Léirmheas ar Hamilton

D’fhreastail Sarah Ní Dhubhghaill ar an gceoldráma cáiliúla Hamilton atá ar siúl san Amharclann Bhord Gáis faoi láthair agus labhraíon sí faoi a taithí

Tá an ceoldráma mór-ráchairte Hamilton le Lin-Manuel Miranda ar siúl san Amharclann Bhord Gáis den chéad uair ón 17ú Meán Fómhair go dtí an 16ú Samhain. Tá an scéal bunaithe ar dhuine de bhunaitheoirí na Stáit Aontaithe, Alexander Hamilton (Shaq Taylor), agus insítear an scéal tríd an gceol agus damhsa i stíl uathúil a mheascann hip-hop, R&B agus ceol clasaiceach. Ní haon ionadh é go bhfuil na ticéid ar fad don cheoldráma díolta, agus bhí an t-ádh orm teacht ar thicéad athdhíola tar éis an méid ama a chaith mé ag éisteacht leis an bhfuaimrian. Bhí mé ar bís chun an sárshaothar a fheiceáil agus is léir go raibh an mothú sin ag gach duine sa slua. Bhí atmaisféar draíochtúil san amharclann. Bhí idir óg agus aosta i láthair agus bhí an slua uilig ag tnúth go mór leis an léiriú. 

Tosnaíonn an seó leis an amhrán Alexander Hamilton, agus tugtar léargas dúinn ar na dúshláin a bhí aige nuair a bhí sé ag fás aníos agus ar a thuras go Nua-Eabhrac. Leantar a shaol trí cheol. Feicimid a chaidreamh lena bhean chéile, Eliza Schuyler, agus a ghairm bheatha ag forbairt. Buailimid le daoine cáiliúla eile, mar shampla an chéad uachtarán na Stáit Aontaithe, George Washington, Rí George III, agus a chéile comhraic, Aaron Burr. Tá mórimeachtaí polaitiúla á léiriú, mar shampla Cath Yorktown, toghchán sa bhliain 1800 agus an choimhlint idir Hamilton agus Burr. Bhí mé tar éis féachaint ar an gcéad taifead de Hamilton agus d’éist mé leis an bhfuaimrian arís agus arís eile, mar sin ag tús an tseó, bhraith mé go raibh sé aisteach na guthanna a chloisteáil ó aisteoirí difriúla. Bhí mé chomh cleachta leis na guthanna ón mbunleagan. Ach de réir mar a lean an seó ar aghaidh, níor thug mé faoi deara an difríocht ar chor ar bith ann. Tharraing an fuinneamh a bhí ag na haisteoirí nua isteach sa scéal mé, cosúil leis an mbunleagan. 

An méid sin ráite, bhí foireann na n-aisteoirí dochreidte ar fad. Bhí amhránaithe den scoth ann agus bhí gach duine lán le fuinneamh. Chomh maith leis sin, bhí siad in ann a bheith ag canadh agus damhsa casta a dhéanamh ag an am céanna. Tar éis dom an dhá cheann a fheiceáil, bhí an damhsa ar an stáitse níos éifeachtaí ná mar a bhí sé sa taifeadadh. Bhí mé ag faire ar na damhsaí i bhfad níos mó ag an seó beo ná nuair a bhí mé ag féachaint ar an seó ar mo ríomhaire glúine. Cheap mé gur sheas duine amháin amach ach go háirithe. B’é Thomas Jefferson (Billy Nerves) an carachtar ab fhearr liom sa cheoldráma mar bhí teacht i láthair aige ar an stáitse. Gach uair a tháinig sé amach, bhí sé lán le fuinneamh agus féinmhuinín agus bhí sé thar a bheith mealltach mar seo. Bhí sé ábalta an lucht féachana a tharraingt isteach lena láthair ar an stáitse agus rinne sé idirghníomhaíochtaí greannmhara leis an slua, go háirithe nuair a thainig sé abhaile ón bhFrainc agus é ag canadh What Did I Miss.

Ní hamháin gur ceoldráma mór-ráchairte é, ach is bealach iontach é freisin le stair a fhoghlaim tríd an gceol agus an damhsa. Mar dhuine a bhfuil an-suim sa stair agam, is breá liom an cur chuige seo mar go ndéanann sé cúrsaí staire níos intuigthe agus siamsúla do ghach aoisghrúpa. D’fhoghlaim mé go leor rudaí nach raibh a fhios agam riamh nuair a chonaic mé an ceoldráma don chéad uair. An fhíric is fearr liom ná gur oscail Eliza Schuyler dílleachtlann i gcuimhne Hamilton tar éis a bháis. Dar liomsa go bhfanann an t-eolais leat níos faide nuair atá an stair curtha i dtreo siamsúil. Mar a dúirt mé roimhe, tá sé díolta amach ach mholfainn d’éinne ticéad a fhail más féidir. D’éinne a bhfuil ticéad acu cheana féin, bain sult as an seó uathúil draíochtach!