Tá mo chairde ar fad bréan dom ag labhairt faoi na spéaclaí de nós. Mar sin, bheartaigh mé go labhróidh mé faoi anseo. Caithfidh mé a admháil gur tháinig mé ar an gcoincheap seo ar Tik Tok; ‘ag baineadh na spéaclaí de nós díom.’ Tá ort dul tríd na gnáth rudaí laethúla ar nós go bhfuil sé do chéad uair iad a dhéanamh. Más rud é go dtógann tú an bus gach lá, samhlaigh go bhfuil sé do chéad uair riamh ar an mbus. Más rud é go shiúileann tú an bealach céanna tríd an páirc gach lá, cuir ort nach bhfaca tú na plandaí seo riamh. Tá ár ndomhan chomh draíochtúil, chomh speisialta sin, ach tá an ionadh curtha faoi glas againn ar an drochuair.
“Is dócha go bhfuil an rud is mó atá i gceist leis na spéaclaí de nós ná athrú intinne a thosnú ar thaobh do shaol”
Tá an saol sa lá atá inniu ann an-deacair. Ní féidir le héinne dorchadas an tsaoil a sheacháint. Táimid ag féachaint ar nuacht brónach ar ár bhfóin. Tá aithne ag gach duine ar neart daoine óga a bhfuil in ísle brí nó go bhfuil muid féin ag streachailt leis an tsaoil. Bhí a fhios agam go raibh orm mo shaol a athrú tar éis dom a bheith ag labhairt le mo chara. D’inis mé di go bhfuil an ghráin dearg agam do mo shaol féin, nach raibh mé sásta le haon rud a thuilleadh. D’fhiafraigh sí díom faoi na rudaí go féidir liom sult a bhaint as fós. Ní raibh freagra agam di agus thuig mé go raibh sé de dhualgas orm níos mó rudaí dearfacha a aimsiú i mo shaol féin. Is ansin gur tháinig mé ar an físéan atá ag @stringbeanboy13. Deireann sé; “Losing the goggles of habit and experiencing the pure joy of my daily routine as though it’s my first time seeing it all.” D’fhan an smaointe sin liom, ní raibh mé in ann dearmad a dhéanamh air. Smaoinigh mé ar na rudaí maithe i mo shaol. Bhí mé ró-dhírithe ar m’fhabhanna. Bhí orm mo dhearcadh a athrú. Ba é mo thasc nua ná sult a bhaint as rud bunúsach, mar shampla mo thuras ar ollscoil.
Tá cónaí orm i mBaile na nGabhar agus mar sin is féidir liom an bus nó an Luas a thógáil go ollscoil. Tógann an bus i bhfad níos mó ama ná an luas ach is cuma liom. Bainim an-sult as m’aistear. Smaoiním ar ais ar mo chéad uair ar an mbus i mBaile Átha Cliath. Is cuimhin liom an sceitimíní a bhí orm, cé chomh sásta is a bhí mé ag dul trí na bruachbhailte. D’fhéach mé ar na páistí ag dul ar scoil, na seandaoine ag dul ag siopadóireacht agus na daoine eile a raibh ar an mbus liom. Is rud draíochtúil é seo, muid ar fad ar an mbus le chéile. Bhíomar ar fad ag roinnt an taithí álainn seo. Níorbh fhada go raibh mo thuras ar an mbus an páirt is fearr liom de gach lá. Spreag an taithí seo mé. Lean mé ar aghaidh ag céilúradh gach rud a tharla gach lá, go háirithe na rudaí beaga. Thosaigh mé ag tnúth le na bráillíní a hathrú. Bhain mé sult as a bheith ag cócaireacht mo dhinnéir gach trathnóna. De gnáth, b’fhearr liom comhluadar daoine eile. Nuair a athraigh mo dhearcadh ar mo shaol áfach, bhain mé níos mó suilt as mo chomhluadar féin. Bhí an saol níos fearr. Is iad na rudaí beaga na rudaí is tábhachtaí. Tá orainn ár súile a oscailt chun na rudaí maithe a aimsiú. Más féidir linn taitneamh a bhaint as na gnáthrudaí laethúla, beimid sásta.
“Nuair a thosaigh mé ag tnúth le na rudaí beaga i rith an lae, d’éirigh na laethanta níos fearr”
Ní raibh sé chomh deacair ná a bhí sé ag éirí gach maidin. Ní raibh obair na hollscoile chomh dodhéanta ná a cheap mé. Bhí an saol fós crua cinnte. Níor réitigh mo nós nua gach fadhb a bhí agam ach bhí gach rud níos éasca. Is dócha sa lá atá inniu ann go bhfuil muid ar fad míshona ach ag mothú nach bhfuil aon cumhacht againn é sin a hathrú. Is fíor an rud é, ní féidir línn teacht ar éiteach gach fhaidhbe. Tá sé an-tábhachtach áfach cuimhniú ar na rudaí maithe fós. Is fiú dúinn níos mó ama a chaitheamh ar na rudaí beaga a spreagann muid. Níl gá ár n-am ar fad a chaitheamh ag obair, nó ag déanamh rudaí ar son daoine eile. Tá orainn am a thógáil amach as gach lá dúinn féin. Ciallaíonn sé sin rud éigean difriúil do gach duine. Dar liom féin is fiú dom níos mó ama a caitheamh ag cócaireacht gach trathnóna. Is féidir liom mo scíth a ligint agus mé ag gearradh glasraí nó ag ullmhú rís. Aimsím síochán le linn an noiméad sin. Is féidir liom dearmad a dhéanamh ar imní agus mé dírithe ar an tasc amháin atá os mo chomhair. Tá a fhios agam nach féidir le gach duine é seo a dhéanamh, ach is fiú triail a bhaint as ar a laghad.
Is dóigh liom gurb é ceann de na rudaí is fearr faoin ár nósanna áirithe ná go féidir linn iad a roinnt le cairde. Thóg mé an bus abhaile le mo chara seachtain ó shin agus bhí sé go hálainn. Bhí an ghrian ag dul anuas agus bhí na duilleoga ór ag titim ó na crainn. Mhair ár dturas beagnach uair an chloig ach b’é an páirt is fearr de mo sheachtain. Caithim a lán ama i mo chomhluadar féin agus táim sásta leis sin. Caithfidh mé a adhmháil áfach go mbíonn uaigneas orm uaireanta. Is minic a bhíonn an iomarca tuirse orm eachtra a phleanáil le mo chairde. Nílim ag lorg oíche amach ach amháin cara a bheith liom agus mé ag déanamh mo shiopadóireacht nó mo níocháin. Tá sé tábhachtach dom cairde a bheith páirteach i mo shaol gach lá. Níl orainn an lá ar fad a chaitheamh le chéile ach bíonn mo shaol féin i bhad níos fearr agus mé ag caitheamh ama leo. Nuair a bhainim mo spéaclaí de nós díom, feicim mo chairde álainn atá anseo liom i gcónaí. Ní fiú iad a ghlacadh go deonaithe ach táim buíoch astu chuile lá.
Tá an saol bunaithe ar na gnáthrudaí. Tá orainn a bheith in ann taitneamh a bhaint astu. Caitheann gach duine sa lá atá inniu ann an chuid is mó dá saolta ag fanacht ar an mbus, nó ag déanamh an siopadóireacht, nó ag athrú na bráillíní. Tá an t-ádh linn faoi sin. Bíonn an deis againn ár saolta a athrú i mbealaí beaga gach uile lá. Táim buíoch as an deis a bhí agam na spéaclaí de nós a bhaint díom. Feicim mo shaol i mbealach difriúil anois. Feicim na dearudaí in áit na drochrudaí. Nuair a thagann an báisteach, smaoiním ar na plandaí sona a mbeidh ag fás. Tá mo ghnáthshaol ciúin go leor agus táim lánsásta leis sin.