Na scrúdaithe is cáiliúla sa Choláiste

Labhraíonn Anthony faoina thaithí leis na scrúduithe scoláireachta, agus pléitear na deacrachtaí a bhaineann leo.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom)

Le deireadh na bliana seo ag teannadh linn, diríonn caint i measc pobal an Choláiste ar na scrúduithe Scoláireachta. Más olc maith leat é, chomh deacair is a bhíonn na scrúduithe, tá argóint ann le rá go mbeidh na scrúdaithe i bhfad níos deacra an bhliain seo. Tagann na scrúduithe salach ar scrúduithe na Nollag—níl ach coicís eatarthu. Labhair mé le hAnthony, duine a fuair Scoláireacht sa Ghaeilge, faoina thaithí leis na scrúdaithe, a thuairim fúthu, agus faoi lochtanna na scrúduithe is cáiliúla sa Choláiste.

Labhraíonn gach duine faoin leas a bhaintear amach as na scrúduithe maidir leis an dara téarma sa bhliain. Deirtear go mbíonn an t-ábhar ar fad déanta agatsa do na scrúduithe Scoláireachta, agus is féidir leat suí thiar ar gcúl maidir le do chuid staidéir. Bhíos ag labhairt le cúpla comhscoláirí faoina scrúduithe, ag fiarfraí dóibh an bhfuil siad á dhéanamh, agus bhí cuma ar an scéal go raibh scrúduithe an tsamhraidh ceann de na príomhfháthanna a bhí acu chun iad a dhéanamh.

Ach an fíorscéal é sin? Nó an dreas cainte atá i gceist? “Ní chuidíonn sé ró-mhór leis na scrúdaithe ag deireadh na bliana,” a léiríonn Anthony. “Ó thaobh na Gaeilge de, cuidíonn sé beaganín ó thaobh an scrúdú gramadaí de a bhíonn ag deireadh na bliana, ach seachas sin, ní déarfainn go mbeadh siad mórán cabhrach d’éinne ó thaobh sin de.” Mar sin, má tá an buntáiste sin ar bharr do cheann i gcomhair scrúdaithe an tsamhraidh, b’fhéidir nár chóir sé a bheith do phríomhfhath chun iad a dhéanamh.

Ní féidir liom a shlamhlú cé chomh deacair is a bheadh sé chun tabhairt faoi na scrúdaithe Scoláireachta an bhliain seo. Chun a bheith buartha faoin bpaindéim, a bheith ag cothromú gnáthimní an tsaoil, agus a bheith ag tabhairt faoi dhá shraith scrúdaithe idir Nollaig agus na Scoláireachtaí. Sin gan trácht ar na deacrachtaí a bhaineann le foghlaim ar líne, le do dheifiúr óg ag screadach thíos staighre le linn na léachta, d’idirlíon ag teacht agus ag dul uaireanta, agus má tá tú ag iarraidh, nó b’fhéidir go bhfuil sé ag teastáil, do phost páirtaimseartha a choinneáil don bhliain acadúil chomh maith. 

B’fhéidir go bhfuil go leor forluí maidir le scrúdaithe na Nollag agus na scrúdaithe Scoláireachta? Cinnte go raibh cuid den ábhar céanna clúdaithe ag an dá rud,” arsa Anthony. “Mar shampla, rinne mé Béarla, agus bhí ceist ar Shakespeare ar an scrúdú scoláireachta [a bhí déanta agam] cúpla seachtain roimhe sin.” Ach, is dócha nach bhfuil aon dearbhú: “[Bhí] mé níos buartha faoi na scrúduithe Scoláireachta ná a bhí mé faoi scrúduithe na Nollag mar ní raibh ach scrúdú amháin agam um Nollaig, agus bhí an t-ábhar ar an scrúdú Scoláireachta.” Ar ndóigh, ní bheadh sin an chás do gach duine, ach is dócha gur féidir forluí éigin a bheith ann. Ach, ní bheinn ag brath air

“Bheifeá as do mheabhair ag smaoineamh go bhfuil seans agat iad a ‘fháil’, agus bheifeá as do mheabhair gan an deis a thapú.”

An rud a chuireann isteach ormsa ná bíonn saghas brú ann ó dhaoine i do shaol agus tú fós ag déanamh cinneadh faoi na scrúduithe, nó chun dearmad a dhéanamh orthu amach is amach. Bheifeá as do mheabhair ag smaoineamh go bhfuil seans agat iad a ‘fháil’, agus bheifeá as do mheabhair gan an deis a thapú. Rogha an dá dhíogha atá ann. Cuireann sé drithlíní fuachta liom nuair a chuireann éinne an ceist orm mar measaim gur ceist lódáilte í d’éinne sa dara bliain.

Ach fós féin, is deis iontach iad na scrúduithe. Mar a dúirt Anthony, “Is rud é go bhfuil siad in ann do shaol a athrú go huile is go hiomlán.” Anuas ar sin, bíonn sé tábhachtach cumais na mac léinn a aithint, agus is maith an rud é go mothaíonn mic léinn go mbeidh duais ann nuair a oibríonn siad go dian. Ach bhí mé fiosrach faoin gcóras Scoláireachta seo go háirithe, agus mar dhuine a rinne é “as [a] stuaim féin”, ar thug Anthony aon rud faoi deara a spreag sé chun smaoinimh, ‘is féidir sin a bheith níos fearr’? “Tá aithne agam ar dhaoine anois a fuair é, agus caithfidh mé a rá go raibh cúlraí rachmasach go leor ag an gcuid is mó [acu].” Leanann Anthony ar aghaidh, ag rá go bhfuil argóint ann le rá nach mbíonn “an Scoláireacht de dhíth orthu i ndáiríre, agus is dócha go bhfuil daoine ann sna blianta eile atá ag streachailt.” 

Conas a réitíonn muid fadhb an éilíteachais sna scrúduithe, agus fírinní an tsaoil? Is cuma le fóstóirí faoi do chúlra airgeadais agus mar sin, cén fáth ar chóir an Coláiste? Níl an freagra sin agam faoi láthair, ach idir an dá linn, leanfaidh an traidisiúin ar aghaidh an bhliain seo ar aon nós. Agus do na daoine atá chun triail a bhaint as na scrúduithe i mbliana? Aon leid, aon chomhairle? Cad é an ghnáthamh chun éirigh leis an ‘Sch.’ ríthábhachtach sin a fháil in aice le d’ainm? “Is dócha nach bhfuil aon leid mhaith agam i mbliana mar tá an rud ar fad difriúil,” a dúirt Anthony. “Ach, ó mo thaithí féin de, dearfainn do dhaoine chun an obair a chur isteach, déan do dhícheall, agus b’fhéidir go n-éiróidh leat, ach ná bí ag súil leis mar tá tú ag imirt leis an seans; níl a fhios agat cad a tharlóidh ar an lá.” Ní dóigh liom gur drochchomhairle atá ann.

Gluais (Glossary)

Pobal an Choláiste                College Community

Na scrúthduithe Scoláireachta        Schols exams

Más olc maith leat é          Love it or hate it

Tagann salach ar              X are clashing

Ábhar             Material

Comhscoláire              Classmate

Príomhfhathanna            Primary reasons

Dreas cainte            Natter

Buntáiste                 Advantage

Sraith                Set

Forluí              Overlap

Dearbhú               Guarantee

Ní bheinn ag brath air               I wouldn’t bet on it

Roghan an dá dhíoga atá ann              Damned if you do, damned if you don’t

Cuireann sé drithlíní fuachta liom            It sends chills down my spine

Lódáilte                     Loaded

Rachmasach              Wealthy

Fóstóirí              Employers

Idir an dá linn               In the meantime

Ríthábhachtach                All-important

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.