Féinléiriú trí Ghaeilge: Agallamh le cruthaitheoir Gaeilgheansaí

Le níos mó daoine ag éirí níos bródúla faoin nGaeilge, is cinnte go bhfuil níos mó spáis san margadh do níos mó tairgí Gaelacha.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.)

Idir Brexit agus an phaindéim, cánacha nua agus ganntanas stoic, tá níos mó constaicí anois ná riamh do chomhlachtaí agus d’fhiontraithe. Ina thaobh seo, chuaigh mé chun bualadh le Cecily Nic Cionnaith, cruthaitheoir Gaeilgheansaí, an gnó a dhíolann geansaithe leis na nathanna, “Tá Gaeilge Agam”, “Tá Cúpla Focal Agam”, agus “Bí Bródúil”. Labhair mé le Cecily faoi na constaicí ag baint le gnó le tairgí trí Ghaeilge, comhairle d’fhiontraithe nua, dushláin roimh ghnóthaí sa lá atá inniu ann, agus aon phleananna ag Gaeilgheansaí don bhliain nua seo.

Ar dtús, tá sé soiléir gur líon Cecily bearna sa mhargadh le Gaeilgheansaí. Deireann suíomh gréasáin Gaeilgheansaí go gcuireann daoine “iad féin in iúl óna n-éadaí faoina gceol, tuairimí (ar nós geansaithe Repeal) agus theastaigh an rud céanna uainn don Ghaeilge”. Tá daoine ag éirí níos brodúla faoin nGaeilge agus ag iarraidh é sin a thaispeáint don domhan, agus ceapann Cecily go mbaineann sé seo le “sochaí go ginéaralta”. Tugann sí faoi deara gur “fiú ar Instagram, má tá duine go maith le smideadh bíonn cuntas smididh acu, agus má tá duine go maith le teanga bíonn cuntas acu sa teanga sin.” Tá daoine ag éirí níos bródúla ar an iomlan, agus “ag éirí níos bródula as an rud atá tábhachtach [dúinn].” Tá sé fíor chomh maith gur tháinig Gaeilge isteach sa chultúr pobail sa blianta beaga anuas, an sampla a thugann Cecily anseo ná an ceol as Gaeilge ó na coláistí samhraidh, “rudaí cineál ‘cool’ as Gaeilge”, a deireann Cecily. 

 “Cloisim go minic nach bhfuil an Ghaeilge beo agus nach bhfuil aon fhiúntas léi” 

Ach is fíorscéal é go ndeireann daoine gur teanga mharbh í an Ghaeilge. “Cloisim go minic nach bhfuil an Ghaeilge beo agus nach bhfuil aon fhiúntas léi”, a deireann Cecily, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil níos mó díograise amach ansin do thairgí as Gaeilge ná cáineadh, “Rud amháin a chloisim ó chairde nach bhfuil Gaeilge acu, gur mhaith leo geansaí le ‘Tá Béarla Agam’ air, ach ní dóigh liom go mbeidh sin ar fáil riamh.”

Leis an gcomhlacht seo, chruthaigh Cecily níos mó spáis do Ghaeilgeoirí ó aon leibhéal scile lena tairgí. Chruthaigh sí spás chomh maith do Ghaeilgeoirí LADTA leis an ngeansaí “Bí Bródúil”, mar baineann sé go léir le bród, compord agus ag dul sa seans– a bheith dóchasach go glacadh daoine leat. Is féidir a rá go mbaineann fiontraíocht leis na rudaí céanna, ag fágáil compoird ar son rud éigin is fearr. 

“Má theipeann ort, tá rudaí le foghlaim ó sin.” 

Rinne Cecily staidéar ar Eacnamaíocht agus Gaeilge sa choláiste agus mar sin, chuir sé dhá shuim le chéile chun an gnó seo a bhunú agus chun éirí leis an éifeacht dhearfach seo a bhí aici. Cad a déarfadh sí leis na daoine a bhfuil ag iarraidh comhlacht a thosú agus éifeacht chomhchosúil a dhéanamh, ach nach bhfuil clú acu cá dtosóidís? Comhairle an-phraiticiúil atá aici, “Foghlaimeoidh tú an-chuid go tapa, cosúil le cad a oibríonn, cad a thaitníonn ó dhaoine, cad a theastaíonn ó dhaoine chomh maith, agus mar sin sílim gur fiú é triail a bhaint as, mar má theipeann ort, tá rudaí le foghlaim ó sin.” Leanann Cecily ar aghaidh ag rá chun a bheith cinnte go mbeidh “roinnt airgid agat mar má theipeann air, ní bheadh tú i bponc, ní gá na milliúin a bheith agat ach b’fhéidir cúpla céad agus ansin, cinnte tóg an seans.”

I ngnáth-amanna tá na meáin shóisialta fíorthábhachtach d’éinne a bhfuil ag iarraidh rud éigin nua a dhéanamh, ach go háirithe i gcomhair gnólacht nuathionscanta. Seans chun píosa margaíochta a dhéanamh go hiomlán saor in aisce, trí phostálacha do chustaiméirí nó léirmheasanna a uaslódáil, “Tá an-chumacht ag na meán shóisialta agus tá sé an-úsáideach chun an scéal a scaipeadh, le h-aiseolas a bhailiú, agus le teagmháil a dhéanamh le custaiméirí.”

Ar ndóigh, níl duine ar bith nár chur an phaindéim isteach air, agus tá a fhios againn nach raibh na comhlachtaí saor ó éiginnteacht, “bhí moill an-mhór leis an bpost agus tá fós faraor, bhí sé dúnta go hiomlán go Meirceá agus go dtí an Astráil agus cúpla tír eile ar feadh píosa”. Ach níl an phaindéim an t-aon deacracht ar an láthair a thuilleadh, “tá sé deacair anois teacht ar na clúdaigh litreacha a úsáidimid, ach déarfainn go bhfuil sin bainteach le Brexit thar aon rud eile.”

Ganntanais, moilleanna, cánacha nua, saol nach bhfacthas riamh agus todhchaí níos éiginnte ná riamh, ba cheart go mbeadh rud maith amháin faoin saol nua seo do na comhlachtaí, “Ag mí na Samhna agus mí na Nollag, bhí níos mó siopadóireachta ar siúl ar líne, agus chabraigh sé sin linn, agus bhí níos mó béime curtha ar shiopadóireacht Éireannach agus bhí sin go maith dúinn chomh maith.”

Cosúil leis a lán daoine eile, bhí Cecily ró-bhuartha faoi 2020 chun a bheith in ann smaoineamh faoi 2021, “bhí an-éileamh [ar na geansaí] ag am Nollag agus bhíomar ag pacáil na n-orduithe gach lá i mí na Nollag, agus mar sin, níl machnamh domhain déanta againn faoin mbliain seo chugainn.” Faraor, titeann fadhbanna bliain amháin isteach i mbliain eile, go háirithe nuair nach bhfuil smacht ar bith agat ar chinniúint, “tá cúpla smaoinimh againn ach tá sé níos deacra ó thaobh na lóistíochta de, ó thaobh an stoic a fháil in am nó fiú samplaí a fháil.”

 

Bíonn sé tábhachtach léargas a fháil ar na seirbhísí agus ar shaol na ndaoine a bhraithimid air, go háirithe in amanna cosúil le seo. Tugann sé le tuiscint dúinn streachailt daoine eile, agus ligeann sé dúinn a bheith báúil. Seachas sin, tá sé soiléir go bhfuil daoine ag éirí níos bródúla faoin nGaeilge, agus nach bhfuil Brexit ná an phaindéim ag cur isteach ar an mbród sin. 

Gaeilgheansaí nascanna

Suíomh greasáin

Facebook

Instagram

Twitter 

Gluais (Glossary):

Cánacha    Taxes

Ganntanas stoic     Stock shortages

Constaicí     Obstacles

Fiontraithe     Entrepreneurs

Chuaigh mé chun bualadh le X      To catch up with X

Cruthaitheoir       Founder/Creator

Tairgí     Goods/Products

Cultúr pobail     Pop culture

Coláistí samhraidh     Gaeltachts

Díograis      Enthusiasm

LADTA     LGBT

Ag dul sa seans     Taking a chance

Fiontraíocht     Entrepreneurship

Eacnamaíocht      Economics

Gnólacht nuathionscata     Start-up (business)

Margaíocht     Marketing 

Léirmheasanna       Reviews

Éiginnteacht       Uncertainty

Moill      Delay

Ar an láthair       On the scene

A thuilleadh      Anymore

Domhain         Deep

Cinniúint       Uncontrollable events/Fate

Lóistíochta     Logistics

Léargas      Insight

Báúil     Empathetic

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.