Gheall an grúpa ceoil Kneecap scannán siamsúil lán le conspóid óna mbeart bolscaireachta ag a bpremiére Sundance ag tús na bliana lena scannán nua Kneecap (Rich Peppiatt, 2024) le lasracha agus fiú Landrover PSNI fuadaithe i láthair. Is cinnte nár lig siad síos muid. Míníonn a scannán an caidreamh casta a bhfuil ag grúpaí éagsúla in Éirinn leis an nGaeilge. Déileálann an scannán le téamaí troma ag cur grinn agus neart mustair i bhfeidhm chun an scéil ‘niche’ Gael a roinnt ar scála domhanda. Taispeántar gur teanga laethúil í an Ghaeilge i dtuaisceart na hÉireann, agus gur rud ‘cool’- agus dána fiú- le script cliste agus fuinneamh tógálach chun achan dream a mhealladh.
Ag labhairt le Niamh Nic Giolla Bhríde, Gaeilgeoir dúchasach Bhéal Feirste ag déanamh staidéar ar an nGaeilge agus socheolaíocht i gColáiste na Tríonóide, d’inis sí dom go raibh fáiltiú dochreidte ann do scannán Kneecap i gcathair Bhéal Feirste. Bhí ticéid go hiomlán díolta amach ar fud an chontae agus bhíodar ar bís na ‘inside jokes’ agus na háiteanna aitheanta uilig a fheiscint i rith an scannáin. Bhí sé ‘aisteach’ di scéal banna ceoil áitiúil a d’fhás sí suas ag éisteacht le a fheiceáil ar stáitse domhanda agus creideann sí go bhfuil sé tábhachtach go bhfeicfidh deisceart na hÉireann comhluadair i dtuaisceart na tíre ag labhairt Gaeilge go laethúil mar is léir fós go bhfuil míthuiscintí ann maidir le ról na Gaeilge i dtuaisceart na tíre agus go bhfuil “daoine fós i ndeisceart na tíre a gceapann nach labhraítear Gaeilge sa Tuaisceart ar chor ar bith”.
D’fhreastail mé féin agus beirt chairde Gael ar an scannán nuair a bhí sé úrnua in amharclann Páláis i gcathair na Gaillimhe. Bhí idir óg agus aosta i láthair le grúpa seanbhan uasal ina shuí taobh thiar dúinn ag comhrá trí Ghaeilge. N’fheadar cad ina thaobh go raibh siad ag súil leis ach déarfainn nach raibh cleachtadh maith acu ar na radhairc ghrafacha a bhí le teacht. Deirim seo cé gur bhuail mé le beanrialta sa Cheathrú Rua cúpla seachtain roimhe sin a bhí an-mhór le Kneecap. D’inis an tSiúr Uí Chualáin dúinn gur “buachaillí maithe iad” na leaideanna ag an am ach dealraíonn sé gur príomhchuspóir an scannán seo ná an taobh dána den Ghaeilge a thaispeáint.
“Cé nach scannán dáiríre í seo bhí an scannán plódaithe le téamaí tábhachtacha”
Dá mba leantóir den bhanna tú cheana féin bheadh a fhios agat gur scéal drámata í an plota le ficsean mar chuid mhaith den scannán beathaisnéise ceoil seo. Cé nach scannán dáiríre í seo bhí an scannán plódaithe le téamaí tábhachtacha ar nós cearta teanga, tionchar na dTrioblóidí, meabhairshláinte, ról na Gaeilge agus tuairimí maidir le drugaí in Éirinn sa lá atá inniu ann. Le blianta fada anuas rinne an comhluadar Gaelach iarracht íomhá ghlan na Gaeilge a choimeád ach is léir go bhfuil an teanga ag briseadh saor uaithi seo agus cuid mhaith den scannán ag taispeáint na leaideanna ar na ribí amach is amach.
Dúirt Brendan Gleeson i rith agallamh le déanaí; “Ní teanga shoiscéalach anois í an Ghaeilge a thuilleadh agus ní cóir go mbeadh sí” agus tá an ceart aige. Déarfainn go gceisteoidh an lucht féachana an ndeachaigh an scannán thar fóir ach ní féidir a shéanadh gur comhartha de nua-aoisiú na Gaeilge í an taobh brocach den teanga a fheiceáil sna meáin. Is ceannródaí é an scannán a dtaispeánfaidh nach gá go mbeadh cuspóir chun an teanga a shábháil nó a bheith álainn in achan léiriú di. Mar aon le hachan teanga eile is féidir leat drugaí a dhéanamh agus an Gaeilge a labhairt fosta. Níl an dá rud comheisiach agus níl an teanga seo coimeádta do dhaoine foirfe sotalacha amháin. Cuireann DJ Próvaí é seo in iúl i rith an scannáin lena allagóire; go bhfuil an Ghaeilge cosúil le dódó i gcliabhán i músaem. Nár chóir dúinn “í a choimeád gan láimh a leagadh uirthi (…) caithfimid an dódó a ligean saor le go mairfidh sí.”
Gné amháin den scannán nach raibh mé ag súil leis ná áilleacht cineamatagrafaíocht an scannáin. I rith an chéad radharc cuirtear baisteadh Caitliceach i láthair le blas miotas Ceilteach nasctha le tionchar na dTrioblóidí i mBéal Feirste. Arís taispeánann Peppiatt a stíl eicléictiúil ag tús radhairc foréigin nuair a bhíonn Móglaí Bap agus Mo Chara ag pocáil sliotar lena chéile sula dtroideann siad na “Radical Republicans Against Drugs”. Is tagairt í seo den arm Gaelach Na Fianna a rinne traenáil roimh chathanna tríd iomáint a imirt fadó fadó. Is fiú a lua freisin an chaoi chruinn inar léirigh siad eofóiria na ndrugaí i rith an scannáin, mar shampla; ag cur i bhfeidhm dearcadh na ‘snaoise’ nuair a théann sé suas a srón. Seo coincheap iontach neamhghnách!
“Bíonn an scannán lán go béal le haicsean, grá, greann, agus ní thig liom dearmad a dhéanamh ar an bhfuaimrian den chéadscoth”
In ainneoin téamaí agus cúinsí gruama an scéil seo is scannán thar a bheith greannmhar í mar a shíltí go mbeidh sé óna liricí deisbhéalacha fite fuaite ina n-amhráin. Déanann an scannán briseadh síos ar a liricí conspóideacha cuir i gcás nuair a mhíníonn Mo Chara teideal a n-amhrán ‘Get your Brits out’ dá ‘situationship’ Protastúnach. Insíonn sé di gur aidhm an cheoil ná chun fáil réidh le cumhacht choilíneach na Breataine, ní na Briotanaigh iad féin. Is comhartha leighis í an chumarsáid seo eatarthu mar thaispeánann sé nach bhfuil réamhchlaontaí ag daoine óga. Le fíor-scannánaíocht óna gceolchoirmeacha feicimid an t-atmaisféar a chruthaítear, a thugann faoiseamh do dhaoine ag nascadh iad le ‘mosh-pits’ agus tírghrá.
Is léir go raibh baint ollmhór ag na leaideanna i scríbhneoireacht an scannáin de bharr an bhéalagair nádurtha agus aitheanta do Bhéal Feirste. N’fheadar an mbuafaidh na buachaillí Oscar óna dtaispeántas aisteoireachta, beannacht Dé orthu, ach ón méid fuilibiliú gan choinne sna meáin faoin mbanna ceoil seo, níl sé dodhéanta! Fiú bhí Noel Gallagher ag moladh na “Northern Irish street kids” go hard na spéire ag rá nár chreid sé cé chomh taitneamhach is a bhí a dtaispeántas Glastonbury.
Thabharfainn leantóir Kneecap orm féin roimh an scannán a fheiscint mar bhí ar a laghad ceolchoirm amháin dóibh feicthe agam agus bhí curfá a n-amhrán C.E.A.R.T.A. ar eolas de ghlanmheabhair agam ach b’éigean dom admháil nach raibh aithne rómhaith agam ar stair an bhanna nó na buachaillí ar bhonn indibhidiúil sula bhfaca mé é. Ba dheas an t-ábhar iontais é an caighdeán aisteoireachta a bhí acu. Ach go háirithe bhí DJ Próvaí mar réalta umhal an scannán dar liom.
Seo an cineál scannáin a bhfágann tú ag crith, is ag scipeáil síos an bóthar le bród mar mhothaigh tú an misneach agus an grá lena raibh sé déanta. Freisin gheobhaidh tú cic ardphléisiúr ó bheith in ann bunteanga an scannáin a thuiscint agus scaoileann tú breis ón díalóg fosta. Ina bhfocail féin deir Kneecap go gcoinneoidh an scannán seo siar an ghluaiseacht teanga na Gaeilge cúpla bhliain ach dar liom beidh baint mhór ag an scannán seo ag laghdú éilíteachais sa chomhluadar Gaelach ar a laghad.