Do Jason, spreag an timpeallacht é chun dul ag rith: “Níor thaitin sé liom a bheith ag rith sa chathair mar bhí an iomarca daoine ann, bhí truailliú ann… ní raibh fonn orm dul amach.” D’athraigh rudaí nuair a bhí air dul ar ais chuig na tuaithe : “Tá sé níos easca dul amach faoin tuath mar tá níos mó [cosáin], tá níos lú daoine ann, agus tá sé níos áille [ann] … tá radharcanna áille [ann].” Deir sé go bhfuil sé “ar [a] sháimhín” faoin tuath, agus ardaíonn an pointe seo léargas faoi chúrsaí aclaíochta nár smaoinigh mé faoi; le heaspa na n-ionaid aclaíochta, tá argóint ann le rá go bhfuil acalaíocht in aice láimhe faoin tuath, i bhfad níos mó ná sa chathair.
Ach, níl sé go léir chomh furasta lena dhath faoin tuath, mar leanann Jason ar aghaidh ag rá gur tháinig faitíos air sa deireadh ag dul amach, “faoin tuath bhí daoine ag bípeáil orm agus mé ag rith … tá sé maslach agus cuireann sé eagla orm nuair a bhím ag rith in aice leis an mbóthar”, a dúirt sé. “Chuaigh mé amach ag rith le linn na hoíche, ag a dó-dhéag a chlog … bhí sin an-aisteach dom, mar cheapaim gur athraigh an coróinvíreas mo nósanna aclaíochta [sa bhealach sin]… cheap mé go raibh sé níos sábháilte a bheith ag rith le linn na hoíche nó nuair nach raibh a lán daoine thart orm.” Mar sin, ní raibh an coróinvíreas an t-aon rud a bhí ar a mheoin, ach daoine ag cur eagla air agus é ag déanamh cúráim dá chuid folláine agus a mheoin. Stopfadh imeaglú mar sin éinne ag dul lasmuigh chun aclaíochta a dhéanamh.
Luann Jason go ndearna sé iarracht an Ghaeilge a chur san áireamh ina chuid aclaíochta chomh maith, ag féachaint ar an gclár teilifíse Campa Cúla4 ar TG4. “Ceachtanna aclaíochta a bhí i gceist … tá sé dírithe ar pháistí, ach ceapaim go bhfuil sé oiriúnach do ghach saghas duine … d’fhoghlaim mé na codanna difriúla den chorp.” Seo é an rud díreach a bhí á lorg agam leis an alt seo; é sin ná conas a ndeachaigh mic léinn eile in oiriúint leis na srianta. “Chuidigh sé liom feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge.”
Caitear a cheistiú na himpleachtaí as a bheith ag déanamh aclaíochta taobh amuigh i gcomparáid le taobh istigh an tí, “[Taobh amuigh], chuidigh sé liom a bheith i gceannas ar mo chuid mothúcháin, [ach taobh istigh] bhí sé níos sábháilte mar nach raibh gá ann dul amach.” I mo thaithí féin, bíonn meascán de dhíth. Taobh istigh, braithim uaim an ionad aclaíochta agus mé sáinithe sa teach an t-am ar fad. Lasmuigh, bím in ann dearmad a dhéanamh ar ghnáthchúrsaí na linne seo.
Ach an leanfaidh sé ar aghaidh leis na nósanna nua i ndiaidh an dianghlasáil? “Ceapaim go leanfaidh mé ar aghaidh i mbliana mar tá sé tábhachtach agus táim i dtaithí [leis] anois.”
I ndiaidh an agallaimh seo, táim fágtha ag déanamh iontais faoi mhic léinn eile — ar athraigh an dianghlasáil a ndearcadh i leith folláine? An raibh éifeacht ar dhaoine maidir lena sláinte mar gheall ar an víreas? An raibh daoine spreagtha chun aire a thabhairt ar a gcuid sláinte? Ar a laghad, dá mbeadh daoine ag tabhairt níos mó aire dóibh féin, bheadh muid in ann rud dearfach a bhaint amach den ghéarchéim seo.
Gluais (Glossary)
D’fhéadfaí a rá Arguably/One could say
Ionad aclaíochta Gym
Traenáil le meáchain Training with weights
Costasach Expensive
Dodhéanta Unfeasible/Out of the question
Folláine Fitness
Scéalta beo Live stories
An só agus an t-anró The ups and downs
Truailliú Pollution
Tuath Countryside
Cosáin Walking trails
Ar a sháimhín Relaxed/At his ease
Argóint Argument
In aice láimhe Within reach/Readily accessible
Chomh furasta lena dhath As easy as it seems
Sa deireadh Eventually
Ag déanamh cúráim de X To maintain X in good condition
Imeaglú Intimidation
Codanna Parts
Cuir/téigh in oiriúint To adapt
Srianta Restrictions
Ag déanamh iontais To wonder
Dearcadh i leith X Perspective/ Attitude towards X
Éifeacht Effect/Impact
Géarchéim Crisis