“Bliain líon lán le fasaigh”: A mbeidh ar súil ag d’Oifigeach Gaeilge.

Déanann Emily Sheehan agallamh le Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn, Pádraig Mac Brádaigh

Tá aois nua don Ghaeilge i réim i gColáiste na Tríonóide – agus leasuithe móra i leith na teanga curtha i bhfeidhm i mbunreacht Choláiste na Tríonóide.

Mar sin féin, ní dhéanfaidh na polasaithe ná na postanna nua seo a dhath maitheasa mura féidir linn seasamh leo, nó mura féidir iad a fhorbairt a thuilleadh.

Labhair Oifigeach na Gaeilge, Pádraig Mac Bradaigh, le Nuacht na Tríonóide, agus rinne sé cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis an bpost, ar na pleananna atá aige don bhliain, agus ar an oidhreacht ba mhaith leis a fhágáil ina dhiaidh.

“Is amhlaidh ba mhaith leis dúshraith láidir a leagan chun go mbeidh daoine eile in ann é a dhéanamh chomh maith”

Tá rún ag an abhcóide seo cás na Gaeilge a chosaint i gcaitheamh na bliana amach romhainn, agus tuilleadh lena chois sin – is amhlaidh ba mhaith leis dúshraith láidir a leagan chun go mbeidh daoine eile in ann é a dhéanamh chomh maith.

Cad is ea Oifigeach na Gaeilge?

“Meascán d’fheachtasóir agus soláthraí seirbhíse” atá sa phost, dar le Mac Brádaigh, agus é ar intinn aige leanúint ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge agus an teanga a chur i lár báire i gcúrsaí coláiste.

“Caithfidh Oifigeach na Gaeilge freastal ar réimse an-leathan leibhéal cumais sa teanga, idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí úrnua” a dúirt sé, agus é ag leagan béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé “cothromaíocht de shaghas éigin a bhaint amach.”

“Mar sin féin, is é an chúis is tábhachtaí leis an ról cearta na nGael a chosaint agus a fheabhsú chun ár saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge oiread agus is féidir i gColáiste na Tríonóide.”

“Tá sé ráite ag an gColáiste thar na blianta go bhfuil an Ghaeilge ina “cuid lárnach” de shaol an Choláiste. Más fíor é sin, caithfidh an Coláiste i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun a chruthú amhlaidh.”

Gan amhras, tá athrú mór tagtha idir seo agus an bhliain seo caite ó thaobh a mhinice is a bhíonn an teanga le feiceáil.

Chomh maith leis an post nua, chonaic an feachtas ‘YesGaeilgeTCD’ reifrinn sa choláiste chun tacaíocht a thabhairt I gcoir costas 4 a chur le táillí ollscoile don ‘Gaeilge Initiative” – ciste speisialta I gcoir eachtraí Gaeilge don CSC, AMLCT, Aontas Spóirt na Tríonóide, agus Trinity Sports Union, agus Foilsitheoreacht na Tríonóide.

“Níor chóir go gcaithfí dul tríd an mBéarla chun teacht ar rud ar bith i nGaeilge, agus beidh dualgas ar Oifigeach na Gaeilge feachtais chuige sin a reáchtáil amach anseo.”

Gan amhras, tá athrú radacach ag taisteáil chun cothromaíocht don Gaeilge agus don Bhéarla a bhaint amach – ar an gcéad dul síos, beidh tacaíocht láidir ag taisteal ó mhic léinn and ó bhaill foirne an choláiste araon.

Ach ní ceart go mbeadh lagmhisneach ar éinne mar gheall ar sin, a bhuí leis na hathruithe láidre a rinneadh cheana féin, agus leis an tacaíocht atá ag dul don teanga.

“Tá muinín agam go bhfuil mic léinn an Choláiste ag teacht le hathghabháil theanga bhundúchasach ár n-oileáin in institiúidí na Tríonóide,” arsa Mac Brádaigh, é lán leis an soirbhuíochas a bhíonn le brath i measc na nGaeilgeoirí thar timpeall an Choláiste.

Tosaíocht, Polasaithe, agus an Troid i ndiaidh seo

“Is é an tosaíocht is mó ag gach Oifigeach Gaeilge níos mó rudaí a chur ar fáil trí Ghaeilge” a dúirt Mac Brádaigh, agus “gur féidir mo chuid tosaíochtaí féin a achoimriú mar athchóiriú struchtúrach.”

Píosa den athchóiriú struchtúrach seo a luaigh Mac Brádaigh is ea oideachas tríú léibhéil ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

“Beidh an t-oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge go hiomlán de dhíth agus déanfaidh mé mo sheacht ndícheall i mbliana labhairt leis an oiread daoine agus is féidir liom le fiosrú conas is fearr é a chur bhfeidhm.”

“Tá sé mar an gcéanna san Aontas sa dóigh nach bhfuil ár mbeartas dátheangach go hiomlán socraithe go fóill.”

“Caithfidh fasach láidir a bheith ann ós gluaiseacht í an Ghaeilge, agus is ón bhfasach seo a oibreoidh gach Oifigeach Gaeilge i mo dhiaidh.”

Thug Mac Brádaigh faoi dearadh go bhfuil go leor le déanamh fós chun cabhrú leis an teanga, agus chuige sin tá an post deighilte ina trí chatagóir aige – Polasaithe Aontas na Mac Léinn, Polasaithe Coláiste, agus Polasaithe Rialtais.

“Ós rud é go bhfuil an tAontas díreach tar éis stádas dátheangach a shocrú, sa chéad bhliain den ról seo ar an bhfód, beidh mé ag tabhairt rún chun na Comhairle, chomh maith le Sceideal 11 úrnua de réir athruithe an bhunreachta, a shocróidh cad is brí leis sin go praiticiúil.

“Feicfear an Ghaeilge ar cháipéisí agus ar phostálacha meán sóisialta nach raibh sí orthu riamh roimhe seo trí straitéis chumarsáide nua do phríomhchuntais an Aontais chomh maith le cuntais Siamsa.”

Ceann amháin de na haidhmeanna do na polasaithe Coláiste is é méadú ar an gcistiú do bhuiséad Oifig na Gaeilge a shocrú– arb é “an bonn [é] chun gach rud eile a bhaint amach ina dhiaidh”, arsa Mac Brádaigh – ceann eile is ea cinntiú go bhfuil an dóthain ball foirne ar fáil chun cabhrú le fás na Gaeilge.

“Níl ach ball foirne amháin sa Choláiste le plé le gach ceist a bhaineann leis an teanga” arsa Mac Brádaigh.

“Níl sé sin maith go leor.”

“Dúirt Mac Brádaigh go mbeidh sé ‘I mbun feachtasaíochta in éineacht leis na hAontais Mac Léinn eile chun stocaireacht a dhéanamh chuige seo”

Tá comhoibriú idir na Aontais Mac Léinn eile thart timpeall na tíre thar a bheith tábhacht don post, agus thug Mac Brádaigh faoi deara go bhfuil tionchar mór ag an rialtas ar cé chomh méid airgead atá sa bhuiséad don teanga. Dúirt Mac Brádaigh go mbeidh sé “I mbun feachtasaíochta in éineacht leis na hAontais Mac Léinn eile chun stocaireacht a dhéanamh chuige seo.”

Le plean ann chun an Aontas, an Coláiste, agus na portail myTCD agus Blackboard a chur trí Gaeilge, beidh an teanga go mór I mbéal an Aontas i rith na mbliana.

Beidh aidhmeanna Mac Brádaigh níos láidire fós buíochas le forbairt an rialtas ar reachtaíocht nua chun cabhrú leis an Gaeilge.

Buíochas leis an Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt Mac Brádaigh go “beidh ar 20% d’earcaithe nua sa Choláiste a bheith inniúil sa Ghaeilge faoin mbliain 2030.”

Ní amháin go cabhraíonn le dlíthe leis an teanga, agus tugann siad dlisteanacht do na gníomhanna déanta ag an Aontas – ag tabhairt cuacht go dtí forbairt polasaíochta, agus ag cruthú aitmispheír nach féidir le Coláiste neamhaird a thabhairt ar.

“Bliain líon lán le fasaigh a bheidh ann i mbliana.”

“Beidh mé ag féachaint le fasach láidir a leagan do na hoifigigh a thiocfaidh i mo dhiaidh trí gach leas a bhaint as Sceideal 11, rialacháin Ghaeilge Sceideal 3 na bliana seo caite, Coiste na Gaeilge agus gach a bhfuaireamar sa reifreann.”

“Ní bheidh fíorthodhchaí ghairmiúil ag an teanga muna mbeifear in ann post ar bith a dhéanamh tríthi agus tá a fhios againn ar fad nach é sin an cás faoi láthair.”

“Tá na céadta mac léinn sa Choláiste a bhfuil Gaeilge líofa acu agus ba chóir go mbeadh an ceart acu a rogha chúrsa a dhéanamh trí chéad teanga na tíre.”

Luaigh Mac Brádaigh Ceanada agus an Bhreatain Bheag mar shár-shamplaí ó thaobh an oideachais dhá-teangaigh de, agus ba mhaith leis dúshraith buanseasmhach a chur i bhfeidhm chun cabhrú le rath an Gaeilge ag an tríú léibhéal.

“Is tionscadal ollmhór atá i gceist leis seo,” a d’admhaigh Mac Brádaigh, “ach is gá tabhairt faoi má táimid dáiríre faoinár dteanga álainn ní hamháin go siombalach, ach go praiticiúil.”

“Is minic nach mbíonn institiúidí go hiontach maidir lena ndualgais teanga a chomhlíonadh,” arsa Mac Brádaigh.

“Sin is cúis le hOifig an Choimisinéara Teanga a bheith ann, agus beimidne san Aontas ag baint úsáid as an uirlis sin más gá chun cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge sa Choláiste.”

Conas do chuid ‘Cúpla Focail’ a úsáid

Leis an teanga saor ón “Bosca amháin.” tá méadú tagtha ar na seansanna oifigiúla chun do chuid Gaeilge a úsáid, beagnach thar oíche.

Is iomaí deis do chuid Gaeilge a úsáid, ina measc dul i dteagmháil leis an Aontas trí Ghaeilge, postanna dátheangacha ar líne, agus níos mó eachtraí trí Ghaeilge.

Ina theannta sin, tá deiseanna ann do mhic léinn an Ghaeilge a úsáid agus iad sa choláiste – is minic, áfach, nach mbíonn sách béime ar na deiseanna seo.

“Ní dóigh liom go mbíonn a fhios ag daoine go bhfuil deiseanna Gaeilge a úsáid sa Choláiste nach bhfógraítear ach atá ar fáil de réir dlí.”

“Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig seirbhís ar bith sa Choláiste trí Ghaeilge, mar shampla, agus caithfidh siad thú a fhreagairt sa teanga chéanna de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla.”

“Ba mhaith liom na mic léinn a chur ar an eolas faoi na deiseanna seo mar nuair a bhíonn siad ann, caithfimid iad a thapú chun go bhfeabhsófar amach anseo iad.”

Ba mhian le Mac Brádaigh mic léinn a spreagadh le dul i dteagmháil le [email protected] aon uair nach gcomhlíonann an Coláiste an dlí.

Dúirt Mac Brádaigh: “Tá an Fhoireann Shabóideach ag iarraidh labhairt na Gaeilge a normalú i ngach gné den Aontas agus cuirimid fáilte is fiche roimpi i ngach aon chomhthéacs.”

“Ní bhíonn sé riamh drochbhéasach nó míchuí ár dteanga bhundúchasach a labhairt in Éirinn agus tá súil againn go mothóidh na mic léinn níos compordaí ag déanamh amhlaidh agus na tacaíochtaí nua seo ag teacht i bhfeidhm den chéad uair.”

Ré nua do Ghaeil na Tríonóide

“I ndiaidh na bliana seo,” arsa Mac Brádaigh, “tá súil agam go mbeidh mé tar éis conair nithiúil a shocrú don ról agus go mothóidh pobal Gaeilge Choláiste na Tríonóide cumhachtaithe ár dteanga a labhairt i ngach comhthéacs sa Choláiste seachas i Seomra na Gaeilge amháin.”

“Más féidir linn an dul chun cinn a rinneadh an bhliain seo caite a úsáid mar shampla, beidh an Ghaeilge ag eirí níos láidre é lá i ndiaidh lae”

Lán le dóchais don dul chun cinn don nGaeilge i mbliana, tá ré nua i gcomhair Gaeilgeoirí timpeall an choláiste ag teacht; más féidir linn an dul chun cinn a rinneadh an bhliain seo caite a úsáid mar shampla, beidh an Ghaeilge ag eirí níos láidre é lá i ndiaidh lae.

“Tá súil agam go mbeidh uaillmhian nua maidir lena dtig linn a bhaint amach mar Ghaeil nuair a oibrímid le chéile agus go mbeidh gluaiseacht na Gaeilge i lár an aonaigh ar cheann de phríomhchúiseanna an Aontais.”

“Tá súil agam fosta go mbainfidh daoine nár smaoinigh ar an teanga riamh triail aisti agus go mbeidh an chraic acu léi.”

Ag breathnú siar ar a n-obair go dtí seo, críochnaigh Mac Brádaigh: “Tá grá an domhain agam don Ghaeilge agus dá pobal, agus tá súil agam níos mó ná aon rud eile go mbeidh mé ábalta rud éigin a thabhairt ar ais di tar éis di féin an oiread a thabhairt domsa.

Aistrithe le cabhair ó Caroline Ní Shíocháin.