An Scéim Cónaithe i gColáiste na Tríonóide

Labhraíonn Hazel Ní Bhroin le mac léinn faoina eispéireas sa Scéim Cónaithe an Choláiste go dtí seo

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

Tá an Scéim curtha ar fáil ag Oifig na Gaeilge agus Coiste na Gaeilge chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol na hollscoile. Is lóistín lán-Ghaeilge é do mhic léinn sa dara, tríú agus sa cheathrú bliain. Tá Gaeilge líofa ag teastáil agus ba chóir go mbeidh tú sásta í a labhairt sa saol laethúil agus páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla trí Ghaeilge chomh maith. Osclaítear an próiseas iarratais i mí Feabhra nó Márta, agus tugtar cuireadh chun agallaimh do na mic léinn a bhaineann áit amach ar an ngearrliosta. Labhair mé le Maitiú De Bhaltún, mac léinn sa dara bhliain, atá mar bhall den Scéim i mbliana. 

Do Mhaitiú, seo a chéad uair ina chónaí as baile, “Bhíos i gcónaí ag iarraidh a bheith i mo chónaí as baile don ollscoil”. Don chuid is mó againn, agus muid ag fáil níos sine, bíonn gá le hathruithe éagsúla agus theastaigh ó Mhaitiú lóistín a fháil “chun a bheith neamhspleách, agus don chraic chomh maith”.

Is rogha dheacair é an lóistín is fearr duit féin a phiocadh. Deir Maitiú gur phioc sé an Scéim Cónaithe, “toisc go raibh mé ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga i mo shaol.” Is bealach iontach é an Scéim chun do Ghaeilge a fheabhsú nó a choimeád suas, go háirithe mura mac léinn Gaeilge thú. Leanann Maitiú ar aghaidh ag rá “níl Gaeilge ag mo thuismitheoirí agus níor fhreastail mé ar scoil lán-Ghaeilge, [agus] mar sin, mhothaigh mé gur sheans foirfe í an scéim domsa”. Do Mhaitiú, rogha éasca a bhí i gceist mar bhí sé ag iarraidh imeachtaí a eagrú san ollscoil trí mheán na Gaeilge. Bhí níos mó gaelchairde ag teastáil uaidh chomh maith agus dá bhrí sin, bhí an Scéim Cónaithe do mhic léinn mar lóistín den scoth dó.

Le linn na n-amanna gan fasach seo, níl a fhios againn an mbeidh seans againn freastal ar na léachtaí go fisiciúil sa Choláiste at chor ar bith an bhliain seo, agus mar sin, caitear a cheistiú ar chóir cóiríocht ar cíos a fháil ar chor ar bith? “Táim lánsásta le mo chinneadh mar d’fhan mé sa bhaile faoin tuath don chéad dianghlasáil agus ar a laghad táim le cairde agus i lár na cathrach don cheann seo”. Tá sé deacair go leor bogadh amach as an teach don chéad uair, níos deacra le paindéim inár measc ach, deir Maitiú, “níl aon rud nach dtaitníonn liom faoin Scéim – tá sé foirfe”. Is cosúil go bhfuil Maitiú níos fearr as a bheith mar bhall den Scéim an bhliain seo.

Tá sé go hiomlán normálta a bheith cumhach agus tú i do chónaí as baile don chéad uair ach, luann Maitiú nach bhfuil sé cumhach ar chor ar bith. Deirtear gur chóir tú féin a choinneáil gnóthach chun an chumha a chosc, agus sin é atá á dhéanamh aige sa Scéim faoi láthair, “Bímid ag freastal ar chiorcal cainte atá eagraithe ag an gCumann Gaelach gach Luan agus bímid ag déanamh Tiktoks trí Ghaeilge”, area Maitiú. “Beidh dhá imeacht ar a laghad eagraithe againn don bhliain seo agus táimid ag tnúth go mór leo”. 

Tar éis an agallamh seo, táim fágtha ag mothú an-bhródúil as an gColáiste. Is scéim iontach é seo atá curtha ar fáil do mhic léinn chun an Ghaeilge a spreagadh i measc muintir na hollscoile agus is léir go ndéanann sé é sin i ndiaidh a bheith ag labhairt le Maitiú. Cuireann siad lóistín lán-Ghaeilge ar fáil do mhic léinn atá paiseanta faoin nGaeilge le deontas €1000. Chun a bheith go hiomlán ionraic faoi, tá éad orm agus mé tar éis labhairt le Maitiú, mar is léir go bhfuil sé ag baint an-sult as ar fad. “Is clann muid sa Scéim agus bheinn caillte gan a bheith anseo leo an bhliain seo”.

Gluais (Glossary)

Líofa- Fluent

Próiseas iarratais- Application process

Cuireadh- Invitation 

Gearrliosta- Shortlist

Neamhspleách- Independant

Le linn na n-amanna gan fasach seo- During these unprecedented times 

Cóiríocht ar cíos- Rented accommodation

Cinneadh- Decision

Dianghlasáil- Lockdown

Níos fearr as- Better off

An-bhródúil- Very proud

Deontas- Grant

Ionraic- Honest