“God I hope no one thinks of me as a role model”

Buann Kneecap an duais Allii Proelio ó LawSoc

Os cómhair slua ollmhór sa GMB, bhronnaigh LawSoc an duais Allii Proelio ar an mbanna ceoil Kneecap ar Déardaoin 31ú de Dheireadh Fómhair. B’iad an chéad buaiteoir don dhuais i mbliana.

Tá an duais Allii Proelio i gcómhair daoine a “leathnaíonn radharcanna an phobail” agus is cinnte go bhfuil an duais tuillte ag an mbanna. 

Ag labhairt le Móglaí Bap agus DJ Próvaí, d’inis siad dúinn conas gur bhuail siad lena chéile mar gheall ar phobal na nGaeilgeoirí i mBéal Feirste agus iad ag fás aníos. Tháinig an inspioráid chun ceol hip-hop a chruthú trí Ghaeilge nuair a bhfaca siad easpa ceol nua-aimseartha in Éirinn nach raibh trí Bhéarla. Ansin thug siad achoimre tapaidh dúinn den thuras a bhí acu ónar thosaigh siad go dtí inniu. Faoi láthair, tá Kneecap go mór i mbéal an phobail mar gheall ar a scannán nua a tháinig amach i mbliana, agus bua a gceol agus ceolchoirm.

Cuireadh neart ceisteanna deacra orthu ar ábhair ó pholaitíocht go teanga dhúcasach, ó drúgaí agus a bhfreagracht mar rólchuspaí. D’fhreagair siad go hoscailte agus díreach. Is grúpa an-ghuthach iad faoi fadhbanna polaitíochta agus sóisialta – rudaí a chanann siad faoi ina n-amhráin – agus bhí an iompar céanna uathu sa GMB. Labhair siad faoi stair na Gaeilge agus an troid agus an streachailt a bhí aici mar teanga. Lean siad ar aghaidh chuig ábhar an immircigh agus na riots a bhí i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath le déanaí. Chuir siad béim ar an dtábhacht chun guth a thabhairt dóibh féin nach mbeadh guth acu sa phobal ach ag an am céanna d’adhmhaigh siad go grúpa ceoil iad:

“We’re not here to change the world”

Agus siad ag plé ábhair troma, ní raibh atmaisféar trom ann. Bhí siad an-mhaith ag úsáid an ghrinn chun na ceisteanna a fhreagairt. Nuair a cuireadh ceist orthu faoin a bhfreagracht mar rólchuspa agus iad ag canadh faoin drugaí, d’fhreagair Móglaí Bap go simplí ag gáire: “God I hope no one thinks of me as a role model.”

Tá neart foirm ealaíne déanta acu – ceol, scannánaíocht, amharclannaíocht- agus nuair a ceistíodh é faoi phleananna sa thodhchaí, dúirt Móglaí Bap go bhfuil teilifís á iarraidh aige- go háirithe cláir do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Mhínigh sé nach raibh aon teilifís ar fáil dó agus é ag fás aníos seachas TG4 agus ba bhreá leis é sin a athrú. 

Is léir go bhfuil mórán déanta acu chun radharcanna an phobail a leathnú agus go bhfuil an duais Allii Proelio tuillte acu.

Tara Ní Bhroin

Is í Tara Ní Bhroin Eagarthóir Gaeilge do Nuacht na Tríonóide. Tá sí sa cheathrú bhliain ag déanamh staidéir ar Altranas Leanaí agus Ginearálta/ Tara Ní Bhroin is the Irish Editor for Trinity News. She is in her Senior Sophister year studying General and Children’s Nursing.