Dé Céadaoin 6ú Samhain 2024, dheimhnigh an Coláiste go dtosóidh próiseas earcaithe go luath le dóchas le go méadófar líon na mball foirne in Oifig na Gaeilge. Níl ach fostaí amháin ag obair san Oifig faoi láthair.
I gcomparáid, tá ceathrar fhostaí lán-aimseartha in Oifig Ghaeilge CÓBÁC.
I ríomhphost a seoladh chuig Uachtarán AMLCT/TCDSU, thug Oifig an Phropaist eolas faoi hathbhreithniú Oifig an Rúnaí a rinneadh le linn an tsamhraidh, agus rinneadh roinnt moltaí ina dhiaidh. Is “gníomh amháin a eascraíonn uaidh seo” é méadú líon na mball foirne in Oifig na Gaeilge.
Tarlaíonn an fógra seo tar éis mhíonna dianfheachtasaíochta de chuid AMLCT/TCDSU, go háirithe de chuid Oifigeach na Gaeilge Phádraig Mhic Bhrádaigh, faoin easpa Gaeilge sa Choláiste.
Dé hAoine seo caite, 1ú Samhain, scríobh Aontas na Mac Léinn litir oscailte chuig an bPropast, Linda Doyle, ag éileamh gealltanais go gcomhlíonófar dualgais dleathacha maidir leis an nGaeilge.
Chomh maith leis sin, crochadh bratach ar an gCampainíl agus ‘Cá bhfuil an Ghaeilge?’ scríofa uirthi.
De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, tá dualgas dleathach ar an gColáiste a chinntiú go bhfuil an chomharthaíocht go léir ar an gcampas dátheangach, go bhfreagraítear comhfhreagras leictreonach ar bith a fhaightear i nGaeilge i nGaeilge, go bhfuil 20% d’fhógraíocht phoiblí an choláiste as Gaeilge, agus go mbeidh Gaeilge ar mheánleibhéal uachtarach ag 20% de bhaill foirne na Tríonóide faoi 2030.
D’éiligh AMLCT/TCDSU go méadfaidh Tríonóid maoiniú Oifig na Gaeilge faoi thrí, go bhfostófar beirt bhaill foirne sa bhreis ar a laghad san Oifig, go gcruthófar Plean Ghníomh Gaeilge a gheallann a dhícheall a dhéanamh ar son ollscoile go hiomlán dátheangach, go gcuirfear iniúchadh faoi chomharthaíocht, stáiseanóireacht, agus taifid béil i gcrích ionas go gcinnteofar comhlíonadh le dlíthe teanga, agus úsáid lógó dátheangach na Tríonóide ar a bhfuil an téacs Gaeilge ar cóimhéid leis an téacs Béarla amháin.
Ag labhairt faoin gceist, léirigh Mac Brádaigh go raibh sé sásta go bhfeictear an Coláiste ag obair le hAontas na Mac Léinn chun dul i ngleic leis na ceisteanna a nochtadh, agus gur céim dhearfach é an fógra seo.
“Is céim chun tosaigh í seo” Shoiléirigh Mac Brádaigh tá neart eile le déanamh, áfach. “Níl anseo ach an tús.” Ag déanamh tagartha do reachtaíocht maidir le meánleibhéil líofacht Gaeilge a bheith ag 20% de bhaill foirne an Choláiste, dúirt Mac Brádaigh nach bhféadfadh sé seo a tharlú gan plean gnímh ón gColáiste, agus go leanfaidh an t-Aontas ar aghaidh ag cur brú ar an gColáiste sna míonna atá romhainn. Is í beirt ná méid na mball foirne a bheidh ag obair in Oifig na Gaeilge de thoradh an chinnidh seo.