Éigeantas an Ghaeilge inár gcóras oideachais

Pléann Gráinne Nic Cathmhaoil na tuairimí agus na staitisticí a bhaineann leis an díospóireacht

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.) 

Tagann an díospóireacht chonspóideach seo d’éigeantas na Gaeilge suas bliain i ndiaidh bliana nuair a thagann Seachtain na Gaeilge. Bíonn díospóireachtaí ag na cumainn sa choláistí agus ar fhoirmeacha ar líne, ach ní fhaightear freagra díreach riamh. An bhliain seo, d’fhoilsigh AMLÉ suirbhé ar an 10ú Marta 2021 le taighde faoi mhúineadh na Gaeilge in Éirinn. Ghlac 1,539 duine páirt sa suirbhé, agus d’athmhúscail sé an díospóireacht ar Ghaeilge éigeantach don Ardteist, agus ar cheart athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras acadúla Gaeilge. Eascraíonn ceisteanna faoi churaclam na Gaeilge in Éirinn – nach mór an trua é go ndéantar ceithre bliana déag de Ghaeilge, agus ní thagann tú amach líofa? Nach mór an trua é go bhfuil fuath ag daoine dá dteanga dúchais féin? An teanga mharbh í? An bhfuil aon luach ag baint léi a thuilleadh?

Ach sula dtéann muid i ngleic leis na gceisteanna seo, féachfaimid ar staid na Gaeilge faoi láthair in Éirinn. Ag tus na dianghlasála, tháinig an borradh is mó ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar an aip Duolingo, le méadú 43% i mí Márta agus i mí Aibreáin. Sin ráite, níl Gaeilge riachtanach i gcomhair an chuid is mó de chúrsaí coláiste. Tá pas de dhíth i gcomhair Ollscoil Chathair BÁC, An Coláiste Ollscoile BÁC agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh, ach níl sé de dhíth ar chor ar bith ag Coláiste na Tríonóide nó i gcomhair institiúidí teicneolaíochta in Éirinn. Ach maidir le luach na Gaeilge, dar leis an daoináireamh ó 2016, labhraíonn 185,276 duine Gaeilge go laethúil nó go seachtainiúil, ach ní chónaíonn ach 14.5% de na Gaeilgeoirí seo san Ghaeltacht. Tugann na huimhreacha seo le fios go bhfoghlaimíonn daoine Gaeilge ar scoil seachas sa bhaile, agus b’fhéidir go léiríonn sé chomh maith go bhfuil luach agus fiúntas ag baint le Gaeilge éigeantach ar scoil. 

Tugadh Gaeilge riachtanach isteach sa bhliain 1934, nuair a bhí polaiteoirí ag súil go dtógfadh Gaeilge áit an Bhéarla taobh istigh glúin amháin. 87 mbliana ina dhiaidh, ceapaim go bhfuil sé sábháilte a rá nach bhfuil Gaeilge ar an leibhéal céanna de Bhéarla ar chor ar bith, agus go bpléitear a luach fós. Ar thaobh amháin den díospóireacht faoi éigeantas na Gaeilge, tá eagla ar dhaoine go dtréigfeadh mic léinn an Ghaeilge má tá sé roghnach, agus tá a lán daoine den tuairim go bhfuil éigeantas na Gaeilge sa scoileanna tábhachtach i gcomhair fadsaolaí na teanga; ar an taobh eile, ceaptar go bhfuil an t-éigeantas ag cur bacainní ar an teanga seachas ag tacú leis. Bíonn siad ag argóint gur chóir do mhic léinn a bheith in ann roghanna a dhéanamh ina gcuid oideachais, agus go gcruthaíonn an t-éigeantas olc agus réamhchlaonadh in aghaidh na teanga.

Sa shuirbhé a rinne AMLÉ, bhí an-tacaíocht don Ghaeilge éigeantach, le 67% de rannpháirtithe ag rá gur cheart í a bheith éigeantach don Ardteist agus le 26% ag rá “gur cheart di a bheith éigeantach suas go dtí leibhéal an Teastais Shóisearaigh.” Ní raibh ach 7% i bhfabhar Gaeilge roghnach tríd an córas scoile ar fad. Sa shuirbhé céanna, dúirt 81% de rannpháirtithe gur fhearr leo níos mó béime a chur ar an scríobh agus léamh na teanga sa churaclam. Cuireann sé seo leis an teoiric go bhfuil an fhadhb leis an gcuraclam agus an éigeantas, seachas an Ghaeilge í féin. 

Inár suirbhé ar leathanach Instagram Trinity News, ghlac 228 duine páirt i votaíocht faoi éigeantas na Gaeilge taobh istigh de 24 uair. Vótáil 70% dena rannpháirtithe chun Gaeilge a choimeád éigeantach don Ardteist. “Is í ár dteanga dúchais agus ba cheart dúinn a bheith in ann í a labhairt,” a scríobh duine. Bhí rannpháirtí amháin den tuairim, “nach féidir leat tuiscint ceart a fháil ar stair na tíre gan tuiscint éigin a bheith agat ar an teanga.”  Ar an taobh eile den díospóireacht, dúirt duine ar Instagram nár chóir Gaeilge a bheith éigeantach mar “gur chóir gach ábhar a bheith roghnach.” Dúirt sí, “dá mbeadh daoine in ann a gcuid ábhair a phiocadh, d’éireodh níos fearr leo tríd is tríd.” Ceapann daoine eile nach mbaineann an fhadhb le héigeantas na Gaeilge, ach ina ionad sin baineann sé le “conas a múintear é.”

Nuair a tugtar an rogha do dhaltaí a gcuid ábhair a phiocadh, taispeántar nach bpiocann siad teangacha. Sa bhliain 2004, lig an stát Briotanach do dhaltaí gan teanga iasachta a dhéanamh. Idir na blianta 2002 agus 2019, tháinig laghdú ar líon na ndaltaí ag déanamh Gearmáinise de 67%, agus de 63% i gcomhair Fraincíse. Anuas air sin, nuair a thugadh an rogha do dhaltaí an bhliain seo, phioc beagnach 40% daltaí chun gráid chreidiúnaithe a fháil seachas an scrúdú a dhéanamh. Ón stór ábhair a bhfuil ar fáil do dhaltaí, is é sa Ghaeilge ina bhfuil an sciar is mó de dhaltaí ag roghnú gan scrúdú a dhéanamh.

Tá caint ag dul thart faoi ábhar na Gaeilge a bhriseadh suas sna meánscoileanna, le cuid éigeantach faoi ghramadach agus Gaeilge labhartha, agus cuid eile le prós agus litríocht na Gaeilge. Chinnteodh sé seo go mbeadh gach duine ag déanamh staidéir ar an teanga, ach go mbeadh seans ann na riachtanais a líonadh amháin, nó níos mó a dhéanamh dá mbeifí ag iarraidh. 

Titeann an plé seo isteach ar na deacrachtaí roimh Ghaeilge in Éirinn, agus an meas atá ag daoine dá dteanga dúchais. Ach i mo thuairim, is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil níos mó staitisticí de dhíth le níos mó rannpháirtithe chun tátal a bhaint. Faoi láthair, deireann na huimhreacha go bhfuil formhór muintir na hÉireann i bhfabhar foghlaim na Gaeilge sna meánscoileanna, ach tá an chuma ar an scéal go dtagann na fadhbanna chun cinn nuair a labhraimíd faoi conas a mhúintear é. 

Gluais (Glossary)

Conspóideach – Controversial

Éigeantas – Compulsion

AMLÉ – USI (Union of Students Ireland)

Teanga dúchais – Native language

Borradh – Growth

Ollscoil Chathair BÁC – DCU

An Coláiste Ollscoile BÁC – UCD

Daonáireamh – Census

Fadsaolaí     Longevity

Bac a chur ar X – To hinder X

Olc – Resentment

Réamhchlaonadh – Prejudice

I bhfabhar X – In favour of X

Teoiric- Theory

Votaíocht- Poll

Ina ionad sin – Instead

Teanga iasachta      Foreign language

Gráid chreidiúnaithe

Stór- ábhair

Sciar – Proportion

Prós       Prose

Litríocht      Literature

Riachtanais a líonadh – To fulfill requirements

Meas     Opinion/Regard

Bun agus barr an scéil      The fact of the matter

Tátal a bhaint as X      To draw a conclusion from X

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.