Mic léinn ag staidéar thar lear i rith paindéime

Labhraíonn beirt mic léinn ón bhFrainc atá ag staidéar in Éirinn faoina dtaithí le linn na paindéime seo

Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.

Bliain gan réamhshampla inár measc an bhliain seo, go háirithe i gcomhair mic léinn atá ina gcónaí thar lear don bhliain acadúla. Tá sé deacair go leor a bheith ag foghlaim is ag déanamh léachtaí ar líne an bhliain seo, níos deacra má tá tú i do chónaí as baile i gceantar nach bhfuil eolas agat air, agus sin gan trácht as a bheith i dtír go hiomlán difriúl. Ta go leor rudaí athruithe timpeall an domhain an bhliain seo mar gheall ar an gcoróinvíreas. Dúshlán scáfar atá ann cairde nua a dhéanamh i dtír dhifriúil, agus nuair atá gá le mascanna a chaitheamh agus scaradh sóisialta a chleachtú. Labhair mé le mic léinn Maeva agus Mathilda faoina dtaithí leis, agus iad ina gcónaí in Éirinn faoi láthair.

Is páirt ollmhór é an saol sóisialta agus siamsaíocht oíche d’eispéireas an mac léinn. Ach faoi láthair, tá formhór na múinteoireachta déanta ar líne agus níl aon shiamsaíocht oíche ceadaithe ach an oiread. Bhí Maeva agus Mathilda ag tnúth go mór leis an saol sóisialta in Éirinn roimh an gcoróinvíreas, “Nílimid i gcoinne na srianta ar chor ar bith, ach, caithfidh mé a rá go raibh saghas díomá orm nuair a thángamar anseo”, a dúirt Maeva, “agus an bhliain seo i mBaile Átha Cliath á samhlú agam, níor cheap mé nach mbeadh cead agam a bheith i gclubanna oíche le mo chairde nua!”. D’aontaigh Mathilda le Maeva, “Cinnte, aontaím go bhfuil na srianta ag teastáil agus ar mhaithe linn ach, tá sé an deacair dúinn bualadh le daoine nua i dtír go hiomlán difriúil nuair atá ár léachtaí ar fad ar líne agus nuair nach féidir linn taisteal níos mó ná 5km ón árasán seo”. Tá an-trua agam dóibh agus d’aon mhic léinn atá ag staidéar thar lear an bhliain seo.

D’fhéadfadh, dar liomsa, go bhfuil mic léinn ar fud an domhain ag mothú uaigneach cosúil le Maeva agus Mathilda, mar níl go leor eachtraí ar siúl na laethanta seo. Ach i rith paindéime, le cultúr difriúil agus bacainní teanga, is dócha go bhfuil mic léinn i mbun staidéir thar lear ag streachailt leis an gcumha agus leis an uaigneas níos mó ná riamh. “Cinnte, cheap mé go mbeadh sé deacair a bheith i mo chónaí i dtír dhifriúil gan mo chlann agus mo chairde ar fad” a deireann Maeva, “ach, cheap mé go mbeadh mo laethanta ar fad líonta le himeachtaí difriúla”. Chlaon Mathilda a ceann go gruama, “sea, cheap mé go mbeadh mé chomh gnóthach sin, nach mbeadh an t-am agam a bheith cumhach!”.

Nuair a bhog mé amach as an teach don chéad uair an bhliain seo, cinnte mhothaigh mé cumhach ar feadh tamaill, ach bhí a fhios agam nach raibh mo chlann agus mo chairde i bhfad uaim. Bhí mé ar mo shuaimhneas mar bhí a fhios agam go mbeidh mé in ann iad a fheiceáil pé uair ba mhian liom, ach, is scéal difriúl é i gcomhair Maeva agus Mathilda. “Bhí ár n-eitiltí curtha in áirithe againn cúpla seachtain ó shin, ionas go mbeadh muid in ann dul ar ais go dtí an Fhrainc don Nollaig” a mhínigh Maeva dom. Lean Mathilda ar aghaidh, “Ach, cúpla lá ó shin, fuaireamar ríomhphost ag rá go gcuireadh ár n-eitiltí ar ceal, agus bhíomar trína chéile”. Is léir go bhfuil go leor neamhchinnteachta timpeall gach rogha a dhéanaimid na laethanta seo agus cé nach bhfuil sé ceart, caithfimid go léir fanacht chomh dearfach agus is féidir.

“Níl dabht ar bith ann go bhfuil an bhliain seo lán le mascanna agus díghalrán lámh, go hiomlán difriúil ná an bhliain lán le cóisirí agus spraoi a shamhlaíomar anuraidh” a dheireann Maeva, “ach, fós féin, is timpeallacht nua, spreagúil é agus tá gach duine chomh cairdiúl, táimid sona sásta anseo!”. Deireann Mathilda gur “áit álainn í Éire agus táimid ag súil go mbeidh muid in ann cuairt a thabhairt ar níos mó áiteanna timpeall na tíre níos déanaí sa bhliain”. Tar éis an agallaimh seo a dhéanamh, táim fágtha ag smaoineamh ar fhocal tábhachtach amháin: dóchas. Deireann Maeva go bhfuil “ballraíocht glactha [againn] i gclubanna agus cumainn dhifriúla atá curtha ar fáil ar líne agus ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, táim cinnte go mbainfimid lántairbhe as an mbliain seo”. Le linn na n-amanna gan fasach seo, bíonn ort titim isteach leis na cúinsí. Tá sé deacair tú féin a choinneáil dóchasach faoin todhchaí, ach thaispeáin Mathilda agus Maeva dom gur chóir dearcadh dearfach a bheith agat más féidir, fiú mura bhfuil rudaí ag dul de réir mar a bhí beartaithe agat. 

Gluais (Glossary)

Dúshlán scáfar- daunting challenge

Ag tnúth go mór- really looking forward to

Bacainní teanga- language barriers

Bhí mé ar mo shuaimhneas- I was comfortable

Pé uair ba mhian liom- whenever I wanted

Cuireadh ár n-eitiltí ar ceal- our flights were cancelled

Díghalrán lámh- hand sanitizer

Dóchas- hope

Ballraíocht glactha- joined/membership

Ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile- either way

Bainfimid lántairbhe- make the most of it

Titim isteach leis na cúinsí- adapt to circumstances

Rudaí ag dul de réir mar a bhí beartaithe- things going to plan