Maoiniú €200,000 deimhnithe ag an Aire Stáit O’Donovan do Chiste Spreagtha 2023

Beidh an maoiniú á riar ag foireann Sheachtain na Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge

Ar an Aoine, d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan maoiniú €200,000 do Chiste Spreagtha 2023. 

Beidh an maoiniú á riar ag foireann Sheachtain na Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge chun go mbeidh ar chumas grúpaí pobail imeachtaí Gaeilge a reáchtáil go háitiúil mar chuid den cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.

Chuir an Roinn maoiniú ar fáil don Chiste Spreagtha den chéad uair anuraidh. Cuireadh ar fáil é chun spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa phobal agus chun filleadh ar imeachtaí a eagrú tar éis na pandéime.

I gceantar Gaeltachta agus in áiteanna níos láidre ó thaobh na Gaeilge de, táthar ag iarraidh ar ghrúpaí deiseanna sóisialta ó thaobh úsáid na Gaeilge a thabhairt do dhaoine agus an pobal a thabhairt le chéile leis an nGaeilge agus an fhéile a cheiliúradh.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan: “Tá an-áthas orm go bhfuil sé de chumas ag mo Roinn tacú leis an gCiste Spreagtha arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge. Is bealach iontach é an tionscadal chun an teanga a chur ar ais i mbéal na bpobal thart timpeall na hÉireann agus chun an teanga a cheiliúradh ag leibhéal áitiúil”.

Féile de chuid Chonradh na Gaeilge is ea Seachtain na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1902 a bhíonn ar siúl ó Márta 1 go dtí Márta 17. Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó an domhain, agus glacann suas le milliún duine páirt ann gach bliain.

Maidir leis an gCiste Spreagtha, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go dtabharfaidh sé tacaíocht “do na grúpaí iontacha a eagraíonn imeachtaí Gaeilge le linn na féile agus ina dhiaidh”. 

“Táimid ag súil go spreagfaidh an ciste seo pobal na Gaeilge, pobal na Gaeltachta agus iad siúd nach raibh deis acu a bheith páirteach in imeachtaí Gaeilge roimhe seo.”