Tar éis bheith ag obair le Gaeilge365 le cúpla mí anuas, ag déileáil leo siúd i gcroílár na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, b’fhollasach dom gur dream thar a bheith dearfach iad siúd ag comhardú todhchaí na Gaeilge sa phríomhchathair. Seo meon nach raibh cleachtadh agam le ag plé na Gaeilge i gcomhthéacs an chórais oideachas. Bíonn ionadaithe na Gaeilge sa tríú leibhéal agus sa chóras oideachais ag troid in éadan na mala de ghnáth agus níor chabhraigh torthaí an bhuiséid le déanaí chun an cás seo a athrú.
Bunaíodh an feachtas nua Baile Átha Cliath le Gaeilge i 2022 i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge agus Comhairle Cathrach Baile Átha Cliath leis an aidhm chun breis Gaeilge a chloisteáil agus a fheiscint mórthimpeall na príomhchathrach. Déantar seo trí comhlachtaí agus comhluadair a spreagadh chun na Gaeilge a úsáid mar ghné dhíolacháin. Buailtear le gnóthaí áitiúla chun cabhrú leo breis Gaeilge a úsáid agus a gcomhlacht ag úsáid an Phacáiste Tacaíochta Gnó a thugann moltaí agus ábhair thacaíochta cosúil le Ciorcail Comhrá, Pop-Up Gaeltacht, Tae agus Plé agus a leithéid. Tá an deis ag na gnóthaí seo deontais a bhaint amach agus páirt a ghlacadh in imeachtaí cosúil le Lá Mór na Gaeilge, Lá Fhéile Pádraig, agus Borradh mar fheachtas margaíochta freisin. Tá 35 chomhlacht ag glacadh páirte san fheachtas go dtí seo, le Cornucopia, Leamhain, agus Street 66 san áireamh.
Labhair mé le Micheál Ó Nualláin, stiúrthóir Bhaile Átha Cliath le Gaeilge le déanaí chun staid reatha an fheachtais a phléigh. Shocraigh mé ar an alt seo a scríobh nuair a d’iarr mo bhainisteoir orm le déanaí an raibh aithne agam ar chomhlachtaí lónadóireachta le Gaeilge. Ní raibh, faraor, ach chuir sé mé ag smaoineamh faoi éifeacht an fheachtais BÁC le Gaeilge chun tacú le comhlachtaí le Gaeilge.
Is fear inaitheanta i saol na Gaeilge i mBÁC é Ó Nualláin de bharr a pháirte ag bunú Cumainn Lúthchleas Gael na nGael Óg agus mar comhordaitheoir Lá Mór na Gaeilge. Míníonn sé dom gur cruthaíodh feachtais BÁC le Gaeilge bunaithe ar eiseamláir Gaillimh le Gaeilge a bhí cruthaithe sna hochtóidí. Tháinig comhairleoirí ó chúlraí difriúla le chéile mar chuid d’fhochoiste Gaeilge le Comhairle Cathrach Baile Átha Cliath agus d’aontaigh siad gur theastaigh uathu breis Gaeilge a fheiscint agus a chloisteáil taobh amuigh de chomharthaíocht sa chathair. Tá beirt ag obair mar chuid den scéim faoi láthair agus fógraíodh dom go mbeidh siad ag earcú go luath.
Tar éis dó céim a bhaint amach sa Ghnó agus Gaeilge, rinne Ó Nualláin máistreacht i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2019. Dúradh leis ag an am, muna raibh a fhios agat cad le déanamh, bain céim amach sna dána agus sin a rinne sé. Míníonn sé dom nár cheap sé riamh go mbeadh deis aige an Ghaeilge agus an gnó a úsáid in éineacht lena chéile mar mhac léinn agus shamhlaigh sé go mbeadh air díriú ar an múinteoireacht nó obair le TG4. D’athraigh an meon seo nuair a chonaic sé daoine uaillmhianacha ina chúrsa a raibh Gaeilge acu.
Déarfadh Ó Nualláin gurb é an dúshlán is mó don togra go dtí seo ná athrú foirne:
“Nuair a fhágann duine éigin comhlacht nó foireann gnó, uaireanta titeann tóin as an nGaeilge ag an bpointe sin” Sin an fáth, a deir Ó Nualláin, gur gá dóibh míniú do chomhlachtaí go bhfuil luach ag baint leis an nGaeilge dá ngnóthaí, agus gur “unique selling point” í. Tá an méid sin turasóirí ag teacht go hÉirinn faoi láthair, ó na Stáit Aontaithe ach go háirithe, chun nasc a mhothú lena gaolta, agus sin an Ghaeilge dóibhsean! Tuigimid go bhfuil suim agus éileamh do bhreis sheirbhísí turasóireachta maidir leis an nGaeilge go soiléir ón bhfíric go bhfuil “breis is 5 milliún daoine taobh amuigh d’Éirinn ag foghlaim na Gaeilge” (IBEC for Business, 2024). Ó thaighde le déanaí déanta ag Amárach le Gaelchultúr, fuaireadar go raibh dóchúlacht níos airde go n-íocfaidh 41% díbh siúd a rinne an suirbhé do sheirbhís nó táirge le Gaeilge ina margaíocht agus dúirt 21% díbh go n-íocfaidh siad breis do sheirbhís nó táirge a bhaineann úsáid as an nGaeilge. Beart amháin a dhéanann BÁC le Gaeilge ná na 5 frása “Give Gaeilge a Go”. Is iad seo ná; “dia duit”, “ba mhaith liom”, “más é do thoill é”, “go raibh maith agat”, agus “slán”. Tá fuinneamh tógálach ag Ó Nualláin agus é ag labhairt ach b’éigean dom ceistiú cé chomh héifeachtach is a bhí an feachtas go dtí seo? Mothaím go bhfuil an cheist chéanna seo cloiste aige níos mó ná a mhalairt. Deir Ó Nualláin gur cinnte go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil na frásaí in úsáid ró-bhunúsach. Leanann sé air: “Go bunúsach tá an feachtas seo dóibh siúd a bhfuil Gaeilge mheirbh acu chun muinín a mhúscailt iontu” Is comhrá iomlán é duine ag ordú rud éigin. Dar ndóigh, tá sé beagáinín bunúsach ach fós. Ní hí aidhm an fheachtais seo chun cúpla focal a úsáid ach ar mhaithe ruda a bhaint amach. Is sprioc amháin é comhrá do dhuine a bhfuil an Ghaeilge ar chúl aigne acu. B’fhéidir go leanfaidh siad ar aghaidh i ndiaidh seo ag baint breis spriocanna amach má fhreastalóidh siad ar imeacht Gaeilge dá bharr, nó b’fhéidir go músclóidh sé muinín iontu chun a n-imeachtaí féin a eagrú. Leis an bhfreagra seo, táim suite dearfa faoin togra. An chéad cheist eile agam dó: Cad é an chéad chéim eile dóibh? Níl ach freagra amháin aige dom, agus is ceist é: Conas a fhásfaimid? Faoi láthair tá an grúpa i mbun togra chun líonra a chruthú idir comhlachtaí lena bhfuil Gaeilge acu i mBaile Átha Cliath. Insíonn Ó Nualláin dom go raibh Dublin Chamber cúpla bhliain ó shin chun na comhlachtaí uilig a nascadh agus ba mhaith leo seo a athbheochan agus miondíoltóirí a mhealladh chun bheith mar chuid den líonra seo. Mar aon leis seo, tá sé ar intinn ag BÁC le Gaeilge an lasc a chasadh ar an gcaoi go dtagann siad ar ghnóthaí le Gaeilge. Ba mhaith leo anois teacht ar chomhlachtaí le Gaeilge go hinmheánach trí iarradh ar dhaltaí ollscoile a bhfuil Gaeilge acu agus fiosraigh cá bhfuil siad ag obair go páirtaimseartha. Théis an t-agallamh seo mhothaigh mé féin thar a bheith spreagtha agus dearfach faoin todhchaí sóisialta maidir leis an nGaeilge amach anseo. Gan dabht ní bheidh easpa imeachtaí agus deiseanna trí Ghaeilge ar fáil dúinn i ndiaidh na hollscoile agus is cúis dóchais é seo dúinne lena bhfuil deireadh céime ag druidim linn!