Spotsolas Cumainn: An Cumann Gaelach

Déanann Ursula Ní Fhiaich cur síos ar an gCumann Gaelach agus na buntáistí a bhaineann leis

Cad é an cumann is fearr ar champas? Le níos mó ná 120 cumainn de gach sórt, is deacair an cheist sin a fhreagairt. Áfach, creidim gur fíor a rá gurb é an Cumann Gaelach ceann de na cumainn is fearr atá ann. Is é ceann de na cumainn is mó ar champas, agus eagraíonn siad imeachtaí éagsúla chuile seachtain! Ach cad é an Cumann Gaelach, agus cén fáth ar chóir duit páirt a ghlacadh ann? Bhuel, is í aidhm an Chumainn Ghaelaigh ná ‘an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide’. Cuireann an Cumann spásanna agus deiseanna ar fáil chun do chuid Gaeilge a úsáid i do shaol laethúil, idir ar champas agus thaobh amuigh den champas!

Tá spás ar champas ag an Chumann Gaelach ina bhfuil daltaí in ann caint as Gaeilge le chéile, obair a dhéanamh nó cupán tae a ól! Seomra na Gaeilge an t-ainm atá ar an spás seo, agus is tearmann ar champas do mhóran dáltaí é an seomra seo. Tá an seomra ar oscailt ó Luan go hAoine i rith an lae, agus mar sin is féidir dul ansin idir ranganna i gcómhar do shos, nó is féidir cúpla uair a chaitheamh ansin ag déanamh oibre (nó gan obair a dhéanamh agus caint is cómhra in ionad oibre). Bíonn  caife, tae, bainne agus brioscaí i gcónaí ar fáil, agus uair amháin bhí méid aisteach ketchup sa chuisneoir – ní cheapaim go raibh a fhios ag éinne cén fáth… 

“I rith na n-imeachtaí a eagraíonn an Cumann is féidir do chuid Gaeilge a labhairt – agus is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat, tá fáilte roimh chách”

Má tá tú ag iarraidh do chuid Gaeilge a fheabhsú, nó ag iarraidh a bheith ag caint le Gaeilgeoirí eile, is é seo an Cumann foirfe duitse. Tá labhairt na Gaeilge i gcroí an Chumann Ghaelaigh, agus mar sin is iad imeachtaí an chumainn an deis fhoirfe bualadh le daoine nua fosta. Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat – ná bí buartha faoin ghramadach nó mura bhfuil tú líofa, tá an cumann ag iarraidh go bhfuil gach duine in ann ár dteanga a labhairt! Ní hamháin labhairt na Gaeilge atá tábháchtach, tá irisleabhar ag an Chumann ann fosta, darb ainm ‘Tuathal’. Is féidir píosa ealaíne, filíochta nó rud éigin cruthaitheach a ullmhú don irisleabhar!

Tá a fhios agat anois gur féidir leat do chuid Gaeilge a úsáid leis an Chumann Gaelach – ach cad iad na himeachtaí atá ar siúl? Gach seachtain, bíonn ‘Anraith agus Arán’ ar siúl – ní deacair a thomhais cad atá i gceist leis an imeacht seo. Bíonn an t-imeacht seo ar siúl gach Céadaoin ag am lóin i Seomra na Gaeilge, agus nach bhfuil sé ar fheabhas an lón a fháil saor in aisce? De ghnáth bíonn imeacht nó dó eile ar siúl gach seachtain- anuraidh bhí ‘péint agus prosecco’, ‘oíche púl’ agus díospóireachtaí i measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl. 

I rith na bliana tá cúpla imeacht mór fosta – An t-Oireachtas, an ceoldráma agus an turas bliantúil, chun tagairt a dhéanamh ar chúpla ceann! I mí na Samhna, eagraítear turas go dtí an Oireachtas i gCiarraí, agus gach bliain bíonn an chraic, na scéalta agus na feistis ar fheabhas ar fad. Ansin, i Márta, bíonn an ceoldráma ar siúl. Má chonaic tú an seó seo anuraidh, tá a fhios agat gur grúpa cumasach é an Cumann Gaelach, agus má chonaic tú é dhá bhlian ó shin, tá a fhios agat gur grúpa giota craiceáilte iad. Is deis é an ceoldráma chun do chuid Gaeilge a úsáid ar an stáitse, agus tá rólanna eile ann nach dteastaíonn an stáitse. Ag deireadh na bliana, eagraítear turas leis an chumann, in Éireann nó thar lear! Ag an phointe seo, beidh aithne agat ar na daoine eile sa chumann, agus mar sin is féidir dul ar an turas seo leis na cairde nua a rinne tú i rith na bliana. 

Agus sin é! Is dóigh liom go bhfuil cliú agat anois cad atá i gceist leis an Chumann Gaelach, agus go bhfuil tú ag iarraidh dul isteach ann!