Chuir rannpháirtithe i gcomórtas 5-an-taobh na mban a bhfrustrachas in iúl maidir le difríochtaí sa chaoi a chaitear le sraitheanna na bhfear is na mban.
Spreagadh ceisteanna maidir le costas rannpháirtíochta, difríochtaí le saoráidí agus clárúcháin, easpa cumarsáide, agus easpa eolais faoi chomórtas na mban atá furasta teacht air.
Is comórtas spóirt shóisialta atá reáchtáilte agus eagraithe ag Trinity Sport é a bhfuil an-tóir air i measc na mac léinn. Tá sé scoilte go dearfa idir sraith na bhfear agus sraith na mban.
Faoi láthair, tarlaíonn cluichí na bhfear ar na cúirteanna Botany Bay, le sliotáin ama ar fáil ó 9 r.n. go 5 i.n., ó Luan go hAoine — bíonn 40 sliotán ar fáil in aghaidh na seachtaine.
I gcontrárthacht leis sin, bíonn cluichí na mban ar siúl sa Halla Spóirt, agus níl ach cúig sliotán ar fáil in aghaidh na seachtaine idir 12 i.n. go 1 i.n. ó Luan go hAoine. Is laghdú i gcomparáid leis an mbliain seo caite é seo, nuair a bhíodh 7 sliotán in aghaidh na seachtaine ar fáil.
Dúirt rannpháirtithe shraith na mban le Trinity News go bhfuil an sliotán ama seo “doshroichte agus mí-áisiúil” do mhórchuid bhaill a bhfoirne agus thugadar “bac mór don rannpháirtíocht” air.
Tugtar difríochtaí faoi deara sa phróiseas clárúcháin do na sraitheanna freisin. Do shraith na bhfear, déanann an captaen an clárúchán thar cheann na foirne. Is é an costas ná €147 in aghaidh na foirne, le íosmhéid seachtair imreoirí agus uasmhéid deichniúr imreoirí. De thoradh seo, gearrtar €14.70-€21 an duine ar na foirne.
Is méadú costais dhá bhliain ina dhiaidh a chéile é sin— ní ghearrtaí ach €100 ar gach foireann i 2023, agus i 2022 ní ghearrtaí ach €60 orthu. Is ardú 245% i ndá bhliain é seo.
Ag labhairt le Cuan Coleman, imreoir ghníomhach sa sraith 5-an-taoibh, chuir sé in iúl go bhfuil trédhearcacht de dhíth maidir le méadú an táille: “Tuigim go gcaithfear costas árachais agus saoráidí a íoc, ach ba mhaith linn níos mó trédhearcacht ar gá an méadú.”
Do shraith na mban, is ar bhunús aonair atá an clárúchán ar an aip Clubforce, ar bhunráta €21 an duine. Tá sé sin difriúil ó chás fhoirne na bhfear, a bhfuil rogha acu níos mó bhaill foirne a chuimsiú chun an praghas a laghdú. Feictear ardú i bpraghas rannpháirtíochta chomh maith, toisc gur ghearrtaí €15 ar gach foireann anuraidh.
Déanann iníon léinn na ceathrú bliana, a bhí ina captaen ar a foireann sa chomórtas anuraidh, cur síos ar na deacrachtaí a bhí aici chun eolas faoi shraith na mban a fháil: “Níl a fhios agam cad atá ag tarlú i ndáiríre…Ní heol dom an bhfuil duine ar bith i gceannas ar reachtáil shraith na mban, fiú”.
Míníonn sí nach mbaineann an t-eolas clárúcháin ar fad ar leathanaigh mheán sóisialta Trinity Sport ach le sraith na bhfear, agus go raibh ar fhoirne na mban an t-eolas a lorg as a stuaim fhéin.
“Sheol mé téacs chuig an leathanach Instagram ag iarradh cén chuma atá ar an tsraith i mbliana, cén chostas atá uirthi, cén leagan amach atá uirthi, agus eolas ginearálta. Ní dúradh liom ach an aip a íoslódáil”.
Chuir sí in iúl gur cheart do spóirt shóisialta a bheith insroichte agus ar phraghas réasúnta, ach ní mhothaíonn sí go bhfuil sé sin fíor maidir le comórtas 5-an-taobh na mban faoi láthair: “Fiú dá mba mhian le duine clárú, ní cheapaim go bhféadfadís é a dhéanamh, fiú.”
Dúirt Coleman nach mothaíonn sé go dtagann sé ar aon bhac ar rannpháirtíocht do shraith chúigear-an-taobh na bhfear. Nocht na beirt mac léinn araon mearbhall maidir leis an scaradh idir foirne na bhfear is na mban ó thús.
Tugann an iar-chaptaen níos mó eolais faoin bhfearg a mhothaigh foirne na mban nuair a tugadh tosaíocht d’foirne na bhfear do Botany Bay agus rinneadar cumarsáid le Trinity Sport maidir leis seo. Ina dhiaidh “glacamar le go bhfeabhsóidh cúrsaí agus d’oibreoidís amach é, ach i ndáiríre chuaigh an scéal in olcas.”
Agus í ag cur síos ar na difríochtaí sa chaoi a chaitear na fir agus na mná, chuir an inion léinn in iúl gur cosúil “nach bhfuil an tsuim céanna faoi na mná” ag Trinity Sport.
Ní hé an chéad am a cuireadh drochíde spóirt na mban i leith Trinity Sport. Anuraidh, fágadh foireann shacar na mhná gan cóitseálaí, cé go raibh triúr chóitseálaí ag foireann na bhfear.
Bhuaigh foireann na mban Roinn 1 de Shraith Shacar na gColáistí is na n-Ollscoileanna ina dhiaidh.
Nuair a chuathas i dteagmháil leo faoi dhifríochtaí eagrúcháin idir na sraitheanna, dúirt Trinity Sport go bhfuil “gach clár go hiomlán oiriúnach agus cuimsitheach do thosaitheoirí.”
Miníodh gur bunaíodh na praghsanna ar fhad an chláir spóirt, le €10 ar chúrsa 4 seachtaine, €15 ar chúrsa 6 seachtaine, agus €20 ar chúrsa 8 seachtaine nó a thuilleadh. Luadh árachas, costais riaracháin, cóitseálaithe, agus trealamh mar mhíniú ar an táille.
Lena chois sin, mhaígh Trinity Sport gur roghnaíodh na sliotáin ama de thoradh an aiseolais ó rannpháirtithe.
D’aibhsigh an iníon léinn íoróin an scéil, ag míniú gur fhíafraigh Trinity Sport di agallamh a dhéanamh léi mar ionadaí spóirt shóisialta na mban, chun plé a dhéanamh ar a gcuimsitheachas agus ar an taitneamh a bhaintear astu. Dúirt sí gur tháinig sí dá hagallamh nuair a fuair sí ríomhphost a dúirt gur cuireadh an t-agallamh ar ceal.
Thosnaigh sraith 5-an-taobh na bhfear ag an 30ú Mheán Fómhair, agus cuirfear tús ar shraith na mban inniu.