Teangacha agus an chian-fhoghlaim

Labhraíonn Gráinne Nic Cathmhaoil le mic léinn a dhéanann a staidéar ar theangacha, chun fiosrú amach tionchar na paindéime ar fhoghlaim na dteangacha.

(Tá gluais ar fáil thíos i gcomhair na bhfocal i gcló trom.) 

I bpobal foghlaim na dteangacha, níl aon rud cosúil le bheith báite sa sprioctheanga agus sa chultúr. Tá a fhios ag gach duine a chuaigh go dtí an Ghaeltacht fiú ar feadh tamaillín, nó a rinne Erasmus nó tamall thar lear in áit éigin a labhraíonn teanga diomaite dá dteanga féin, go bhfaigheann tú tuiscint ar an teanga nach raibh indéanta gan an msin. Tá coláiste in ainm a bheith macasamhail mar sin i gcomhair foghlaimeoirí na dteangacha, mar foghlaimíonn tú faoi thír, faoi chultúr agus faoi stair na teanga chomh maith, i dteannta leis an teanga féin. Labhair mé le mic léinn na dteangacha ar conas a chuir an phaindéim isteach ar a bhfhoghlaim, agus iad ag foghlaim teangacha ar líne, agus ar conas atá siad ag dul i dtaithí leis na hathruithe ar fad. 

Ó mo thaithí ag labhairt le mic léinn faoi chian-fhoghlaim, tá meascán de mhothúcháin ann faoi: “Tá deacrachtaí agam leis mar ní féidir leat an teanga a labhairt chomh minic agus ba mhaith leat,” a deireann Ailis, mac léinn sa dara bliain, a dhéanann staidéar ar an Rúisis agus ar an bhFraincis. Leanann Ailis ar aghaidh: “tá ar an múinteoir atmaisféar an rang teagaisc a athchruthú chomh maith – ar bhealach ar bith eile, mothaíonn sé mar phodchraoladh.” 

Tarraingíonn Ailis pointe spéisiúil anuas anseo faoi fhoghlaim sa bhaile. Tá sé éasca logáil isteach sa rang, agus do mhicreafón agus do cheamara a fhágáil múchta. Ach, mar a deireann Ailis: “tá ortsa an iarracht a dhéanamh chun foghlaim go gníomhach”. Mar gheall ar an bhfadhb seo, molann Ailis gur cheart go mbeadh grád níos airde ar fáil i gcomhair rannpháirtíochta sa rang: “Má tá an grád maith indéanta gan fhreastal ar na ranganna, laghdaíonn sé sin luach an ranga”. Deireann Andrea, mac léinn a dhéanann staidéar ar an Iodáilis, ar an bhFraincis agus ar an Spáinnis, nach mbíonn “a lán plé idir na mic léinn”, rud a chuireann leis an mothú sin go bhfuil tú ag éisteacht le podchraoladh. 

Ar an taobh eile, tá rudaí le tógáil agus le foghlaim ón am seo. Deireann Andrea gur chuir sí snas ar a cuid scileanna breactha nótaí de bharr na foghlama ar líne: “Bíonn an cathú i gcónaí ann chun féachaint ar ais ar an léacht níos deanaí, ach déanaim iarracht nótaí a dhéanamh i rith na léachta ag an am – bíonn seans níos mó ann go mbeidh ceisteanna agam ansin”. Sampla anseo den fhoghlaim ghníomhach, ag cur na hiarrachta sa bhreis sin isteach le foghlaim ar líne.

Tá mic léinn ag dul i dtaithí leis an mbealach seo den fhoghlaim, ag lorg cabhrach agus ag iarraidh a bheith ag feabhsú.

Tá an chuma ar an scéal chomh maith go bhfuil mic léinn ag féachaint go seachtrach ó choláiste i gcomhair cabhrach le teangacha. Labhair mé le hAilbhe, mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis. Thosaigh sí ag úsáid ha haipe Anki i gcomhair cúrsaí foclóra: “Roimh gach rud, ní úsáidfinn mo ríomhaire glúine [i gcomhair staidéir], ach anois, mar nach raibh aon rogha agam, tháinig mé ar an aip seo”. Anuas air sin, thosaigh Ailbhe ag úsáid na haipe Preply i gcomhair cleachtaidh do chúrsaí labhartha. Cuireann sé seo le rud éigin a dúirt Ailis liom: “Le cian-fhoghlaim, tá ort do thionscnaíocht féin a thógáil mar tá d’fhoghlaim i bhfad níos teoranta”. Tá mic léinn ag dul i dtaithí leis an mbealach seo den fhoghlaim, ag lorg cabhrach agus ag iarraidh a bheith ag feabhsú. 

D’inis Niamh dom, mac léinn atá mar chuid den Scéim Chónaithe sa choláiste an bhliain seo, faoina taithí ag labhairt Gaeilge go laethúil ach ag foghlaim Fraincise ó chian: “Bainim i bhfad níos mó taitnimh as an gcúrsa agus mé ag labhairt na teanga le mo chairde”, a deireann Niamh, agus “a mhalairt atá fíor domsa don Fhraincís.” Aontaíonn Chloe léi, mac léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis chomh maith: “I gcomhair teanga iasachta, ceapaim go bhfuil sé i bhfad níos deacra gan dabht agus braitheann sé go hiomlán ar do roinn teanga”. Deireann Chloe go bhfuil sé “deacair a bheith báite san Fhraincis,” agus caithfidh mé a rá go n-aontaím leis an mbeirt acu. Téann sé siar chuig an méid bhí á rá ag Andrea, nach bhfuil “a lán plé idir na mic léinn”, agus cad a bhí á rá ag Ailis, go bhfuil ár bhfoghlaim “i bhfad níos teoranta” an bhliain seo. Tá sé deacair a bheith báite in aon rud faoi láthair seachas coraintín, gan smaoineamh ar theanga iasachta.

“Tá ar léachtóirí agus ar na cúntóirí teagasca na bacainní a bhriseadh.”

Rud a eascraíonn ó mo chomhráite leis na mic léinn seo ná go bhfuil béas ag baint le foghlaim ar líne. Deireann Ailis go bhfuil sé “chomh drochbhéasach, an bhealach a shuíonn daoine ansin gan a gceamaraí ar siúl- ní dhéanfá i ngnáthshaol é”. Leanann sí ar aghaidh: “tá an fhreagracht ar an mbeirt acu – an leachtóir agus an mac léinn- ach tá ar na léachtóirí agus ar na cúntóirí teagasca na bacainní a bhriseadh, seachas iad ag fágáil na mac léinn ina dtost agus ansin ní thuigeann siad an easpa rannpháirtíochta sa rang.”

Cuireadh go leor dúshlán roimh fhoghlaim na dteangacha an bhliain seo. Is féidir leis na ranganna a bheith ar líne, ach tá sé soiléir nach nach bhfaigheann tú an teagmháil chéanna leis an teanga a fhaigheann tú le léachtaí ar champas. Leis sin, tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le foghlaim sa bhaile, agus ceapaim go bhfuil roinnt mic léinn faoi bhláth le foghlaim sa bhaile, agus go bhfuil roinnt mic léinn díreach ag iarraidh pas a fháil. Ach an t-aon rud atá soiléir ná go bhfuil oiriúnú de dhíth ó gach aon duine, rud atá taispeánta san alt seo agus na mic léinn ag déanamh iarrachta a mbá féin a chruthú díobh féin. 

Gluais (Glossary)

Báite    Immersed

Sprioctheanga    Target language

Diomaite de    Other than

Indéanta     Possible

Bá      Immersion

In ainm a bheith    Supposed to be

Macasamhail     Replica

I dteannta le X    Along with/As well as

Cian-fhoghlaim     Remote-learning

Ar bhealach ar bith eile    Otherwise

Go gníomhach     Actively

Rannpháirtíocht    Participation

Scileanna breactha nótaí     Note-taking skills

Cathú     Temptation

Foghlaim ghníomhach     Active learning

Go seachtrach      Externally

Tionscnaíocht      Initiative

Teoranta       Limited

Teanga iasachta     Foreign language

Béas         Etiquette

Ag rá tuillidh    Expanding/Elaborating

Cúntóirí teagasca    Teaching assistants

Bacainní      Barriers

Teagmháil     Exposure/Contact

Faoi bhláth      Thrive/Flourish

Oiriúnú      Adaption

Gráinne Nic Cathmhaoil

Gráinne Caulfield is the Irish Editor at Trinity News, and a Senior Fresh student of Irish and French.