Ag druidim i dtreo na Samhna, níl éinne níos iomchuí ná ceann de na haithreacha na litríochta Gotaí, Bram Stoker. Bíonn clú agus cáil air de bharr an leabhar is clúití dá cuid Dracula (1897). Is úrscéal eipistileach é a leanann Count Dracula ó Transylvania go dtí an Bhreatain Mhór, áit ina gciapann sé muintir Whitby. Faraor, baineadh cáil amach dó féin ní ba dhéanaí. Dá bhrí seo, bíonn mistéir ann agus ní fios cén bunús atá leis an scéal. Áfach, a bhuí le bailiúchán dréachtnotaí agus taighde, bíonn roinnt tuairimí ann i measc acadóirí agus reitrice poiblí.
Rugadh Bram Stoker i gCluain Tarbh ar an 8ú lá de mhí Dheireadh Fomhair, 1847. Le linn a óige, ba pháiste míshláintiúla é agus ní raibh sé in ann éirí as a leaba. Cé gur ré-dorcha é dó, ba am d’inspioráid freisin. Mar siamsaíocht, d’inis a mháthair bealóideas Éireannach dó le téamaí osnádurtha agus uafáis. D’éirigh cúrsaí níos fearr nuair a chláraigh sé i gColáiste na Tríonóide. D’imigh an míshláinteas mar a bheadh draíocht ann agus lean sé ar aghaidh a bheith mar fhear rathúil.
Is é an creideamh coitianta atá ann ná go bunaíodh carachtar an teidil ar Vlad Tepes, nó Vlad an Spíce mar atáthar aithne níos fearr air. Ba phrionsa agus taoiseach cogaidh é ó Wallachia (an Rómáin inniu). Glaotar Draculea ar freisin toisc go raibh Vlad Dracula an t-ainm a bhí ar a athair. Bhreac Stoker síos sna dréachnotaí: “Dracula in the Wallachian language means Devil. The Wallachians at that time … used to give this as a surname to any person who rendered himself conspicuous either by courage, cruel actions, or cunning.” Áfach, ba chomhtharlú atá ann de réir an acadóra Elizabeth Miller. Níor thug Stoker riamh cuairt ar Transylvania ach is léir go fuarthas inspioráid d’ainm an príomhcharactair ó Vlad.
D’ainneoin a gceaptar go coitianta, fuair Stoker ionspráid gar don chnámh. Mar a luadh thuas, bhí a óige lán le scéalta osnádurtha buíochas lena mháthair. Agus is é an scéal a chuaigh i bhfeidhm go mór air ná scéal na n-Abhartach. An cuntas scríofa is luaithe ar fáil don Abhartach ná leabhar darbh ainm The Origin and History of Irish Names and Places le staraí Patrick Weston Joyce. Chuir seisean an coinceap de vaimpír i láthair don chéad uair ós comhair an tsaoil. Tosnaíonn an scéal: “There is a place in the parish of Errigal in Derry, called Slaghtaverty, but it ought to have been called Laghtaverty, the laugh or sepulchral monument of the abhartach or dwarf”.
“Bhí draíocht na healaíne duibhe le féith na cruálachta ag an Abhartach agus chuir sé eagla ar mhuintir na háite” Rinne an Taoiseach iarracht fáil réidh leis. Áfach, gach uair, tháinig sé ar ais. Dá bhrí seo, lorg sé comhairle ar an draoi áitiúil. B’é an t-aon bhealach é a mharú go deo ná é a adhlacadh bunoscionn, agus d’oibrigh sé. De réir an chuntas chomhaimseartha (atá níos cosúla leis an tróp vaimpíre atá ann inniu) nuair a d’éalaigh an abhartach bhí fonn ar fuil a óladh. Chomh maith, thóg an Taoiseach comhairle ó naomh Críostaí agus an chomhairle a thug sé dó ná claíomh ó chrann iúir a chur tríd chroí an abhartaigh. Feictear an tionchar ón scéal faoin Abhartach i níos mó ná Dracula amháin, cosúil le Boys from County Hell (2020) bunaithe ar an mbéaloideas seo. Ina theannta sin, deirtear freisin go bhfuair sé spreagadh ó Reilig an Bhaile Bhoicht (nó an plota féinmharfach) freisin. Rinneadh daoine a chuir lámh ina bhás féin a adhlacadh bunoscionn agus cuaille trína gcroí. Ar an lámh eile, bíonn argóintí ann go raibh an leabhar mar chomhthéacs tráchtaireachta ar chúrsaí polaitíochta agus soisialta in Éirinn ag an am. Bhí an gluaiseacht Rialtas Dúchais faoi lán seol le dearcadh frith-choilíneach timpeall na tíre. Ach, b’fhéidir gur áibhéil a mhaíomh go raibh sé seo aidhm Stoker. Tá an scéal áit éigin idir stair agus miotas- níl a fhios go beacht cé acu stair nó miotas atá sa scéal. Ach ag deireadh an lae, ba thionchar ollmhór é Dracula i gcultúr an phobail. Má tá tú ag gleasadh suas mar Dracula an Oíche Shamhna seo, is féidir leat do chairde a mharú le leadrán leis an bhfíric fhána seo. Oíche Shamhna sona daoibh!