Ar 15 Deireadh Fómhair, d’oscail Eispéireas Europa don chéad uair i mBaile Átha Cliath ag 11 Sráid Chatham. Tógtar é mar chuid de Theach na hEorpa. Ba é an oifig idirghníomhach nua de Pharlaimint na hEorpa le cóiríocht oifige de 3,065 méadar cearnach. Tosaíodh an obair thógála i 2021 tar éis ceadaithe de €42.7 milliúin ón gCoiste um an mBuiséad (BUDG) tugtha do Lioncor Developments an iar-Theach Chatham a cheannach agus a athfhorbairt.
Tá Teach na hEorpa (an t-Eispéireas san áireamh) lonnaithe faoi urchar méaróige do Shráid Grafton. Luaigh rapóirtéir an BUDG, Fabienne Keller, tábhacht straitéiseach an tsuímh i mBaile Átha Cliath – go háirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta. Dar léi, bhí sé riachtanach é a lonnú i gcroílár Bhaile Átha Cliath chun an caidreamh idir Éireann agus an tAontas Eorpach a coinneáil agus a neartú.
Níl an t-Eispéireas Europa i mBaile Átha Cliath ar leith. Faightear é i 13 príomhchathracha eile san Eoraip. Dúirt fostaí Cúan Ó Colmáin (mac léinn Léann na hEorpa i gColaiste na Tríonóide), go raibh sé in am trátha a lonnú in Éirinn mar cé go bhfuil meon dearfach ag muintir na hÉireann maidir leis an Aontas Eorpach, de réir na staitisticí bíonn easpa spéise sna toghcháin eorpach:
“An cúis go bhfuil líon daoine íseal, go háirithe in Éirinn, ná easpa eolas faoi cé nó cad dó a bheidh siad ag tabhairt vóta, mar sin ceann de na haidhmeanna de seo [an t-Eispéireas Europa] ná daoine a chur ar an eolas faoi”.
A bhuí leis an teicneolaíocht nua-aimseartha, léiríonn an t-Eispéireas le cabhrú uirlisí ilmhéanach idirghníomhach conas a fheidhmíonn an tAontas Eorpach agus an tábhacht a bhaineann leis. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil – ó phictiúrlann 360, scáileán taispeána idirghníomhach lán le heolas, agus both féinín. Tá taispéantas ealaíne (le Hamilton Gallery) de 100 saothar coimisiúnaithe a cheiliúrann na gnéithe a chuireann áit na hÉireann san Eoraip in iúl.
Tá an eolas ar fad le fáil tríd na ceithre teangacha oifigiúla is fiche san Aontas Eorpach. Le linn na cuairte, is léir go bhfuil béim ar dátheangachas idir an Béarla agus an Gaeilge. Dúirt Niamh Nic Giolla Bhríde, fostaí eile agus iníon léinn socheolaíocht agus Gaeilge i gColaiste na Tríonóide, go bhfuair sí an post de bharr a líofachta sa Ghaeilge:
“Tá Gaeilge ag cuid mhaith de mo comhoibrí, chomh maith le mo mhaoirseoir. Caithim suaitheantas “Labhair Gaeilge liom” agus labhraíonn an chuid is mó de dhaoine Gaeilge liom.”
Is féidir iarraidh ar an bhfoireann turas treoirithe a dhéanamh as Gaeilge nó fiú labhairt Gaeilge leo.
Bíonn an t-Eispéireas Europa oscailte ó 9.30r.n go 17i.n Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine ó 12i.n go 18i.n. Tá saorchead isteach, agus is féidir réamháirithigh turas treoirithe freisin.