Cad atá le rá ag na páirtithe polaitiúla fén nGaelainn?

Treoraí gearr ar na bpolasaithe atá ag na páirtithe polaitiúla a bhaineann leis an nGaeilge

Agus an t-olltoghchán ag teannadh linn, is mór an réimse ábhair atáthar ag plé, ach is annamh a phléitear cúrsaí Gaelainne le linn fheachtas olltoghcháin. De dheasca san, chuireamar an t-alt so le chéile ionas chun polasaithe Gaelainne atá ag na páirtithe a léiriú daoibh, ionas go mbeidís inrochtana. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, déarfaidh mé gur sheolamar liosta ceisteanna chuig na páirtithe uile. Is é Sinn Féin an t-aon pháirtí a d’fhreagair ár gceisteanna, cé gur sheol Éire Neamhspleách cáipéis dúinn ina bhfuil a bpolasaithe maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tarraingíodh an t-eolas maidir le polasaithe na bpáirtithe eile óna bhforógraí. Ní bheidh ach achoimre ghearr ann so, agus mholfainn forógraí na bpáirtithe a léamh chun tuilleadh eolais a fháil.

Pobal Roimh Bhrabús 

Geallann siad go n-oibreoidh siad ionas go dtabharfar deis do gach dalta réamhscolaíochta, bunscolaíochta, agus meánscolaíochta a gcuid oideachais a fháil trí Ghaelainn, agus go gcuirfear oideachais go hiomlán trí Ghaelainn chun cinn i gcás na mbunscoileanna. Chomh maith leis sin, ba mhaith leo maoiniú a chur ar fáil ionas go gcinnteofar go bhféadfadh gach dalta freastal ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht saor in aisce ar feadh trí bliana. 

Taobh amuigh den chóras oideachais, solátharófar maoiniú sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, agus tacófar leis na Gaeltachtaí tríd an gComhlacht Tógála Stáit atá molta acu maidir leis an ngéarchéim tithíochta. Soláthrófar €26 milliún sa bhreis do TG4 i 2025, fóirdheonófar ranganna Gaelainne ar ardchaighdeán do dhaoine fásta, agus tacófar leo siúd sna Gaeltachtaí nach bhfuil an teanga acu. Lena chois sin, moltar lipéadú dátheangach a chur ar tháirgí sna siopaí, agus cuirfear rialacháin i bhfeidhm mura ndéanfar é seo taobh istigh de chéad dá bhliain a rialtais.

Fianna Fáil 

Baineann tromlach phleananna Fhianna Fáil leis an gcóras oideachais. Gealltar go dtabharfar cabhair airigid do dhaltaí níos boichte chun freastal ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht. Bunófar clár eolais do naíonraí ionas go spreagfar úsáid na teangan don óige, agus ba mhaith le Fianna Fáil deiseanna Gaelscolaíochta a mhéadú. Maidir le hoiliúint múinteoirí, méadófar líon na gclár oillúna trí Ghaelainn don mhúinteoireacht agus infhesitíocht in oideachas bunúsach na múinteoirí agus cláir forbartha proifisiúnta chun caighdeán múineadh na teangan a fheabhsú. 

Taobh amuigh den chóras oideachais, eagrófar toghcháin dhíreacha do Bhord Údarás na Gaeltachta agus tacófar leis an Údarás chun stad na tithíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú, agus tabharfar ceadúnas craolta do stáisiúin raidió a chraoltar trí Ghaelainn a bheadh dírithe ar dhaoine óga. 

An Comhaontas Glas

I bhForórga an Chomhaontais Ghlais, gealltar go díreach go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán agus go soláthrófar acmhainní sa bhreis don Choimisinéir Teanga ionas go gcosnófar cearta teangan. Tabharfar tús áite d’‘athbhreithniú cuimsitheach’ ar sholáthar seirbhísí meán trí Ghaelainn, agus tacófar le seirbhís neamhspleách nuachta laistigh de TG4. Chomh maith leis seo, gealltar go maoineofar ciste piolótach do phacaistíocht dhátheangach.

Fé chúrsaí oideachais, tá sé mar sprioc acu líon na nGaelcholáistí a mhéadú, agus líon na ndaltaí atá ag foghlaim trí Ghaelainn a dhúbailt. Bunófar ciste do sholáthar chúrsaí tríú leibhéil laistigh den Ghaeltacht, agus maidir le foghlaim na teangan, foilseofar polasaí ar leith ionas go gcloífeadh múineadh na Gaelainne insan chóras oideachais le Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.

Sinn Féin

Tosnófar lena bpleananna oideachais. Laghdófar líon na ndíolúintí ón nGaelainn a eisítear, agus bheadh cur chuige nua a sholáthródh acmhainní sa bhreis dos na daltaí a bhfuil riachtanais sa bhreis acu. Dúblófar soláthar bunscolaíochta trí Ghaelainn sna deich mbliana amach romhainn, agus clúdófar an éileamh fásta ar Ghaelcholáistí a eascródh uaidh seo. Cuirfear an scrúdú cainte ar ais sa Teastas Sóisearach. Chomh maith leis seo, socrófar sprioc ina mbeadh deis ag gach dalta Gaelcholáiste seal a chaitheamh sa Ghaeltacht agus iad insan Idirbhliain. 

Taobh amuigh den chóras oideachais, tá plean ar leith acu maidir leis an tithíocht sa Ghaeltacht, atá le léamh ina gcáipéis ‘Ag Pleanáil don Athchóiriú’. Bunófar Cultúrlainne i ngach contae, agus mhol Sinn Féinn ina mBúiséad Malartach €12.4 milliúin a sholáthar do TG4, agus séirbhís nuachta neamhspleách a bhunú i dTG4. Bunófar stáisiún raidió náisiúnta Gaelainne don óige, agus cuirfear pleann do phacáistíocht agus chomharthaíocht dhátheangach i siopaí is bialanna i bhfeidhm.

Fine Gael

Oibreoidh Fine Gael le hÚdarás na Gaeltachta chun tuilleadh tithíochta a thógaint sa Ghaeltacht. Láidreofar an Ghaelainn i naíonraí agus luathbhlianta na bunscoile sa Ghaeltacht, agus oibreoidh siad chun cinntiú go leanfaidh tradisiún na gColáistí Samhraidh ar aghaidh, chomh maith le scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí. Oibreodh siad chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus tacófar le líonraí Gaelainne lasmuigh den Ghaeltacht. Tacófar leis an teanga sna meáin, leis, le stráitéis Gaelainne le foilsiú ag RTÉ.

Aontú

Cuirfear Scéim Labhartha na Gaelainne i bhfeidhm a thabharfadh airgead do theaghlaigh a bhfuil páistí le líofacht Gaelainne acu. Tacófar le hÚdarás na Gaeltachta chun an fadhb tithíochta inti a réiteach, agus fórbrófar líonraí Gaelainne lasmuigh den Ghaeltacht. Ó thaobh an oideachais de, deirtear ina bhforórga go bhfuil córas na ndíolúintí briste, agus go gcuirfear an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha i bhfeidhm, ionas go nascfar gnéithe an chórais oideachais a bhaineann leis an nGaelainn le chéile. Ba mhaith leo comhlachtaí a dhíolann earraí le lipéadú dátheangach a spreagadh, leis.

Éire Neamhspleách

Baineann an chuid is mó de phleananna Éireann Neamhspleáiche le hÚdarás na Gaeltachta. Cuirfear maoiniú sa bhreis don Údarás chun fostaíocht a sholáthar, agus chun an ghearrchéim tithíochta sa Ghaeltacht a leigheas. Ba mhaith leo infheistiú in infrastruchtúr na nGaeltachtaí chomh maith, mar shampla rochtain ar leathanbhanda ardluais a leathnú. Infheisteofar in áiseanna caithimh aimsire sa Ghaeltacht, leis, do ‘chonaitheoirí Gaeltachta’ agus do thurasóirí araon. 

Na Daonlathaithe Sóisialta

Cuirfear Bille na dTeangacha Oifigiúla 2019 i bhfeidhm go hiomlán, agus gearrfar pionós ar Chomhlacht nó Ghníomhaireacht Stáit nach gcloíonn leis an reachtaíocht maidir le húsáid na Gaelainne. Tacófar le Gaelscolaíocht sna ceantair ina bhfuil ‘spéis ag an bpobal’. Cuirfear níos mó béime ar chumas labhartha i meánscoileanna, agus cuirfear ranganna Gaelainne do dhaoine fásta i láthair, tumoideachas do mhúinteoirí fé oilliúnt insan áireamh. Tacófar le cultúrlanna is caiféanna Gaelainne, agus úsáidfear an teanga in eagraíochtaí idirnáisiúnta, cosúil leis an Aontas Eorpach nó na Náisiúin Aontaithe.

Páirtí an Lucht Oibre

Tá plean acu lipéadú dátheangach a spreagadh agus ba mhaith leo tacú le bunú Gaeltachtaí uirbeacha. Spreagfar aistriú scoileanna lán-Bhéarla go Gaelscoileanna, athbhreithneofar curaclam Ghaelainn na hArdteiste agus córas na ndíolúintí ón nGaelainn agus bunófar ‘Lárionad Náisiúnta um Fhoghlaim na Gaeilge’ de réir shampla na Breataine Bige. Tabharfar cumhachtaí is maoiniú d’Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic le fadhbanna tithíochta agus eacnamaíochta, is soláthrófar maoiniú sa bhreis do TG4.

Pól Ó hÍomhair

Is é Pól Ó hÍomhair Leas-Eagarthóir Gaeilge do Trinity News. Tá sé sa dara bliain ag déanamh staidéir ar an Nua-Ghaeilge agus ar an Teangeolaíocht. Pól Ó hÍomhair is the Irish language Deputy Editor for Trinity News. He is a Second Year student studying Modern Irish and Linguistics.