Tionchar na paindéime ar mhic léinn

Léiríonn Hazel Ní Bhroin conas a chuireann na srianta isteach ar mhic léinn i mbealaí éagsúla agus iad ag tabhairt faoi chúrsa i rith na géarchéime.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i cló trom).

Faraor, tá formhór na ndaoine timpeall an domhain fágtha le go leor deacrachtaí éagsúla  mar thoradh ar an bpaindéim seo. Beag beann ar do bhliain, agus tú sa chéad bhliain nó sa cheathrú bliain, tá go leor fadhbanna cruthaithe do mhic léinn maidir leis an víreas.

Goilleann sé orm smaoineamh faoi mhic léinn nua agus iad ar bís chun tosú an Choláiste cúpla mí ó shin. Anois, tá gach rud athraithe. Tá formhór na múinteoireachta déanta ar líne, níl aon siamsaíocht oíche ann faoi láthair, tá na clubanna agus cumainn ar fad ar líne agus ní bheidh ach ócáidí fíorúil i gceist i gcomhair Seachtain na bhFreisear. Mothaím an-trua do na scoláirí bochta seo. Cinnte, tá comhbhá agam leis na mic léinn eile sa Choláiste freisin ach, ar a laghad, bhí an deis ann saol na mac léinn ceart a bheith acu.

Ag leanúint na treorach ón rialtas agus comhairle sláinte poiblí, tá na léachtaí ar fad ar líne ar feadh tamaill. Chruthaigh sé seo go leor éiginnteachta i measc na mac léinn ar fad, go háirithe do mhic léinn a bhí ag smaoineamh faoi chóiríocht a fháil ar cíos i mBaile Átha Cliath. Go hiondúil bíonn éarlais de dhíth leis an áirithint don lóistín a dheimhniú chomh maith. An raibh gá leis muna mbeidh muid ar an gcampas ar chor ar bith? Cuirtear go leor struis ar mhic léinn agus a gcuid tuismitheoirí. Bhí mé féin i gcruachás maidir leis an chinnidh seo ach, táim thar a bheith sásta anois agus mé tar éis lóistín a fháil. Bhí mé idir dhá chomhairle ar feadh tamaill fada.  Níl a fhios againn cén uair ina mbeidh muid in ann freastal ar na léachtaí go fisiciúil agus, mar sin, níl a fhios againn an mbeidh an lóistín de dhíth don bhliain seo. Anois, smaoiním air mar bhealach chun cairde nua a dhéanamh agus gnáthamh laethúil a chruthú le mo spás cónaithe féin. Ta sé deacair go leor bogadh amach as an teach don chéad uair, gan an neamhchinnteacht atá thart gach rogha a dhéanamid na laethanta seo.

 D’fhéadfadh, dar liomsa, go bhfuil mic léinn ag streachailt faoi láthair mar gheall ar na srianta seo. Ná déan dearmaid go bhfuil go leor seirbhísí ar fáil sa Choláiste má tá tú ag mothú  imníoch. Má tá fadhb ar bith agat, is féidir cabhair a fháil anseo. Is minic a bhíonn mic léinn ag mothú uaigneach, go háirithe nuair nach bhfuil go leor eachtraí ar siúl na laethanta seo. Má tá tú ag mothú uaigneach nó ba mhaith leat páirt a ghlachadh in  imeachtaí fíorúila chun cairde nua a dhéanamh is féidir an féilire a fháil anseo. Tá tionchar láidir ag an gcoróinvíreas ar shaol sóisialta na hÉireann. Ní féidir bualadh le daoine nua chomh héasca mar a bhí sé agus tá go leor eachtraí éagsúla curtha ar ceal nó curtha siar don bhliain seo chugainn. Cruthaíonn sé seo go leor fadhbanna do scoláirí mar is páirt ollmhór é an saol sóisialta agus an siamsaíocht oíche d’eispéireas an mac léinn. Freisin, beidh deacrachtaí acu cairde nua a dhéanamh gan a bheith ar champas an Choláiste. Nílim i gcoinne na srianta ar chor bith agus tá a fhios agam go bhfuil siad de dhíth sa tír agus ar mhaithe linn féin atá siad. Ach, fós féin, tá an-trua agam do mhic léinn nua agus iad ag casadh lena chomhscoláirí don chéad uair trí scáileáin ríomhaire. 

An comhairle atá agam daoibh ná lántairbhe a bhaint as an mbliain seo. Cé go bhfuilimid i measc téarma ollscoile gan fasach faoi láthair, caithfimid iarracht a dhéanamh sult a bhaint as a oiread agus is féidir linn. Ba chóir dúinn a bheith mar bhaill de na clubanna agus cumainn éagsúla agus páirt a ghlacadh sna hócáidí fíorúil atá curtha ar siúl. Is féidir na heachtraí ar fad atá ar siúl ar líne a fháil anseo.  Cinnte, coinnigh i dteaghmháil le do chairde ach, cé go bhfuil sé difriúl ar líne, déan sár-iarracht cairde nua a dhéanamh chomh maith. Ná déan dearmad go bhfuil na scoláirí nua ar fad sa chás céanna. Ní féidir linn an todhchaí a thuar, ach, tá súil agam go bhfuil dea-bhliain taitneamhach acadúil romhainn ar fad.

Gluais (Glossary)

Goilleann sé orm- It pains me

Comhbhá- Empathy

Comhairle sláinte poiblí- Public health advice

Éarlais- Deposit

Eiginnteacht- Uncertainty

I gcruachás- In a dilemma

Idir dhá chomhairle- To be in two minds about

Gnáthamh laethúil- Daily routine

Neamhchinnteacht- Uncertainty

Curtha siar- postponed

Eispéireas na mac léinn- The student experience

Comhscoláirí- Classmates

Lántairbhe a bhaint- Make the most of it

Gan fasach- Unprecedented

Ócáidí fíorúil- Virtual events

An todhchaí a thuar- Foresee the future