Léitheoireacht an tSamhraidh

Pléann Niamh Ní Lideadha an leas a bhaintear as an léitheoireacht ar saoire

Cad is brí le ‘léamh samhraidh’? Nuair a smaoiním ar an phrása sin, téann mo mheon láithreach chuig leabhair ghearra, spraíúla agus ghealchroíocha nó ar an taobh eile de, chuig leabhair a bhí ar intinn agam a léamh le fada ach a bhí ró-mhór le linn na séasúir gnóthach eile. Is seans foirfe é an samhradh d’am saor a líonadh le scéalta lán le grá, greann agus sleachta cáiliúla. Chomh maith leis sin, is seans é do dhuine bragging rights a fháil, fiú duit féin.

Samhlaítear na láithreacha siúd, lonnaithe ar an trá, faoin ghrian, sa ghairdín, nó i gcaife thar lear. Mar duine “místéireach” agus mar phríomhcharactar sa saol mar atá. Is dócha go bhfuil teideal míchliúteach ó BookTok ann, cosúil le gach uile rud scríofa ag Colleen Hoover nó Emily Henry le feiscint. Measaim go bhfuil sé soléir go bhfuil tionchar ollmhór ag Booktok orainn go léir maidir lenár liostaí léitheoreachta le déanaí, go háirithe le linn an tsamhraidh agus an méid ama shaoir atá againn. Caithfidh mé a admháil go bhfuilim ciontach tríd is tríd. Léigh mé go leor ón liosta TikTok i mo shaol, cosúil le gach cheann coiméide rómánsúil – náireach ach taitneamhach freisin. Ach is cuma liom – ní bheadh siad cáiliúl gan fáth!

“Is fíor-dhíthocsainiú í léitheoireacht samhraidh. Is féidir linn éalú ó na strusanna laethúla agus fadhbanna ar feadh tamaillín. Rachaidh sé go mór chun tairbhe duit”

Cén fáth ar cheart dúinn an deis a thapú tuilleadh a léamh i rith an tsamhraidh?

Tá neart cúiseanna ann le haghaidh léitheoireacht an tsamhraidh, agus is dócha gurb é an fáth is práinní ná scáileáin a sheachaint níos mó mar is gnách. Na laethanta seo, tá sé ró-éasca scrolláil gan teorainn ama ar TikTok nó ar Instagram. Níl faic á dhéanamh againn ach ag breathnú ar eachtraí ár gcairde agus iad interrailing, nó backpacking nó ar J1. Ansin, ar ndóigh, cuirimid muid féin i gcomparáid leo, agus muid a chur ár gcuid ama amú – am a d’fhéadfaimís chaitheamh ag léamh! Is fíor-dhíthocsainiú í léitheoireacht samhraidh. Is féidir linn éalú ó na strusanna laethúla agus fadhbanna ar feadh tamaillín. Rachaidh sé go mór chun tairbhe duit. Níl ach maitheas mhór ag baint le leabhair siamsúla. Fiú, léigh an nuachtáin laethúil agus tú suite taobh amuigh- tá gach uile rud níos éasca le linn an tsamhraidh leis an ngrian ag scoilteadh na gcloch. Mar a deir Dr. Seuss, “The more that you read, the more things you will know. The more that you learn, the more places you’ll go” Tá an ráiteas sin fíor gan amhras, agus mar a dhearbhaíonn Jeannette Walls i gCaisleán Gloine, “Ba é an rud ab fhearr faoin samhradh ná go raibh níos mó solais againn gach lá le léamh.” Sin an fhírinne, mar sin bígí ag léamh, agus bainfidh sibh uile na buntáistí go léir.

Muna bhfuil cliú dá laghad agat cá dtosóidh tú leis an léitheoireacht, ná bí buartha, tá leideanna agam daoibh go léir.

Slite chun níos mó a léamh 

Fiú muna bhfuil tú craiceáilte faoi leabhair, molaim duit iarracht eile a dhéanamh agus seánra nua a thriáil. Tá neart cinéal seánra ann le roghnú astu. Níl sé riamh ró-dhéanach tús a chur le rud éigin nua. Bain triail as closleabhair, léirmheasanna ar líne ar Tik Tok nó YouTube mar phointe tosaigh. Creidim go láidir sa seanfhocal: “tús maith leath na hoibre.” Cur i gcás, grupaí leabhair- nach an smaoineamh is gleotaí iad? Chonaiceamar na grúpaí seo ag teacht ar líne le linn na paindéime i 2020, agus anois feicimid suim iontu ag meadú arís. Tá pobal de dhíth do dhaoine níos mó ná riamh agus is bealach iontach iad leabhair chun daoine a nascadh le chéile trí comhráite agus díospóireachtaí faoi scéalta éagsúla. Mar sin, tóg páirt i ngrúpa leabhair le do chairde, nó daoine nua i do cheantar. Is léir go bhfuil an smaoineamh seo gleoite agus croíúil. I mo chás féin, bíonn mise agus mo sheanmháthair ag roinnt ár gcuid leabhair agus tar éis bíonn muid ag plé ár gcuid smaointí. Tá sé iontach suimúil mar is minic a bhíonn léargais an-difriúil againn, ach is áis iontach é don fhoghlaim agus do chaidrimh le daoine a chruthaimh níos doimhne.

Caithfimid a bheith fíreannach, ní úsáideann muid leabharlanna na tíre chomh minic agus ba chóir dúinn. Tá leabharlann ollmhór ar champas, agus neart leabharlainne poiblí timpeall na cathrach, ach is fearr le daoine leabhair nua a cheannach i Hodges Figgis nó Books Upstairs. Mar mhic léinn gan leathphingin, is iad na leabharlanna ár gcairde is fearr. Bain úsáid as na háiseanna saor atá ar fáil. Tabharfaidh sibh faoi deara an fíor-mhaitheas a bhaineann leo. Caithfidh mé a admháil gur bhain mé an-sult as mo samhradh leabharlainne i mbliaina. Tá go leor áiseanna bainteach leis cosúil le BorrowBox ar líne, moltaí speisialta mar shampla na buaiteoirí liteartha agus araile. Is féidir leat leabhair a fháil le léamh i dteangacha éagsúla fiú.

“I mo chás tá an chuid is mó léitheoireachta déanta agam i rith an tsamhraidh, toisc nach mbíonn an t-am, nó fiú spás i mo cheann, leabhar a léamh amach as mo léitheoireacht riachtanach don ollscoil”

Ina dtéannta sin, déarfainn go bhfuil gach duine ar an eolas faoin nuachtán The New York Times, agus go n-aistrítear go leor moltaí léitheoireachta go minic, ach an ceann is suimúla le déanaí ná an liosta “Na 100 leabhair is fearr ón 21ú haois”. Cinnte, táim ag déanamh mo dhícheall chun na leabhair sin a léamh de réir a chéile. Is aidhm í sin cosúil leis an ndúshlán léitheoireatha ar Goodreads fiú. I mo chás tá an chuid is mó léitheoireachta déanta agam i rith an tsamhraidh, toisc nach mbíonn an t-am, nó fiú spás i mo cheann, leabhar a léamh amach as mo léitheoireacht riachtanach don ollscoil. Agus i mbliana níor chaith mé aon airgead ar leabhair, bhí siad go léir ar fáil dom le mo chárta leabharlainne. Ná déan dearmad go bhfuil úrscéalta i leabharlann na Tríonóide freisin!

An léamh is fearr liom an samhradh seo ná na dhá leabhair sa sraith My Brilliant Friend le Eléna Ferrante. Cuimsíonn siad léitheoireacht an tsamhraidh go foirfe, idir scéal greannmhar, siamsúil agus inathraithe, cosúil le dialann. Tá an tsraith seo bunaithe i Napoli san Iodáil go díreach i ndiaidh an dara cogadh domhanda agus an bhochtaineacht agus foréigean láithreach ann gan faoiseamh. Téann sé i ngleic le cairdeas baininscneach ó luath-óige tríd an tsaol, grá, rólanna inscne agus soghluaisteacht shóisialta. Is iad na leabhair is fearr léite agam i mbliana, gan scáth amhrais.

Moltaí léitheoireachta samhraidh:

  •  My Brilliant Friend and The Story of a New Name, le Eléna Ferrante.
  •  The Inseparables, le Simone de Beauvoir
  • The Old Man and The Sea, le Ernest Hemingway
  • Everything I Know about Love, le Dolly Alderton
  • The Great Gatsby, le F.Scott Fitzgerald
  • Prophet Song, le Paul Lynch
  • Frankenstein, le Mary Shelley
  • Lessons in Chemistry, le Bonnie Garmus
  • The Beesting, le Paul Murray
  • War Doctor, le David Nott
  • Poor, le Katriona O’Sullivan

Samhradh sona is léamh sona!