An comhshaol i mbaol an bháis.

Labhraíonn Hazel Ní Bhroin faoi na bealaí éagsúla gur féidir linn an t-imshaol a shabháil agus muid faoi dhianglasáil.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom).

Níl dabht ar bith ann go raibh an géarchéim aeráide caite as ár n-intinn againn píosa le linn na paindéime seo. Cad chuige nach mbeadh? Táimid faoi dhianglasáil eile, tá daoine ag éirí tinn gach aon lá, agus tá gach rud go hiomlán difriúl ón ngnáthshaol a bhí againn beagnach bliain ó shin. É sin ráite, ní féidir an ghéarchéim aeráide a sheachaint. Níl aon réiteach simplí ar an bhfadhb seo, ach cinnte, beidh comhoibriú timpeall an domhain ag teastáil. Go minic, ní bhraithim go bhfuil aon neart agam ar chúrsaí timpeallachta. Ar ndóigh, tar éis níos mó taighde a dhéanamh, tuigim nach bhfuil sé sin fíor in aon chor. Seo cúpla bealaí éagsúla inar féidir linn cabhrú leis an gcomhshaol agus muid sáinnithe sa bhaile. 

Tá sé am rud éigin a dhéanamh anois chun an comhshaol a shábháil. Más féidir linn rud dearfach amháin a bhaint den choróinvíreas, is féidir linn a bheith buíoch as an laghdú ar an méid daoine atá ag úsáid caranna agus eitleáin timpeall an domhain. Cuireann cúrsaí taistil agus breoslaí iontaise go mór leis na gáis a chuireann le hiarmhairt cheaptha teasa, an gáis atá freagrach as an athrú aeráide. Tá i bhfad níos mó daoine ag obair ón mbaile faoi láthair, rud a chabhraíonn leis an bhfadhb seo, ach, cad a tharlaíonn nuair a théimid go léir ar ais ag obair tar éis na paindéime? Beidh an dul chun cinn déanta againn i rith na paindéime ar fad scriosta arís. Mar mhic léinn, ba chóir dúinn an iompar poiblí atá curtha ar fáil dúinn a úsáid, nó fiú a bheith ag rothaíocht nó ag siúl go dtí an choláiste, más féidir in aon chor é, chun na breoisle iontaise seo a laghdú.

Faraor tá an domhan i mbaol an bháis. Cloiseann muid uilig faoi na hoighearshruthanna ag leá sa Mhol Thuaidh, an béar bán beagnach imithe agus aibhneacha ar leith ag sceitheadh thar bhruach. Chun na rudaí seo a sheachaint, ba cheart dúinn go léir na boscaí brúscair atá againn sa bhaile a sheiceáil. Ba chóir go mbeidh athchúrsáil agus athúsáid ceart á dhéanamh agat sa bhaile — is féidir tuilleadh eolais a fháil ar dhiúscairt dramhaíola ar an suíomh ‘MyWaste’. Is rud beag é do dhramhaíl a bheith eagraithe agat ach bíonn éifeacht mhór aige ar an gcomhshaol. In Éirinn, mar shampla, táirgtear breis is dhá mhilliún tonna bruscair in aghaidh na bliana. Má dhéantar athchúrsáil agus athúsáid i níos mó tithe timpeall na tíre, beidh i bhfad níos lú brúscair ag dul isteach sna hionaid dumpála.

Is é dé-ocsaid charbóin an phríomhgháis ceaptha teasa a scaoiltear mar gheall ar ghníomhaíochtaí an duine. Nuair a théann se isteach san atmaisféar, nuair a dhóitear an gás sin, leánn an chiseal ózóin. Mar gheall air seo, nuair a bhíomar faoi dhianglasáil den chéad uair, bheartaigh mé aiste bia veigeánach a leanúint. Fuair taighdeoirí amach in ollscoil Oxford gur féidir an lorg carbóin atá agat ó bhia a laghdú suas go 73% muna itheann tú feoil nó táirgí déiríochta. Bhí suim agam triail a bhaint as ar feadh tamaill ach bhí leithscéalta ar leith agam i gcónaí. Cheap mé nach raibh éifeacht ollmhór ag an mbia a itheann muid ar ár dtimpeallacht. Ach, is fíric cruthaithe é gur féidir le haiste bia veigeánach ídiú fuinnimh a laghdú agus uisce a chaomhnú. Cheap mé go mbeadh sé costasach agus go raibh mé ró-ghnóthach chun béilí casta a ullmhú dom féin. Ach is cosúil nach bhfuil sé ró-dheacair ar chor ar bith, go háirithe nuair atá a fhios agat go mbaineann an timpeallacht an-tairbhe as. Molaim triail a bhaint as oideas veigeánach ó Rozanna Purcell nó The Happy Pear.

Ach, ná bain an chiall chontráilte as seo — nílim ag rá nár chóir go mbeidh éinne ag ithe feoil nó táirgí déiríochta. Nílim ach ag iarraidh an éifeacht ollmhór atá againn ar an gcomhshaol a thaispeáint daoibh, agus an tionchar atá ag athruithe beaga ar an dtimpeallacht. Mar shampla, is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú muna itheann tú feoil i gcomhair lá amháin in aghaidh na seachtaine.  

Tuigim go bhfuilimid go léir céasta le himní le linn na paindéime ach caithfimid a bheith ar an airdeall faoin gcomhshaol agus an damáiste atá déanta againn agus atá fós á dheanamh againn faoi láthair. Fad is atá muid sa bhaile, ba chóir dúinn stop a chur leis na drochnósanna atá againn. Is féidir dul ag siúl nó ag rothaíocht, is féidir a beith ar an eolas faoin diúscairt dramhaíola agus b’fhéidir gur féidir leat triail a bhaint as béile amháin a ithe in aghaidh na seachtaine gan feoil. Is féidir linn go léir ár gcuid iompar a athrú chun gach rud a fheabhsú ach, tá comhoibriú ag teastáil. Is iomaí fadhb atá ann faoi láthair, ach, creidim go bhfuilimid in ann rudaí beaga a dhéanaimid ó lá go lá a athrú chun difríocht ollmhór a dhéanamh i gcás Athrú Aeráide.

Gluais (Glossary)

Géarchéim aeráide   climate emergency

Réiteach simplí   easy fix

Comhoibriú    teamwork/cooperation

Níl aon neart agam ar   it’s outside of my control

An t-imshaoil    the environment

Breoslaí iontaise    fossil fuels

Más féidir in aon chor é    if at all possible

I mbaoil an bháis    in danger of dying

Oighearshruthanna    glaciers

Sceitheadh thar bhruach    overflowing

Diúscairt dramhaíola     waste disposal

Príomhgháisceaptha teasa  main greenhouse gas

Leánn    melts

Ciseal ózóin     ozone layer

Lorg carbóin    carbon footprint

Fíric cruthaithe   proven fact

Ídiú fuinnimh    energy consumption 

A chaomhnú    to conserve

Oideas    recipe 

Ná bain an chiall chontráilte as seo    don’t get the wrong idea

Astaíochtaí gás ceaptha teasa   greenhouse gas emissions

Céasta le himní   frantic with worry

Ar an airdeall      aware of

Drochnósanna    bad habbits

Diúscairt dramhaíola     waste disposal

Is iomaí fadhb    many problems