Fearg i measc na n-altraí faoi oiliúnt tar éis eisiamh ón liúntas cothabhála

“Chun an fhirinne a rá, níl ionadh orm. Is cuma leo fúinn.”

Tá fearg le mothú i measc mhic léinn altranais leanaí na ceathrú bliana faoi láthair, tar éis cumarsáid ón rialtas nach bhfuil siad ag fáil an liúntas cothabhála i mbliana. 

Tháinig an liúntas cothabhála isteach i 2023 chun tacaíocht a thabhairt d’altraí faoi oiliúint le méadú an costas maireachtála a bhaineann leis an socrúchán atá riachtanach don chéim altranais. Tugtar €250 don téarma do mhic léinn an altranais i gcómhar bia agus lónta. 

Ach, fógraíodh i Meán Fómhair nach mbeidh an liúntas seo ar fail do lucht na ceathrú bliana. Ag labhairt le Trinity News, dúirt Naomi Butler-Ffrench, iníon léinn altranais leanaí agus altranas ginearálta, go bhfuil an fógra “dochreidthe”. 

“Is cliath eile é seo le troid in aghaidh. Anuraidh, nuair a tháinig an liúntas cothabhála isteach, mhothaigh sé go raibh muid ag fáil píosa aitheantais faoi dheireadh don obair a dhéanann muid ar shocrúchán- agus anois tá sé sin tógtha uainn.”

I gcumarsáid ó hOifig an Stiúrthóra Seirbhísí Altranais agus Cnámhseachais sa Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), dúradh gur tháinig an chinneadh sin mar geall go bhfuil lucht na ceathrú bliana ag druidim a n-intéirneachta íoctha, agus go bhfuil an liúntas cothabhála ag díriú ar mic léinn atá ar shocrúchán nach bhfuil íoctha. 

Mar fhreagra ar sin, mhínigh an rang Altranais Leanaí agus Ginearálta nach bhfuil siad ag tosú a n-intéirneachta go dtí Bealtaine 2025, agus roimhe sin, tá 18 seachtaine de shochrúcháin neamhíoctha le déanamh acu. 

Tá sé sin an tréimhse is faide de shocrúcháin le linn na céime ar fad. Bíonn 10 seachtaine le déanamh sa chéad bhliain, agus 16 seachtaine sa dara agus tríú bhliain. 

Choimrigh iníon léinn an altranais Katie Foley mothúcháin an ranga: Chun an fhirinne a rá, níl ionadh orm. Is cuma leo fúinn.”

Tagann an fógra seo tar éis tréimhse lán le ceisteanna agus scannal anuraidh. Tar éis seoladh an liúntais, bhí moill de trí mhí ar íocaíocht an liúntais

Bhí €750 dlite d’altraí faoi oiliúnt i mí na Samhna, ach ní bhfuair na mic léinn an íocaíocht go dtí mí Márta, tar éis cath do fhreagraí ags trédhearcacht.

Moladh an t-Oifigeach Idirchaidrimh Leithdháilte Mac Léinn, a mbíonn i gceannais ar an dtaobh leithdháiltí cliniciúla de chéim an altranais, na mic léinn tar éis dóibh an fhadhb a ardú leis an FFS: “Tá súil agam go mbeidh malairtí ag teacht chómh luath is go féidir.” 

Tá na mic léinn fós ag fanacht ar chumarsáid ón FSS le freagra ar an bhfáth go gcaithfidh siad 18 seachtaine socrúcháin neamhíoctha a dhéanamh, gan an liúntas, sula dtosaíonn siad a n-intéirneacht an Bealtaine seo chugainn. 

Tara Ní Bhroin

Is í Tara Ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge do Nuacht na Tríonóide. Tá sí sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara Ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Senior Sophister year studying General and Children’s Nursing.