Maoiniú €3.72m fógartha do chur chun cinn na n-ealaíon sa Ghaeltacht

Bainfear leas as an maoiniú seo chun na healaíona teanga-bhunaithe, go háirithe an drámaíocht a chur chun cinn sna ceantair Ghaeltachta

Agus í ar chuairt ar a alma mater Coláiste na Rinne inné, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., i gcomhar leis an Aire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. ciste €3.72m don eagraíocht Ealaín na Gaeltachta (EnaG).

Thar tréimhse trí bliana, úsáidfear an t-airgead seo chun deiseanna breise sealbhaithe a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta.. Tabharfar tacaíocht do dhá phost lánaimseartha agus dhá phost páirtaimseartha, agus beidh deis ioncam a shaothrú ag suas go 14 ealaíontóirí- idir cheoltóirí, drámadóirí agus amhránaithe. Is ábhar lárnach é an clár Cuisle a bhfuil sprioc aige na healaíona teanga-bhunaithe, go háirithe an drámaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Meastar go mbeidh freastal ar timpeall 5,000 dalta i 15 Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta tríd an gclár Cuisle. Is é seo an tríú deontas trí bliana atá ceadaithe ag an Roinn do EnaG, mar thaca breise d’fheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga.

Dúirt an tAire Martin: “Is údar áthais dom an ciste seo a cheadú d’Ealaín na Gaeltachta i gcomhar leis an Aire Stáit O’Donovan”. Lean sí ar aghaidh as rá gur “cuid lárnach de chultúr sainiúil na Gaeltachta na healaíona teanga-bhunaithe” agus “Tríd an ciste méadaithe seo atá ceadaithe cuirfear ar chumas Ealaín na Gaeltachta an clár luachmhar oibre atá idir lámha acu a mhéadú tuilleadh ar son an chuid is luachmhara agus is sainiúla den chultúr Gaeltachta  – an Ghaeilge.”

Dar le Paddy Glackin, stiúrthóir EnaG, “Cuirfidh seo go mór lenár gcumas mar eagraíocht deiseanna breise a sholáthar d’aos óg na Gaeltachta sna réimsí ceoil, damhsa, amhránaíochta, ealaíona béil agus anois sa drámaíocht.

Sa bhliain 2019, bronnadh maoiniú €1.275m don chlár, thar tréimhse 3 bliain chun cabhrú leis na healaíona teangabhunaithe sa Ghaeltacht agus níos mó deiseanna foghlama agus oiliúna a chur chun cinn d’aos óg a bhfuil conaí orthu sa Ghaeltacht. Sa bhliain 2021, ceadaíodh maoiniú €150,000 chun clár píolótach sa drámaíocht Ghaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta i 1997 mar fhochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta chun ealaíona dúchasacha agus comhaimseartha na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn agus chun deiseanna forbartha agus fostaíochta san earnáil a mhéadú.

Aoibhinn Clancy

Aoibhínn Clancy is the Deputy News Editor of Trinity News and is currently in her Junior Sophister Year studying History and Political Science.