Fógraíonn Caifé AML lascaine 15% ar orduithe trí Ghaeilge

Tá an lascaine ar fáil ar an margadh béile

Tá Caifé Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide (AMLCT) tar éis lascaine a fhógairt do mhic léinn a dhéanann a n-ordú trí mheán na Gaeilge. Gheofar 15% as an bpraghas nuair a roghnaítear an Ghaeilge a úsáid.

Tá an lascaine seo ar fáil ar an margadh béile atá sa chaifé- tóstaí, criospaí agus deoch ar phraghas €4.99/€5.20 

Tagann an feachtas seo i ndiaidh bliana rathúla don Ghaeilge an bhliain seo caite. Chaith mac léinn na Tríonóide vóta chun láithreacht na teanga a fheabhsú is meadú san Aontas. Tá toradh an chinne sin le feiceáil go soiléar- bíonn gach cumarsáid ón Aontas dátheangach, le imeachtaí dátheangach agus Gaelach á reachtáil acu. Anois, is é seo an chéad céim eile chun an Ghaeilge a spreagadh ar champas agus spás do Ghaelgóirí a cruthú.

Tá an caifé suite i Halla Goldsmith agus ar oscailt ó Luain go hAoine 9:30r.n-4:30i.n.

Tara Ní Bhroin

Is í Tara Ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge do Nuacht na Tríonóide. Tá sí sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara Ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Senior Sophister year studying General and Children’s Nursing.