Cúig oíche i Sráid Vicar díolta amach ag Kneecap

“Grma to the 8,000 fenians coming – see yis all soon.”

Tá an banna ceoil Kneecap ag ullmhú faoi láthair do thréimhse ghnóthach atá ag tosú acu ag deireadh na míosa.

Beidh ceolchoirm i gCiarraí agus Baile Átha Cliath agus racaidh an banna ó Bhéal Feirste ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe.

Beidh na seónna i mBaile Átha Cliath ag tosú anocht agus ag críochnú ar Aoine 1 Samhain, le seó ar siúl ar Oíche Shamhna fiú. 

Bhí ceithre ceolchoirm pleanáilte ag Kneecap sa phríomhcathair, ach tar éis éileamh an-mhór ar na ticéid, d’fhógair an banna oíche amháin eile. 

Dhíol an oíche breise amach i naoi noiméid.

Ag scríobh ar a mheán sóisialta, dúirt an banna:

“Grma to the 8,000 fenians coming – see yis all soon.”

Tá neart le céiliúradh ag Kneecap faoi láthair. Tháinig a bpríomhscannán amach ag deireadh an tsamhraidh le áitheas ollmhór – d’fhógair an IFTA gur piocadh an scannán mar iontráil na hÉireann do chatagóir na Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta sna hOscars. 

Ó thaobh cheoil de, chríochnaigh a thuras timpeall na Stáit Aontaithe i Meán Fómhair agus, cé nach bhfuil an dótháin á dheanamh acu, d’fhógair an banna a thuras san Astráil agus Nua-Shéalainn an tEarrach seo chugainn.

Is léir go bhfuil an banna ag dul ó neart go neart, agus go bhfuil suim mór ann le feiceáil d’ealaíontóirí Gaelacha agus ceol i nGaeilge. 

Tara Ní Bhroin

Is í Tara Ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge do Nuacht na Tríonóide. Tá sí sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara Ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Senior Sophister year studying General and Children’s Nursing.